Author |
Message |
Cailin (Unregistered Guest) Unregistered guest
| Posted on Saturday, October 30, 2004 - 06:23 am: |
|
Caith dom aiste a dheanamh faoi filiocht na mban agus nil a lan eolas ar an t-idirlion. Is e an teideal seo: Guth laidir reabhloideach, nach feidir neamhaird a dheanamh de, ata le cloisint i bhfiliocht comhaimseartha na mban. An bhfuil eolas breise ag einne? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 349 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, November 01, 2004 - 04:38 am: |
|
|
|
Cailin (Unregistered Guest) Unregistered guest
| Posted on Wednesday, November 03, 2004 - 04:49 am: |
|
Go raibh míle míle maith agat!! |
|
Seosamh Mac Muirí (Unregistered Guest) Unregistered guest
| Posted on Wednesday, November 03, 2004 - 05:06 am: |
|
Molaim duit a bheith cúramach faoin obair sin a admháil a Chailín. Meabhraigh seal ar an gcáipéis seo a leanas: Cad é an Bradscríobh? Gadaíocht is ea an bradscríobh. Feallaireacht is ea an bradscríobh. Is é an rud is bradscríobh, smaoineamh duine eile a athreic amhail is gur tú féin a cheap. Roinnt eiseamláirí den bhradscríobh: · Duine eile a chur i mbun páipéar, nó obair bhaile, a scríobh ar do shon. · Cóipeáil as páipéar nó as obair dhuine eile. · Feidhm a bhaint as páipéar duine eile a leagadh isteach in ollscoil roimhe sin. · Cóipeáil sleachta glan amach as leabhar tagartha (ciclipéid), nó as foinse eile agus a leagan isteach ar do páipéar féin. § CUIMHNIGH: Tá sé chomh neamhdhleachtach céanna cóipeáil as foinse idirlín is a bheadh sé cóipeáil as aon fhoinse cló eile. · Cuid de shliocht a chóipeáil, ach an corrfhocal a athrú thall is abhus. · Maíomh as smaoineamh duine eile, go fiú má chuireann tú do fhocail féin air. · Gan foinse smaoinimh a lua. · Sleachta fada téacs le duine eile a roinnt (go fiú má thugtar faoi uaschamóga iad agus go fiú má luaitear an foinse leo). Is é seo teoiric an ‘chóir-reaca’. Meastar gur lú ná sliocht cúig line téacs an ‘cóir-reic’. Is fearr an sliocht fada aithrise a sheachaint de ghnáth. Cén fáth gur ceart an bradscríobh a sheachaint? · Is mí-ionraic é. · Ní fhoghlaimíonn tú aon rud. (Táir anseo le haghaidh na foghlama agus le tú féin a oiliúint, nach bhfuil?) · Tá sé in aghaidh an dlí. · Tiocfaidh foireann na Gaeilge ort (mar a tháinig orthu siúd le deich mbliain anuas). · Is féidir píonós trom a chur ar dhuine (teip, díbirt, nó fiú a ghairm chun cúirte). · D’fhéadfaí an t-am a mheilfeas duine i mbun cheilt an bhradscríofa a chaitheamh ní b’fhearr leis an obair cheart féin a dhéanamh. · Is furasta an bradscríobh a sheachaint. Conas an bradscríobh a sheachaint? · Beartaigh romhat. Leag amach an riar cuí ama sa tslí nach mbeidh ort gabháil i mbun an bhradscríofa. · Cinntigh go bhfuil clár iomlán agat de na saothair a dtagraíonn tú dóibh (.i. sna tagairtí i gClár na bhFoinsí). Cuimsíonn ‘Foinsí’ na foinsí arlíne chomh maith. · Caithfidh tú tagairt don saothar bunaidh as ar ghlacais gach smaoineamh (nó fíric, nó díospóireacht) nár thusa tú féin a cheap. · Téigh i dteangmháil le Roinn na Gaeilge i gcás amhrais. Ach ina dhiaidh sin uilig, a Chailín, coinnigh an misneach! |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 358 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, November 03, 2004 - 07:14 am: |
|
Briseann an dualgas tríd súile an ollaimh... Feictear dhom go raibh Cailín ag lorg cabhair le taighde seachas eolas réamh scríofa. |
|
Seosamh Mac Muirí (Unregistered Guest) Unregistered guest
| Posted on Wednesday, November 03, 2004 - 07:47 am: |
|
Tá a fhios agam a Aonghuis. Bhí sí ag lorg an eolais, creidim, agus tá an bheirt agaibh le moladh as an idirlíon a tharraingt chun fónamh na hoibre, ach tá a fhios agam an chontúirt atá buailte léi thar an iníon léinn eile nach rachfadh i gcionn na hoibre chomh maith léi. Beidh an aiste go maith má leanann sí an t-eolas. Is dóigh liom gur sa chéad bhl. atá sí agus ní thuigfeadh sí féin an chontúirt go fóill, is eagal liom. Má fheiceann an scrúdaitheoir riar maith eolais ar easpa tagartha do na foinsí, beidh an bearad ar iarraidh. Is fearr go meabhródh sí anois ar a bheith ag tagairt i gceart do na foinsí ag tús na hoibre agus na foinsí a intsá le linn di a bheith á scríobh, i leaba a bheith faoina cúram aici teacht tríd an aiste aniar agus na foinsí a admháil. Ar a leas féin a mheabhraím di an t-údar buairimh. Bhain tú casadh cliste as an seanfhocal a Aonghuis. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 361 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, November 03, 2004 - 12:14 pm: |
|
Is fíor dhuit dar ndó. Agus is geal liom nach bhfuil dualgas dá short orm. (Níl foighne oide agam, ce gurbh athar mé, agus feidhm agam le foighne). (Message edited by aonghus on November 03, 2004) |
|
mo (Unregistered Guest) Unregistered guest
| Posted on Sunday, November 07, 2004 - 02:36 pm: |
|
Caith dom aiste a dheanamh faoi Riomhaire agus na teicneoireacht leis and riomhaire-buntaishe,ard leibheal leaving cert |
|
Seosamh Mac Muirí (Unregistered Guest) Unregistered guest
| Posted on Sunday, November 07, 2004 - 03:16 pm: |
|
|
|