Rebecca (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Saturday, November 13, 2004 - 05:15 pm: |
|
Níl a fhios agam an bhfuil aon suim agaibh i mBéaloideas na hÉireann ach tá mise i mo bhall de Chumann le Béaloideas Éireann agus ní dóigh liomsa go bhfuil siad ag fáil go leor tacaíochta. Má tá suim agaibh a bheith i bhur mbaill ba cheart daoibh scríobh ag Roinn Bhéaloideas UCD agus foirm a fháil (tá táille 25€ sa bhliain air - ach faigheann tú cóip den leabhar 'Béaloideas' a chuirtear amach gach bliain agus cosnaíonn sé níos mó ná seo sna siopaí) |