Seán a' Chaipín (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
Posted on Sunday, December 19, 2004 - 12:31 pm:
An bhfuil cóip den leabhar seo le fáil in aon chuid amháin (aon leabhar amháin) mar feicim ar http://www.litriocht.com go bhfuil breis is 30 cuid san eagrán atá le díol acusan?
Seosamh Mac Muirí (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
Posted on Tuesday, December 21, 2004 - 07:36 am:
Tá roinnt foinsí a dtabharfaidh sibh taitneamh dóibh so-aimsithe go leor ar an líon a chairde. An té ar spéis leis Seathrún agus a chuid oibre, gheofair Foras Feasa ar Éirinn anseo thíos: http://celt.ucc.ie/published/G100054/ . Tá trácht ar Seathrún agus ar a shaothar ag lámhscríbhinní Chnoc Mellerí: http://www.isos.dias.ie/irish/index.html Tá leagan eile de FFÉ ar fáil ag ls. (lámscríbhinn) uimhir 1 sa bhailiúchán sin ag Cnoc Mellerí.