Beidh léirsiú mór ann chun Teamhair na Ríogh a chosaint ón mótarbhealach atá le tógáil ann.
Beidh gach duine ag bualadh le chéile ag a dó a chlog ag Gáirdín na gCuimhneachán ag Cearnóg Pharnell, BÁC, Dé Sathairn an 27ú lá Mí na Samhna.
Gluaisfidh an tsiúlóid ó Chearnóg Pharnell go dtí Cé an Adhmaid, áit ar scriosadh cuid tábhachtach dár n-oidhreacht cheana féin. Léirigí don Aire Comhshaoil, Dick Roche, nach nglacfaidh muintir na hÉireann le scriosadh na seoide oidhreachta seo. Scaipigí an scéal!
www.taraskryne.org