Bhí mé sa tráth bliana leis an gcáin bhóthair a íoc anseo i Luimneach na Long. Chuardaigh mé suíomh na comhairle ach ní raibh le fáil agam ach suíomh iomlán Béarla:
http://www.limerickcoco.ie Chuardaigh mé foirm Ghaeilge ach ní raibh le fáil ach foirmeacha Béarla agus leagan Béarla na foirme a theastaigh uaim féin ina measc:
http://www.lcc.ie/motortax/docs/Motor%20Tax.pdf Thairis sin, tá ceann nó dhó ar fáil i nGaeilge nó sa dá theanga:
http://www.lcc.ie/search/index.asp?query=foirm+Ghaeilge Thiomáineas isteach agus bhain an oifig amach ag 14.45 i.n. Ghlac mé ticéad scuaine ag an doras. Chuardaigh dóigh agus andóigh ach dá méid foirmeacha a bhí romham san oifig ní tháinig mé ar oiread is ceann amháin Gaeilge.
Thugas faoi deara ar ball go raibh roinnt bheag daoine ina seasamh i scuaine de leataobh ag cuntar Enquiries - Eolas. Dhruid mé isteach leo. D'iarras, nuair a fuair mé an deis ar ball, leathbhreac na foirme RF100 A agus shín ceann bán an Bhéarla isteach. Aithníodh i nidiaidh an tríú abairt gur Gaeilge a bhí á labhairt agam, sin, nó bhíothas ag súil go gcasfainn féin mo theanga. Theip ar an oifigeach ceann a aimsiú taobh thiar den chuntar agus tháinig amach ag ransú san áit ar ransaigh mé féin roimhe sin. Bhí leath an tseomra ag cur spéis san eachtra, mé féin ag faire ar an obair chomh maith leo. Isteach arís taobh thiar den chuntar. Mhínigh dom 'tá beagán Gaeilge agam' agus chuardaigh roinnt eile arís taobh thiar. Níor bhraitheas aon naimhdeas uirthi, caithfidh mé a rá, agus tá tábhacht le sin. D'éirigh sí as agus thug aghaidh isteach i mbolg an fhoirgnimh ar feadh tamaill. Tháinig amach agus foirm ar iompar aici agus aoibh an fhaoisimh ar a héadan. Ghlacas buíochas léi, chuaigh de leataobh agus chrom ar a líonadh.
Bhí sé líonta agam roimh 15.15 i.n. Bhí tairbhe fós i m'uimhir scuaine agus dhruideas leis an gcuntar ar ball lena íoc. Gheit an t-oifigeach seo dar leat ar amharc na foirme Gaeilge i dtosach, ach ghlac misneach de réir a chéile. Bhí an comhad i ndiaidh oscailt ar an ríomhaire agus bhí na foirmeacha páipéir go léir agus airgead liom. Labhair sí cúpla focal Gaeilge liom. Bhailigh mé mo chuid bileog i ndiaidh na hoibre go léir agus d'fhágas slán aici. Bhraith mé uirthi go raibh sí sásta plé le duine a bhí ag feidhmiú beo beathúch i nGaeilge.
Sin mo scéala.
Go bunúsach, caithfidh na foirmeacha Gaeilge a bheith ar fáil i GCÓNAÍ. Ní chreidim go n-iarrfaidh daoine eile iad mura mbíonn siad rompu.
Bhí bean amháin i láthair a chonaic an eachtra ar fad. Bhíos ag caint léi roimhré. Bheannaigh sí dom i nGaeilg ach níl sí seo líofa. Tuigtear dom go bhfuil sí ag freastal ar rang Gaeilge agus gurbh shin an fáth gur bheannaigh sí i nGaeilge. Déarfainn gur scanraíodh í nuair a chonaic sí mé ag glacadh leis amhail is go raibh mé seanchleachtaithe leis an bhfódseasamh seo. Is dóigh go bhfuil ach bhí foirmeacha Gaeilge ar fáil san oifig áirithe seo faoi dhó cheana agus shíl mé go raibh sé aisteach iad a bheith ar iarraidh an babhta seo i ndiaidh na reachtaíochta a tharraing uisce lenár gcár go léir. Tá a fhios agam go nglacfaidh sé tamall an saol a chur ina cheart ach caithfidh roinnt againn, muintir BEO.ie agus aos eile na Gaeilge, abraimis, a bheith sásta an cheist a chur faoi na seirbhísí éagsúla.