|
|
|
Author |
Message |
Ábhar suime (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Monday, October 11, 2004 - 05:25 pm: |
|
Níl mise cláraithe anseo ach tá mé tar éis an-sult a bhaint as na nótaí seo ar fad a léamh. Feicim, i bhformhór na nótaí go mbíonn tusa, Jonas, ag ceartú daoine go minic. Níl Gaeilge agat ó dhúchas, an bhfuil? An bhfuil eolas agat ar gach canúint sa tír? Agus cén fáth ar shocraigh tú an Ghaeilge a fhoghlaim? Cén canúint ar a rinne tú staidéar? Tá an-suim agam i gcúrsaí teanga agus céard a spreagann daoine chun teanga eile a fhoghlaim. |
|
Jonas
Member Username: Jonas
Post Number: 488 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, October 12, 2004 - 04:05 am: |
|
Bhuel, tá áthas orm go mbaineann tú sult as an suíomh so. Chun na fírinne a rá, ní dóigh liom go bhfuilim ag ceartú go minic - b'fhéidir gur cheart dom (dúinn) é a dhéanamh níos minice ach ní maith liom é go mórmhór. Níl Gaeilge agat ó dhúchas, an bhfuil? Mhuise, níl! D'fhoghlaimíos an chuid is mó i nGaeltacht Chorca Dhuibhne. An bhfuil eolas agat ar gach canúint sa tír? Ní dóigh liom go bhfuil an t-eolas san ag éinne; níl eolas maith agamsa ar na canúintí i nDún na nGall agus ní féidir liom a rá go bhfuil ach eolas beag agam ar chanúintí Mhaigh Eo. Agus cén fáth ar shocraigh tú an Ghaeilge a fhoghlaim? N'fheadar. :-) Bhí suim agam sna tíreacha Ceilteacha i gcónaí agus thosnaíos ag foghlaim Breatnaise i 1995 nuair a bhíos im chónaí i Sasana, in aice leis an mBreatain Bheag. Cén canúint ar a rinne tú staidéar? Is í canúint Chorca Dhuibhne atá agam - agus tá súil agam gur féidir liom feabhas a chur ar an gcuid atá agam. Tá an-suim agam i gcúrsaí teanga agus céard a spreagann daoine chun teanga eile a fhoghlaim. Tuigim é sin, tá an suim sin agam féin chomh maith. Is maith liom teangacha go mór agus tá suim agam i gcónaí teanga nua a fhoghlaim. |
|
Sea (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Tuesday, October 12, 2004 - 04:31 am: |
|
Bhuel, caithfidh mé a rá go bhfuil do chuid Gaeilge an-mhaith. Tá Gaeilge Dhúna na nGall agamsa don chuid is mó cé gur tógadh i mBaile Átha Cliath mé (chuaigh an canúint caighdeánach i bhfeidhm orm chomh maith!. Go raibh maith agat as ucht freagra a thabhairt ar mo chuid ceisteanna - is mór an trua nach bhfuil níos mó de mhuintir na hÉireann cosúil leatsa, ní bheadh aon fhadhb lenár dteanga ansin!! |
|
|
|