Author |
Message |
Breacban
Member Username: Breacban
Post Number: 7 Registered: 11-2004
| Posted on Thursday, December 02, 2004 - 09:45 am: |
|
an bhfuil a fios ag aon daoine maidir leis an cupla fhocal a d'airaigh me le gairid. is "meid" an cheann acu, agus an dara cheann "is amhlaidh". ceapfainn gur "is meid? ata se?" an phraisi iomlain. is an dara fhocal an-cotienta ach, nil an miniu solier i mo fhocloir fein. |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 10 Registered: 11-2004
| Posted on Thursday, December 02, 2004 - 10:04 am: |
|
Is amhlaidh nach dtuigeann tú, déarfainn. 'thus' a thugtar ar de ghnáth, ach tá níos mó ann. 'it's apparent' b'fhéidir. Rinne seiseann rud, agus rinne mé amhlaidh (likewise). Ní thuigim an méad eile de do cheist - comhthéacs, le do thoil. |
|
Fear_na_mbróg
Member Username: Fear_na_mbróg
Post Number: 308 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, December 02, 2004 - 10:08 am: |
|
méid = amount Sin an méid. = That's all. An méid iomlán. = The entire amount. Is amhlaidh = so, thus Is amhlaidh gur aimsigh sí. = It so happens that she found out. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 506 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, December 02, 2004 - 10:16 am: |
|
Tá an dá méid ann, agus bríonna gaolmhara acu! méid [ainmfhocal firinscneach den cheathrú díochlaonadh] líon, uimhir, tomhas, suim (an méid airgid atá acu, an méid oibre a rinneadh, an méid agaibh atá i láthair). méid [ainmfhocal baininscneach den dara díochlaonadh] toirt, téagar (tá méid mhór dá aois ann, tóg iad de réir méide; ag dul i méid). |
|
Breacban
Member Username: Breacban
Post Number: 8 Registered: 11-2004
| Posted on Thursday, December 02, 2004 - 10:36 am: |
|
thit an spriocanna sibhse. gma bb |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 509 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, December 03, 2004 - 05:08 am: |
|
A Bhreacmhnaoi! Céard a bhí i gceist agat? "Hit the mark" an ea? D'aimsigh sibh an sprioc, mar sin. |
|
Breacban
Member Username: Breacban
Post Number: 9 Registered: 11-2004
| Posted on Friday, December 03, 2004 - 07:57 am: |
|
a aonghus, is docha gur saineolaiocht gailge tusa, ach taim cinnte nach bhfuill neart tuiscint agat mar gheall ar an timpeallacht. fagin pardun agam fresin le mo bhotuin. breacbán. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 512 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, December 03, 2004 - 10:24 am: |
|
Anois tá mearbhall cheart orm. Cén baint atá ag an méid atá idir chamáin againn anseo leis an dtimpeallacht? Anois tuigim (seans). Tuigim nach dtuigim d'ainm chleite! Cheap mé gurbh "breac" agus "ban" a bhí i gceist, eadhon "speckled woman". Cén brí cheart atá leis, a Bhearnard? (Message edited by aonghus on December 03, 2004) |
|
Breacban
Member Username: Breacban
Post Number: 10 Registered: 11-2004
| Posted on Friday, December 03, 2004 - 11:33 am: |
|
is amhlaidh nach dtuigeann tu mo lugainm (nickname?). dar gcionn an miniu. ba brea liom a bheith ag iascaireacht i rith an samradh. chuile blian tugtar na farrainge breac ban on saile thuas na struthan i n eireann. is cineall eisc a dthugfainn mo lugainm ina dhiadh ar, mar is gnath chaill se a miniu i n aistrucain. s bb |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 514 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, December 03, 2004 - 12:17 pm: |
|
Leasainm Breac geal atá ar an t-iasc silím? chuile blian tugtar na farrainge breac ban on saile thuas na struthan i n eireann Chuile bliain tagann na ? (sluaite, seans - níl fhios agam cén focal atá uait) ón saile suas na srútháin Is i ndiadh cinéal éisc a thóg mé mo leasainm (Is fearr liom fhéin "ainm chleite") Dála an scéal, bíonn gá le ainmfhocal le "dár gcionn", mar shampla "an lá dár gcionn". Bheadh "leanann an miniú" níos fearr, sílim. (Message edited by aonghus on December 03, 2004) |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 11 Registered: 11-2004
| Posted on Friday, December 03, 2004 - 01:13 pm: |
|
Leasainm = nickname logainm = place name Breac Bán Chuile bliain tugann (seolann) an fharraige na bric bhán ón sáile dúinn suas na srutháin in Éirinn. Is cineál éisc é. Thóg mé mo leasinm uaidh. Mar is gnáth, chuaigh sé ar strae san aistriúchán. Maith thú. Mura bhfuilimid sásta Gaeilge bhriste a úsáid, ní bheidh Gaeilge cheart againn riamh. Molaim duit na habairtí a choimeád chomh simplí agus is féidir leat, ar dtús. Bíonn slí eile ann i gcónaí chun gach rud a rá. |
