mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Archive: 1999-2004 » 2004 (October-December) » Archive through October 13, 2004 » Paul, duitse an méid seo. « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seosamh Mac Muirí (Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted From: 193.1.100.104
Posted on Monday, September 27, 2004 - 11:44 am:   Edit Post Print Post

Mar bhronntanas, d'fhéadfá a rá. B'fhéidir go mbainfir adhmad as go fóill, cá bhfios?



Is mór an spórt an sampla seo, Paul Mac Donnell.

Most people who are professionally engaged in promoting the English language and most people who receive state bribes for speaking it wouldn't know culture from a hole in the ground.
- Is fíor an méid sin agus níor athraíos ach aon fhocal amháin.


Lúbaire teanga a sheachnaíonn an fhírinne i ngan fhios dó féin:
No. I've no problem with the language and culture.
- Mar dhea! Is léir go bhfuil fadhb aige maidir le Gaeilge. Ní fadhb go dtí é is cosúil - the man do protest an iomarca!


It's just that large parts of the country's budget and administration has been colonised by a misguided attempt to promote it and I have a problem with that.
- Is le barr troda a brúdh ar an rialtas theas R. na Gaeltachta a bhunadh dhá scór bliain i ndiaidh 2RN/R. Éireann.
Is le barr troda a brúdh ar an rialtas theas Teilifís a bhunadh breis is scór go leith blianta i ndiaidh RTÉ.
Bainfear stádas oifigiúil amach don Ghaeilg ar neamhchead do leithéid Mac Donnell mar go bhfuil labhairt na Gaeilge ag daoine go leor lena dhéanamh agus ÍOCAIMID CÁIN I BHFAD NÍOS MÓ NÁ NA SEIRBHÍSÍ A FHAIGHIMID AR AIS ÓN STÁT!


Níl a fhios agam cén aois mo dhuine ach tá mé ag leagan amach go bhfuil na fiacla curtha go maith aige. Níl a chuid tuairimí le clos i measc aos óg na linne seo. A mhalairt ghlan. Ag santú labhairt na Gaeilge atáid.
Ag lagan is ag laghdú feasta a bheas slua na Mac Donnells(Myers). Tugaim 20 bliana eile dóibh. Breathnaigh anois ar mo dhuine seo mar ní bheidh a leithéid arís ann! Is mór an spórt ó thús deireadh é is é ag maíomh as renaissance Irish music like that of O'Carolan ..recognised by Elizabethan England as of the first order - many in Elizabethan England including the Queen herself, valued Irish harp music.
- An duine bocht, é féin agus a renaisssance. B'fhearr dó, d'ainneoin a chol teilifíse, filleadh ar a dhúchas i measc na scillingsmaointe ar Cornation St.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 196
Registered: 08-2004
Posted on Monday, September 27, 2004 - 12:06 pm:   Edit Post Print Post

Seosamh , a chara
Tuigim an cantal a chuireann léitheidí an fear úd ort. Ach cuimhnigh gur mó dhuine a léann an clár seachas scríobh air. Ná déan ró easca don drong úd cuir síos orainn mar cantaláin feasógacha, más é do thoil é. Tá an méid thuas seolta agat fá thrí, nach bhfuil?

Firicí an bealach, dar liomsa.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seosamh Mac Muirí (Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted From: 193.1.100.104
Posted on Monday, September 27, 2004 - 12:36 pm:   Edit Post Print Post

Tá, agus is mithid dó cruthú go bhfuil tuiscint éigin aige ar an teanga atá i gcroílár a theoirice. Mura bhfuil buntuiscint éigin aige uirthi an fiú aghaidh a thabhairt air in aon chor?
Measaim gur firicí is fearr nuair nach bhfuil aon ní eile cearr. Mo léamh air go bhfuil. Tá lúb ar lár ann agus gurbh fhurasta a léiriú ach a bheith ag teannadh leis. Tá sé sáite i bpoll an dara cogadh domhanda cheana féin, cibé a thug ann é.
Ní miste liom blaisín spraoi ar lá ciúin ach oiread, caithfead a rá, ábhar eile dom a bheith ag lascadh ina leith, freagraíodh an post Gaeilge nó gan a fhreagairt.



©Daltaí na Gaeilge