Author |
Message |
Seosamh Mac Muirí (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Tuesday, September 28, 2004 - 11:02 am: |
|
Tá tú an-chiúin a Luap. Cáil 5,000 milliún milliún focal an lae inniu agat? Is cosúil arís nach mbíonn an tréan buan. |
|
Fear_na_mbróg
Member Username: Fear_na_mbróg
Post Number: 161 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, September 29, 2004 - 06:13 am: |
|
Why address some-one in a language they don't know? |
|
Seosamh Mac Muirí (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Wednesday, September 29, 2004 - 01:42 pm: |
|
Fáth maith. Sílim go dtuigeann April an méid sin. Mholfainn do chách tabhairt faoi mo dhuine i dteanga na Gaeilge mar go ngoilleann an teanga chéanna air go goirt. Ar an láimh eile, is é an bia geal aige muintir na Gaeilge a tharraingt chuige i mBéarla. B'fhearr leis rud ar bith ach sibh a bheith ag cartadh Gaeilge chuige. Dúras cheana nach bhfuil ann ach gealt. Gealt eile is ea Meyers agus tá cur amach agam ar an rud a ghoilleann air siúd ina shaol féin. Déarfainn nach éagsúil an buachaill seo Laup O Donnell. Comhartha na goilliúna seo is ea an goile cló atá air. D'ainneoin 5,000 focal an Laup O D. seo, an té a ghrinneas a bhfuil breacaithe aige, níl de thábhacht lena bhfuil ráite aige le muintir (Bhéarla don chuid is mó) na Gaeilge, ach an méid seo: Tá Laup O Donnell tagtha, is féidir leis an chuid is mó den lá a chaitheamh ag greadadh méarchlár i mBéarla agus a chraiceann féin a chur ar gach scéal. Sin é. Cuimhnigh nach bhfuil ann ach gealt. Ní teangeolaí ná socheolaí é. Ní bheidh meas madaidh ar a chuid tuairimí, cé nach gcoscfadh sé sin a thoghadh chun na Dála, b'fhéidir, amach anseo. Gheobhadh sé guth roinnt i mBÁC agus choinneodh sé suíochán cúpla babhta. Santú airde atá ann faoi láthair, bun barr. I ndeireadh na dála, is mó leas a dhéanfaidh sé dúinne ná a mhalairt. Cén fáth? Is dílseoir Béarla é nach mbeadh aon lámh aige ar an tláithmhíne tuisceana, cúrsaí saíochta de. Dá gcoinneodh sé guaim air féin abhus an chéad lá, d'fhéadfadh sé dochar a dhéanamh. Ní dhearna, ach a mhalairt. Bhí an ghoimh ag luí rófhada ar a chroí. Tá leigheas ar sin. Fan go bhfeice muinn. Beidh sé spéisiúil. Idir an dá linn, tugaidh faoi in aon teanga is mian libh agus is mó a scaoilfidh sé lena racht. Mo bharúil féin gur mó a ghoillfidh an cíoradh air sa teanga áirithe seo ná in aon teanga eile. |
|
April (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Wednesday, September 29, 2004 - 04:49 pm: |
|
Ní féidir linn a intinn a athrú {intinn Phóil}, ach ... ta mé féin ag baint sult as na teachtaireachtaí nuair atá siad scríofa as Gaeilge. Tá mé cinnte go bhfuil Pol ag déanamh iontas cad a dúirt Seosamh. Nach bfhuil daoine mar sin i gconaí..Is é an nadur daonna é, nach é?. : ) Nach raibh an bord seo chruthaithe do dhaoine ag foghlaim Gaeilge? Cén fath a bhfuil Paul ar an mbord seo gan Gaeilge ar bith aige ar aon chaoi? Agus ag iarraidh ar dhaoine eile Bearla a labhairt leis? IMTF, ma ghlacann sé pairt sa mbord seo, ba cheart dó Gaeilge a fhoghlaim. Agus , IMTF, ma labhróidh gach duine as Gaeilge sa snath sin, éireoidh sé as! Ní féidir leis a bheith ag argóint le daoine, ma bhionn daoine ag argóint leis as Gaeilge. Ach tuigfidh na daoine eile atá ag foghlaim Gaeilge fós gur amádan é. Tuigim Gaeilge . : ) April |
|
Seosamh Mac Muirí (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Thursday, September 30, 2004 - 06:40 am: |
|
Tá Laup fada go leor ag éirí as tír na hóige ar maidin agus measartha mall ag tabhairt aghaidh ar cheisteanna an Díochánaigh. Tagairt an fhir chéanna, Ó Díocháin, a chuir i gcuimhne dom alt Béarla an Bhreathnaigh, John Walsh, a bheith ar fáil ar an líon. Tá sé le fáil anseo más spéis le héinne agaibh é. http://www.lse.ac.uk/Depts/language/pdf/LanguageandCitizenship.pdf |
|
|