Sínígi an t-achainí, a cháirde…..
http://www.petitiononline.com/32130966/petition.html As Lá….
Lá v Goliath
Ar dtús rinne an Sunday Independent agus nuachtáin eile Sir Anthony O’Reilly iarracht stop a chur le bunú Theilifís na Gaeilge.
Anois tá an grúpa nuachtán is mó sa tír ag léiriú an fhrith-Ghaelachais arís nó is cosúil go bhfuil siad ag iarraidh deireadh a chur leis an aon nuachtán laethúil amháin Gaeilge in Éirinn.
Nó in alt sa Sunday Independent inné, faoin cheannteideal “La (sic) is living in la la land”, maíodh go raibh an nuachtán ag cur an lochta san éagóir ar aontachtaithe as ucht iarracht a dhéanamh maoiníu don nuachtán a ghearradh.
Tugadh le fios fosta, go míchruinn, go raibh an nuachtán tar éis £250,000 a fháil i 2004 ó Rialtas na Breataine anuas ar €250,000 ó Fhoras na Gaeilge.
Is léir nár phléigh an nuachtán an scéal leis an Tiarna Laird nó chuaigh seisean ar an taifead i Lá in eagrán na hAoine agus, i mBéarla, ar an suíomh idirlín,
www.sluggerotoole.com.
Ar an suíomh sin, dúirt an Tiarna Laird go neamhbhalbh gur thug sé rogha don dá rialtas - comhionannas maoinithe punt ar phunt a bheith idir an Boord o’Ulster Scotch agus Foras na Gaeilge nó airgead na Gaeilge a ghearradh.
San alt sin dúirt an Tiarna Laird:
“It’s true that I asked questions in the Lords, but it was never my intention that people in Lá would lose their jobs.
“I was simply giving the governments two choices.
“Bring us up to the level of funding that Irish gets, or cut Irish down.”
Ar an Aoine d’fhag Lá slán le Ciarán Dunbar, an chéad fhostaí le post a chailleadh mar thoradh ar an mbagairt seo don nuachtán.
Bainisteoir dáileacháin is margaíochta an nuachtáin ab ea é Ciarán, iarchéimí ó Ollscoil na Ríona i mBéal Feirste.
Tá an nuachtán le hiriseoir a chailleadh go luath agus gearrfar an líon laethanta a mbeidh an nuachtán á fhoilsiú go ceithre lá in aghaidh na seachtaine - Luan go Déardaoin - ag tosú an tseachtain seo.
Beidh cuimhne ar go leor de léitheoirí Lá ar an bhfeachtas nimhneach a reachtáil an Sunday Independent in éadan bhunaithe TnaG roimh 1996 agus an bealach ar lean siad leis an ionsaí ó shin.
Is féidir tacú le Lá trí an achainí idirlín a shíniú ag
www.PetitionOnline.com/32130966/petition.html.
Tá breis is 1200 tar éis an achainí idirlín a shíniú agus tá na céadta eile tar éis teachtaireachtaí tacaíochta a chur isteach go dtí an nuachtán.
Is féidir tacú le Lá fosta trí síntiús a ghlacadh leis an nuachtán.
Tá POBAL, scátheagras na Gaeilge sna sé chontae ag reachtáil cruinniú poiblí faoin bhagairt do thodhchaí Lá ar 14 Nollaig sa Chultúrlann in iarthar Bhéal Feirste
Bhí Lá agus grúpaí eile i bpáirt le POBAL nuair a reachtáil an scátheagras feachtas ar éirigh leis le maoiniú a gearradh ó bhuiséad Fhoras na Gaeilge i 2002 a fháil ar ais. D’éirigh leis an bhfeachtas sin agus thug Príomhfheidhmeannach an Fhorais, Seosamh Mac Donncha, le fios nach ndearmadfaí cé a sheas leis an Fhoras in am an ghatair.
Concubhar Ó Liahtáin
****************************
As an Sunday Independent…. (uafásach!)….
“La” is living in la la land
THE Irish-language daily La has blamed a campaign by Lord Laird and Lady Sylvia Hermon for its decision to lay off two staff and cut production to four days a week.
The whingeing republicans always find someone else to blame for their travails.
"The Andersonstown News Group has kept La afloat by investing over stg£150,000 in the paper since it went daily in April '03. However, with funding from INTERREG and Foras na Gaeilge being blocked at the instigation of Lord Laird and Lady Hermon, jobs have to go," said La editor, Ciaran O Pronntaigh. "Both these developments are the direct result of unionist pressure on a local civil service only too willing to block an Irish-language newspaper." This is just not true.
Foras na Gaeilge, which gave La €250,000 already this year, is adamant that no political pressure has been brought to bear. Brendan Mac Craith said that La applied for more money under a community scheme to promote the Irish language, but Foras na Gaeilge decided this was not the right scheme to fund this project. They have set up a special committee to find a suitable scheme to give the whingers in La more money.
That's on top of the stg£250,000 they also take from the British government.
La, part of the Andersonstown News Group, is trying to blame anybody it can. Maybe it should look at how it runs its business before lashing out at those trying to help it.
Liam Collins
Scríobh…