Author |
Message |
Finn (Unregistered Guest)
Unregistered guest
| Posted on Thursday, December 09, 2004 - 11:57 pm: |
|
Conas atá sibh? Táim ag scríobh cúpla aiste anocht ach nílim ro-cinnte mar gheall ar mo chuid gramadaí. An bhfuil aon duine amach ansin le níos mó muiníne acu ar an t-ábhar seo? Tá an chéad aiste ionann is críochnaithe, ach b'fhearr liom má thugann duine éigin rothail léite air. Beidh mé buíoch díot. |
|
Seosamh Mac Muirí (Unregistered Guest) Unregistered guest
| Posted on Friday, December 10, 2004 - 07:08 am: |
|
Chuireas spéis in do 'rothail léite' a Fhinn. Níl éinne againn ag cuardach an iomad oibre ach scaoil linn a bhfuil agat mar shleachta aiste agus is féidir linn súil sciobtha a chaitheamh uirthi. |
|
Fear_na_mbróg
Member Username: Fear_na_mbróg
Post Number: 321 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, December 10, 2004 - 09:50 am: |
|
ro-chinnte aon duine amuigh ansin ar an ábhar |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 15 Registered: 11-2004
| Posted on Friday, December 10, 2004 - 03:18 pm: |
|
ró-chinnte :-) |
|
Finn (Unregistered Guest) Unregistered guest
| Posted on Sunday, December 12, 2004 - 07:21 pm: |
|
Go raibh míle, a chailleacha. Is é seo an chéad aiste. Níl sé ach 460 focail. Beidh mé buíoch díbh as do chabhair. 'Bíonn mic léinn ró-óg agus iad ag dul go dtí an ollscoil' Táim idir dhá comhairle ar an ábhar seo. Braithim go bhfuil an córas coitianta níos fearr mar bíonn intinn na nóg níos tapúla agus gabhálach i gcomparáid daoine fásta. Ina theannta sin, ní bhíonn chomh-minic freagrachtaí ag déagóirí agus déanann éascaíocht a gcuid foghlaim. Airím go bhfuil an cás i gcoinne ag dul go tríú leibhéal chomh hóg go an-fheidhmiúil freisin, áfach. Go feiceálach, nuair a thosaíonn tú ar ollscoil mar duine fásta, teastaíonn tú a bheith ann agus cuireann san cruth eile ar fad ar an scéal go minic. Cruinníonn an aiste seo ar na buntáistí agus míbhuntáistí a bhaineann le ag freastail ollscoile nuair atá tú óg, agus cruthaíonn sé nach bhfuil aon freagra díreach do cheist seo. Bíonn an chuid is mó daoine ag tosú tríú leibhéal aimhréiteach maidir leis a gcuid rogha do ábhair agus coláiste. Chomh maith le sin, bíonn fadhbanna éagsúla ina shaol pearsanta. Ach seo iad coitianta le cách. Is é easpa an fhéinaithne an rud a mbíonn difriúil leis an suíomh na daoine fásta. As mearbhall seo, claonann mórán mac léinn i dtreo a bheith anabaí. Ach ní dóigh liom go bhfuil formhór mic léinn anabaí- tá siad óg, agus táid ag gníomh a aoise. Ar aon chaoi, is féidir leo gréasán tacaíochta a thógáint agus foghlaim scileanna nua nuair a táid i tríú leibhéal. Tá an domhan ar a chos. Rud eile dhe, fásann a gcuid muiníne ansin agus tagann siad amach níos muiníní i ndiaidh ag fáil tríd gach dúshlán san ollscoil. Go buan, bíonn siad níos cinnte mar gheall ar a cumas gnóthaithe freisin. Ar an lámh eile, tháinig go leor mac léinn go coláiste gan suim nó grá acu don ábhair atá siad ag déanamh staidéir. Chomh minic lena athrach, táid anseo mar thoradh de bhrú ag teacht ó a thuismitheoirí agus a leithéidí. Leanaid a chéile ar nós na lachan go minic mar níl siad cinnte fúthu féin. Níl sé an spreagadh ceart i mo thuairim agus, lena chois sin, b’fhéidir dá tiocfaidh siad go ollscoil níos déanaí go ndéanaidís rogha níos fearr. B’fhéidir go gheobhaidís amach na hábhair a thaitníonn leo seachas ag leanúint a cairde nó ag tógaint an ábhair is galánta. Chomh maith le sin, bíonn daoine fásta níos díograise mar bhí siad ag obair agus caitheann siad luach oideachais a ardú. Is ábhar achrannach é. Níl dóthain daoine fásta ag dul go ollscoil inniu; chuir Roinn an Oideachais an bhéim ar dul chun cinn tríú leibhéal mar áit do dhaoine óga fós. Teastaíonn uathu an polasaí seo a athrú chun daoine fásta a mhéalú. Ach, tá a lán buntáiste a bhaineann le córas i gcúrsaíocht. Cosúil leis an chuid is mó rudaí sa tsaoil, déanaidís meascán idir an óige agus daoine níos sine níos cothroma. |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 18 Registered: 11-2004
| Posted on Monday, December 13, 2004 - 11:09 am: |
|
na n-óg i gcomparáid le daoine (sílim) [ ní bhíonn chomh-minic freagrachtaí ag déagóirí agus déanann éascaíocht a gcuid foghlaim]??? ní bhíonn freagraí acu? Ní thuigim an abairt seo. Ná scríobh 'ag' nuair a úsáideann tú an t-ainm briathar mar ábhar - m.s. a bhaineann le [ag ]freastail (ar) ollscoile. go dtí an tríú ... Sín cúpla rud ón chéad pharagraif duit. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 600 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, December 14, 2004 - 04:25 am: |
|
Freagrachtaí atá i gceist, is dóigh liom Agus is fuath liom an bhéarlagar a bhainnean le "eascú" (facilitation sa Sács Bhéarla) quote:Ina theannta sin, ní bhíonn chomh-minic freagrachtaí ag déagóirí agus déanann éascaíocht a gcuid foghlaim Ina theannta sin, is lú curaimí a bhíonn ar dhéagoirí, rud a fhágann go bhfuil sé níos fusa acu diriú ar fhoghlaim. freagrach [aidiacht den chéad díochlaonadh] cúram ruda a bheith ort, cuntasach; áiseach, oiriúnach (dá mbeadh an lá freagrach); ag teacht nó ag réiteach le. |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 19 Registered: 11-2004
| Posted on Tuesday, December 14, 2004 - 10:16 am: |
|
"go bhfuil sé níos fusa acu diriú ar fhoghlaim." go mbíonn sé níos fusa dóibh díriú ar an bhfoghlaim. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 617 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, December 14, 2004 - 10:56 am: |
|
Seasaim leis an méid a scríobhas, ach ní doigh liom go bhfuil faic mícheart le do leagan. Cé go bhfuil amhras orm faoin "dóibh" sin agat, san ait go bhful acu" agamsa. |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 21 Registered: 11-2004
| Posted on Wednesday, December 15, 2004 - 10:49 am: |
|
Suimiúil. Is beagnach ionann an méid samplaí atá ann in google díobh araon, 'do' agus 'ag.' |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 627 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, December 15, 2004 - 10:52 am: |
|
Tá leath tuairim agam go luíonn canúint amháin le leagan amháin seachas an ceann eile. Dar ndóigh Gaeilge saor ó chanúint atá agamsa . |
|