|
Breacban
Member Username: Breacban
Post Number: 11 Registered: 11-2004
| Posted on Friday, December 03, 2004 - 01:18 pm: |
|
i loch garmain thug muid an tainm "white trout" ar an an t-iasc sin. nior chuala me dada i dtaobh an "bright trout". caithfidh me ag meascann le daoine cotienta!!! ar bruach na ait an aighir. sbb |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 518 Registered: 08-2004
| Posted on Saturday, December 04, 2004 - 11:06 am: |
|
A Bhric bháin Is minic "geal" sa Ghaeilge nuair atá "white" i mBéarla, mar shampla: fíon geal - white wine duine geal - white person Breac geal atá ag Tomás Ó Máille |
|
Fear_na_mbróg
Member Username: Fear_na_mbróg
Post Number: 311 Registered: 08-2004
| Posted on Sunday, December 05, 2004 - 02:54 pm: |
|
Anyone know why a black person is "duine gorm"? or why when you're sunburnt, that you're said to be "buí ón ngréin"... ? |
|
Pádraig
Member Username: Pádraig
Post Number: 72 Registered: 09-2004
| Posted on Sunday, December 05, 2004 - 03:22 pm: |
|
I thought black person was "gormán." I don't know what cornflowers look like, but perhaps there's some association there. Just looked up negro (an unpopular designation here in the States) and the foclóir gives gormach as Béarla. Up in the northeastern U.S. I recall anthracite coal being referred to as "blue coal." A Mhaidhc, run outside to one of those culm dumps and see if any of the coal looks blue. (Message edited by pádraig on December 05, 2004) (Message edited by pádraig on December 05, 2004) |
|
Fear sa chúinne (Unregistered Guest) Unregistered guest
| Posted on Sunday, December 05, 2004 - 03:29 pm: |
|
Fágaigí bhúr mBearla ag doras an tí seo, le bhúr dtoil, a chairde. |
|
Pádraig
Member Username: Pádraig
Post Number: 73 Registered: 09-2004
| Posted on Sunday, December 05, 2004 - 03:49 pm: |
|
Cén fáth? |
|
Jonas
Member Username: Jonas
Post Number: 550 Registered: 08-2004
| Posted on Sunday, December 05, 2004 - 04:51 pm: |
|
Is í Gaelainn teanga na h-áite seo, féach thuas: "Comhrá Oscailte as Gaeilge (Irish Only)", ach tá fáilte is fiche romhat Béarla a labhairt sa "General Discussion (Irish and English)" |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 529 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, December 06, 2004 - 04:24 am: |
|
Maidir le Fear gorm. An tuairim (agus níl ann ach tuairim!) atá agam fhéin ná go raibh dhá bhrí cheana le fear dubh i nGaeilge. fear dubh = fear le folt gruaige dubh An Fear Dubh = an diabhal Agus tá treibheanna airithe san Afraic a bhfuil loinnir ar a gcneas a chuireann cuma dúghorm orthu - seans gurbh as sin a tháinig. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 531 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, December 06, 2004 - 04:42 am: |
|
|
|
Fear_na_mbróg
Member Username: Fear_na_mbróg
Post Number: 314 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, December 06, 2004 - 06:30 am: |
|
Maith dom as m'úsáid Béarla, rinneas dearmad go rabhas sa chuid Gaeilge den fhóram! Is le haoibhinn a fhágfaidh mé lasmuigh an dorais é! |
|
Breacban
Member Username: Breacban
Post Number: 12 Registered: 11-2004
| Posted on Monday, December 06, 2004 - 06:51 am: |
|
ta an stair gaeilge lan de tracht mar gheall ar an "fear buidhe". bfeidir gur chuala sibhse i dtaobh an fear darb aimn "fireball" mac namara. an leas aimn eile a thugadh air "sean buidhe". Is ceannaire muintir mac connamara ab e. ta an ni ceanna ag tracht maidir leis na cineall aoganacht agus an cineall eile go minic. ta se solieir dom go mbeadh an luaite traithi peasanta seo ag baint leis an faoinse daoine eireannach. sbb http://www.clarelibrary.ie/eolas/coclare/people/fireballmac.htm |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 532 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, December 06, 2004 - 10:46 am: |
|
An ghnáth ciall atá le Fear Buí ná ball den Ord Oráisteach; Thaining an téarma úd ó Liam Oráiste. Tá crann oráiste mar chuid de armas an sliocht úd san Isealtír onár shiolraigh Liam. Ach bíonn "buí" mar chuir síos ar dath craiceann dhaoine freisin. |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 12 Registered: 11-2004
| Posted on Monday, December 06, 2004 - 11:45 am: |
|
B'ionann buí agus flannbhuí mar dhathanna. B'ionann gorm is corcra, freisin. |
|