Author |
Message |
Seosamh Mac Muirí (Unregistered Guest) Unregistered guest
| Posted on Friday, November 26, 2004 - 09:19 am: |
|
Chonaic sibh lucht sceamhlaigh le tamall ag saighdeadh faoi ghnóthaí Gaeilge sna meáin Bhéarla, measaim. Measaim a deirim mar ní minic a fheicim iad, mar nuachtáin go háirithe. Mhothaigh mé áfach, tuairisceoir RnaG ar athreic na scéalta nuachtáin ar chlár nuachta lá amháin an tseachtain seo caite ag trácht ar an gcur i gcoinne seo. Chonaiceamar roinnt nimhe san aer abhus le tamall. Is dóigh liom go mbeidh na liúdramáin a bhí le brath chomh glórach inár dtimpeall le bunadh TnaGaeilge/TG4 ag filleadh chomh rábach leis an seanchur i gcoinneachas a chleachtaíodar cheana. http://www.irishexaminer.com/pport/web/Full_Story/did-sgL5Wu2KjclHIsg7IQHSmeYhNE .asp Molaim do dhaoine cuimhneamh, mura mbeidís siúd glórach, is cinnte nach mbeimis ag déanamh dul chun cinn. Bainigí sult as a nglór agus as a míshásamh de réir mar a thiocfaidh Acht na dTeangacha Oifigiúla sna sála acu, na diabhail. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 472 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, November 26, 2004 - 10:31 am: |
|
Ach féach go bhfuil an cainteoir dúchais eile, Bairbre de Brún, fagtha ar lár acu. Tá Gaeilge liofa ag na feisirí Pronsias de Rossa (LO), agus Jim Higgin (FG) freisin, agus iad go minic le clos ar RnaG. Bhí clár ag Mairín Ní Ghadhra (?) ó Strasbourg an tseachtain seo chaite, agus an ceathrar feisire sin ag labhairt lei. |
|
Seosamh Mac Muirí (Unregistered Guest) Unregistered guest
| Posted on Friday, November 26, 2004 - 10:59 am: |
|
Ar ndóigh a Aonghuis. Bímis buíoch as an méid a luadh agus gur tráchtadar sin ar an scéal in aon chor. Tá siad mar atá siad is nílid gan locht. Is fada go bhfeicimid alt Gaeilge sa nuachtán céanna. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 476 Registered: 08-2004
| Posted on Saturday, November 27, 2004 - 01:12 pm: |
|
Is fíor san. Ach cuireann sé olc orm na a feictear dhom go bhfuiltear ag iarraidh cur in iúl gur lú gaeilgeoirí atá in áit ná mar atá. Ba cheart do gach iriseoir fhios a bheith acu gur gaeilgeoir diograiseach í de Brún. Ach bheadh sé sách easca fhail amach go bhfuil Gaeilge ag daoine eile leis. |
|