Cloisim ar RnaG go bhfuil leathan banda ag Muintereas i dTír and Fhia.
Is comhlucht beag aon duine mé sa phost-cheantair Bhaile na hAbhann - timpeal 2km ó TG4 agus tá mé braon de bheith ar iarraidh an seirbhís seo ó Eircom (Bail ó Dhia orthu!).
'Bhfuil moladh ar bith ag éinne a cabhródh liom leathan banda a fháil i gCaorán na gCearc
Gura maith agat 'Aonghuis Rinne mé teangbháil le ildána agus digiweb leis bliain nó dhó ó shin ach bhíodar an-dhaor (Timpeall Dhá mhíle € mar aon le cíos míosúil). Feicim anois go bhfuil beagáinín ísliú tagtha. Ach ar bhealach ní fheicim cén fáth go mbeadh orm níos mó airgead a thabhart ar seirbhís atá i bhfad níos saoire i gceantaireacha eile - Gaoth Dobhair nó Tír an Fhia mar shampla. Cothram na féine is dócha atá uaim. Nuair a bhí mé i mBaile Átha Cliath bhí an seirbhís le fáil gan mórán stró, agus bhí an gnáth seirbhís dialáil i bhfad níos fearr leis. Ach ar ndóigh sin míbhuntáiste bheag i gcomparáid leis an saol nua atá faighte againn thiar i gConamara.