Ar dtus, an nuachtán….
…agus anois, an Cultúrlann….
http://www.culturlann.ie http://www.nuacht.com/story/?cat_id=1&newsid=8428 ‘Díbhinn an dearmaid’: Cultúrlann i mbaol de bharr ollchiorrú Fhoras na Gaeilge
Tá ceann de na príomhfhiontair Ghaeilge sa tír ar fad i mbaol a dhúnta de bharr chinneadh Fhoras na Gaeilge ciorrú 40% a dhéanamh ar mhaoiniú Chultúrlann McAdam Ó Fiaich, tugadh le fios do Lá, inné.
Dar le duine de bhunaitheoirí na Cultúrlainne, Séamus Mac Seáin, caillfear poist agus gach seans go mbeidh sé ródheacair an t-ionad cultúrtha, atá ina shéadchomhartha i dtírdhreach na Gaeilge, a choinneáil ar oscailt dá bharr.
Inné a fuair an Chultúrlann an drochscéal i litir ó Fhoras na Gaeilge ach níor tugadh aon mhíniú sa litir ar an chúis ar gearradh maoiniú an Fhorais nach mór ina leath, ó £100,000 in aghaidh na bliana go dtí £60,000.
Tuigtear don nuachtán seo go bhfuil litreacha seolta amach chuig fiontair eile ar fud an oileáin, le laethanta beaga anuas, agus is cinnte go mbeidh grúpaí atá ag obair ar an talamh i ngort na Gaeilge imníoch go leor faoi chiorruithe a bheith i ndán dóibh fosta.
Thug urlabhraí an Fhorais le fios nach raibh sé sásta labhairt ar iarratas faoi leith ar bith ach dúirt sé go raibh measúnú déanta ar na tograí a cuireadh isteach faoin scéim, Tograí Pobail, féachaint an raibh siad ‘ag teacht le polasaithe an Fhorais’.
“Mas é tuairim Fhoras na Gaeilge nach bhfuil an Chultúrlann, ceann de na fiontair Ghaeilge is bisiúla agus is fadradharcaí ní hamháin i mBéal Feirste ach b’fheidir sa tír ar fad, más é a thuairim nach bhfuil an Chultúrlann ag teacht lena gcuid polasaithe, ní mór ceist a chur faoi cad iad polasaithe agus tosaíochtaí an Fhorais,” arsa an tUasal Mac Seáin.
“Nuair a síníodh Comhaontú Aoine an Chéasta, gealladh do gach sciar den phobal go mbeadh cuid de dhíbhinn na síochána acu. Is cosúil anois gur díbhinn an dearmaid atá i ndán do phobal na Gaeilge.
“Is dona an mhaise a cheapadh gur Foras na Gaeilge seachas roinn rialtais de chuid rialtas na Breataine nó an seanfheidhmeannas aontachtach ó thuaidh a rinne an cinneadh tubaisteach seo.”
Dúirt urlabhraí an Fhorais go ndearnadh measúnú ‘teann’ ar na tograí a cuireadh isteach faoi scéim na dtograí pobail.
Ní raibh an t-urlabhraí sásta a rá cé a bhí ar na fo-choistí a rinne an cinneadh seo, ag rá nach raibh sé cothrom do bhaill na bhfo-choistí seo go n-ainmneofaí iad go poiblí mar go rabhadar ag obair go deonach.
Íoctar táille bhliantúil sa bhreis ar £4,000 le gach comhalta boird ar Fhoras na Gaeilge.
Dhearbhaigh an t-urlabhraí go raibh feidhmeannaigh an Fhorais ar na coistí fosta.
Concubhar Ó Liatháin