mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Archive: 1999-2004 » 1999-2004 (Irish Only) » Sibhse in Éirinn, inniu & amárach « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seosamh Mac Muirí (Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted on Friday, November 12, 2004 - 07:01 am:   Edit Post Print Post

DÁIL THUAMHAN: ‘SAĺOCHT agus TEANGA NA GAEILGE’

Roinn na Gaeilge, Coláiste Mhuire gan Smál, Luimneach

agus ag

Rannóg na Gaeilge, Ollscoil Luimnigh, Luimneach.

Dé hAoine 12 & Dé Sathairn 13 Samhain 2004

Tionólfar an dara comhdháil ar shaíocht agus ar theanga na Gaeilge i gColáiste Mhuire Gan Smál, Luimneach, Dé hAoine 12 agus Dé Sathairn 13 Samhain 2004.
Suífear an Dáil ag 3.30 tráthnóna Dé hAoine. Béarfar léacht na Dála an oíche sin ag 8.00. Tosóidh léachtaí an tSathairn ar a 10.00 ar maidin agus leanfar den obair go dtí 3.30 i.n. ar a dhéanaí.


Táille freastail na Dála (lón san áireamh): €30 (€15 do mhic léinn)

Cuirtear gach comhfhreagras chuig Rúnaí na Dála:

Stiofán Newman
Roinn na Gaeilge,
Coláiste Mhuire Gan Smál,
-Ollscoil Luimnigh-,
An Cuarbhóthar Theas
Luimneach.

Guthán: 061 204351
Ríomhphost:



Clár na Dála
.....................................

Tráthnóna Dé hAoine 12 Samhain 2004:
( Seomra 206)

3.00: Clárú

3.30: Séamus Ó Diollúin, Coláiste Mhuire gan Smál:
‘Conradh na Gaeilge i gCaisleán Nua Thiar: Na Blianta Tosaigh’

4.00: Stiofán Newman, Coláiste Mhuire gan Smál:
‘Gaelú Mhíchíl Uí Airtnéide: Smaointe ar an gcomhthéacs polaitiúil’

4.30: Dónall Ó Fionnáin, Coláiste Mhuire Gan Smál:
‘An tAthair Peadar agus na scéalta nach mbeadh sé sásta a insint don Sunday World.

5.00: Tadhg Ó Dubhshláine, Ollscoil na hÉireann, Má Nuad:
'Faobhar agus Paor: Filíocht Louis’

………….................................…


8.00: Seoladh na Dála agus an t-aoichainteoir, Donncha Ó Corráin, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh:
‘Dán Lámhscríbhinní na hÉireann’
(Seomra 206)

.................................

Dé Sathairn 13 Samhain 2004
(Seomra 206)

10.00: Conchur Ó Giollagáin, Coláiste Phádraig:
‘Dinimicí Teanga Phobal Cheathrú Thaidhg’

10.30: Regina Uí Chollatáin, Ollscoil na hÉireann, BÁC:
‘An Cló Oifigiúil: Díospóireachtaí
phoiblí an chló Ghaelaigh ag tús an fichiú haois’

11.00: Sos caife

11.30: Tadhg Ó hIfearnáin, Ollscoil Luimnigh:
‘Cainteoirí líofa Ghaeilge Mhanann agus tionchar Ghaeilge na hÉireann agus na hAlban orthu’.

12.00: Seosamh Mac Muirí, Ollscoil Luimnigh:
'Lámhscríbhinn Shéamuis Uí Riada, 'Saor & Torrubhach' as 'parraisde Chille-m-hille' i seilbh Tom Reidy, Balarat na hAstráile'

12.30: Lón

2.00: Pádraig Ó Cíobháin:
‘Gach uige mar a hábhar: An béaloideas ar scáth na cumadóireachta comhaimseartha’

2.30: Seán Ó Duinn, Mainistir Ghleann Stáil,
‘Fionn Mac Cumhaill agus an fear ar an gcrann: Scéal as an “Seanchas Mór”’.


Caife agus Clabhsúr 3.00



FOIRM CHLÁRÚCHÁIN

Ainm .........................................

Seoladh ..........................................

..............................................

Guthán ...........................................

Táille na Comhdhála, lón an tSathairn san áireamh: € 30 (mic léinn € 15).
Seiceanna/orduithe poist iníoctha le Stiofán Newman/Dáil Thuamhan

An fhoirm seo a sheoladh go dtí:
Stiofán Newman, Roinn na Gaeilge
Coláiste Mhuire Gan Smál,
An Cuarbhóthar Theas,
Luimneach.

Guthán: 061-204351
Ríomhphost:

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Caitríona Ní Ghairbhí (Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted on Sunday, December 12, 2004 - 12:07 pm:   Edit Post Print Post

Conas a d'éirigh le Dail Thuamhain, led thoil, a Sheosaimh? Bhíos féin i Vietnam nuair a bhí an Dáil ar siúl, nó bheinn i láthair ag an Dáil. Bhfuil seans ar bith go mbeinn i ndon teacht ar aon alt nó scríbhinn faoi na h-imeachtaí?
Caitríona

Add Your Message Here
Posting is currently disabled in this topic. Contact your discussion moderator for more information.


©Daltaí na Gaeilge