Author |
Message |
Padraigín (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Wednesday, October 13, 2004 - 09:09 am: |
|
Tá cabhair ag teastáil uaim - conas a déarfá 'Tell him/her I was asking for him/her' as Gaeilge. Go raibh maith agaibh. |
|
Seosamh Mac Muirí (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Wednesday, October 13, 2004 - 09:16 am: |
|
'Tell him/her I was asking for him/her' Abair leis go raibh mé ag cur faisnéise faoi. Abair léi go raibh mé ag cur faisnéise fúithi. Abair leis go raibh mé ag cur a thuairisce. Abair léi go raibh mé ag cur a tuairisce. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 288 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, October 13, 2004 - 09:16 am: |
|
Abair leis(lei) go raibh mé ag cuir a thuairisc ( a tuairisc) a firinscneach -> seimhiú |
|
Fear_na_mbróg
Member Username: Fear_na_mbróg
Post Number: 179 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, October 13, 2004 - 09:21 am: |
|
When I was in school, we learned: "Tell your family I was asking for them" Abair le do chlann go raibh mé á bhfiafraí. So, him: Abair leis go rabhas á fhiafraí. her: Abair léi go rabhas á fiafraí. (rabhas = raibh mé) (There's a typo in the above, it should be "ag cur"). |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 291 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, October 13, 2004 - 09:23 am: |
|
Tá san amach is amach mícheart a FnaB. Usaidtear "fiafraigh" nuair atá tú ag lorg eolais, agus sa chás sin amháin. |
|
Fear_na_mbróg
Member Username: Fear_na_mbróg
Post Number: 181 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, October 13, 2004 - 09:31 am: |
|
Bhfuel, nílim cinnte. Ach scríobhfaidh mé anseo anois go díreach a d'fhoghlaimíos ar scoil le litir a scríobh: A Sheáin, Beir, bua agus beannacht. Conas atá tú?! Tá súil agam go bhfuil tú i mbarr na sláinte. Bhí ard-áthas orm do litir a fháil, b'fhada nár chuala mé uait. Táim ag scríobh chugat chun insint duit faoi... Bhfuel a Sheáin, níl a thuilleadh le rá agam. Caithfidh mé scór anois mar tá duine éigin ag an doras. Abair le do chlann go raibh mé á bhfiafraí. Slán go fóill! Is mise, do chara, Máirtín (Message edited by Fear_na_mBróg on October 13, 2004) |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 294 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, October 13, 2004 - 10:48 am: |
|
Creidim fós go bhfuil fiafraigh mícheart ansin. Barúil eile, le bhur dtoil! Jonas, Seosamh,... |
|
Rhiannon (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Wednesday, October 13, 2004 - 11:32 am: |
|
Caithfidh mé aontú le hAonghus...usáidtear fiafraigh nuair a bhíonn tú ag lorg eolais. Agus d'fhoghlaim mise, agus déarfadh mise i gcónaí 'ag cur do thuairisc/a thuairisc' &rl Ach tá sé deacar argóint a dhéanamh mar tá an oiread sin canúintí sa tír. |
|
Rhiannon (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Wednesday, October 13, 2004 - 12:56 pm: |
|
Dúradh liom gur féidir duine a fhiafraigh...mar sin tá an dá cheann i gceart!! I mo thuairimse má tá duine ag rá rud bealach ar leith a shaol ar fad ní féidir leis a bheith mí-cheart. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 295 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, October 14, 2004 - 04:16 am: |
|
Tagaim leat ar shlí. Ach feictear dhom nach leagan dúchasach "duine a fhiafrú"; ba mhaith liom é chlos ó duine ata ina chonaí i, nó a bhfuil taithí aige ar ceantar ina bhfuil an teanga beo. |
|
Rhiannon (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Thursday, October 14, 2004 - 04:27 am: |
|
Bhuel chuala mise é ó dhuine atá ina chónaí i gceantar ina bhfuil an teanga beo - agus an-eolas ar fad aige ar an Ghaeilge. Deir sé go n-úsáidtear an dá rud. A lán den fhadhb anois ná go múintear sna scoileanna céard atá caighdeánach agus creideann daoine go bhfuil gach rud eile mí-cheart. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 298 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, October 14, 2004 - 04:30 am: |
|
Maith go leor. Níor chualas fhéin riamh é, ach glacfaidh mé leis go bhfuil sé ceart. |
|
Rhiannon (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Thursday, October 14, 2004 - 04:33 am: |
|
Go raibh maith agat. Tá sé i gceart - tá an-mhuinín agam as m'fhoinse (níl mé cinnte an sin an focal a usáidtear ar 'source' sa chomhthéacs seo ach..)!! |
|
Padraigín (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Thursday, October 14, 2004 - 08:53 am: |
|
Táim buíoch de bhur gcabhair. Ana shuimiúil. Padraigín |
|