Author |
Message |
Breacban
Member Username: Breacban
Post Number: 4 Registered: 11-2004
| Posted on Tuesday, November 23, 2004 - 06:34 am: |
|
an bhfuil fis ag aon daoine (go háirithe ón daoine le gaeilge connachta) maidir leis an focal a chuálá me go minic ar on radio. chuala me é í measc na hagallamh ar an radio na gaeltachta. Tá se ag usád aris is aris. an focal i gceist "anon" cen chaoi go gcaithfaidh tu é a usád? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 451 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, November 23, 2004 - 09:04 am: |
|
anonn [dobhriathar] go dtí an taobh thall, sall; amach (anonn sa lá). nó b'fhéidir ionann [aidiacht] (leis an gcopail) ar aon dul le, díreach cosúil le (is ionann an dá cheann). ionann is (beagnach (tá sé ionann is (a bheith) críochnaithe)). B'fhearr go mór liom dá dtabhairfeá abairt iomlán dhúinn. |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 5 Registered: 11-2004
| Posted on Tuesday, November 23, 2004 - 09:55 am: |
|
(An bhfuil a fhios ag aon daoine (go háirithe daoine le Gaeilge Chonnachta) maidir leis an fhocal a chloisim go minic ar on raidió? Chuala me é í measc na n-agallamh ar Raidió na Gaeltachta. Bíonn siad á úsáid aris is aris (eile). (Is é) An focal atá i gceist ná "anon." Cen chaoi a úsáidtear é?) |
|
(Unregistered Guest) Unregistered guest
| Posted on Tuesday, November 23, 2004 - 11:14 am: |
|
An bhfuil eolas ag aon duine maidir leis an fhocal a chloisim go minic ar an raidió (nó a chuala mé go minic)? Chuala mé i measc na n-agallamh ar Raidió na Gaeltachta é. Úsáideann siad arís agus arís eile é. Is 'anon' an focal atá i gceist. Cén chaoi a n-úsáidfí é? |
|
(Unregistered Guest) Unregistered guest
| Posted on Tuesday, November 23, 2004 - 11:16 am: |
|
Fuaimníonn sé gur 'anonn' atá i gceist ceart go leor. An ceart ag Aonghus déarfainn. 'Anonn' sin 'over' freisin...'gabh anonn ansin', 'go over there' |
|
Breacban
Member Username: Breacban
Post Number: 5 Registered: 11-2004
| Posted on Tuesday, November 23, 2004 - 12:02 pm: |
|
ta sé nios soleir dom anois. go raibh maith agat, a Aonghus. |
|
Breacban
Member Username: Breacban
Post Number: 6 Registered: 11-2004
| Posted on Tuesday, November 23, 2004 - 01:00 pm: |
|
ba coir dom a tabhairt abairt iomlán duitse ach ochon nil sé agam. bhios ag tiomant ag an t-ám sin agus nuair a aistrim an fhocal deacair i mo mheon chiall me an chomteacs. |
|