Author |
Message |
Jonas
Member Username: Jonas
Post Number: 422 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, September 06, 2004 - 06:20 pm: |
|
Tá céad míle fáilte romhat thar n-ais, a chara!! Tá sé go h-iontach tusa a fheiscint anso aríst, conas atánn tú? Aon scéal? Bhraitheamair uainn tu go mór agus tá ana-áthas orm gur fhillis - tá súil agam go gcifimíst go minic tu anois!! |
|
Fear_na_mbróg
Member Username: Fear_na_mbróg
Post Number: 60 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, September 07, 2004 - 04:45 am: |
|
...ceapaim go bhfuil duine éigin i ngrá. Bhraitheamair... ? |
|
Seosamh Mac Muirí (Unregistered Guest) Unregistered guest
| Posted on Tuesday, September 07, 2004 - 07:07 am: |
|
Go maire tú a Fhear na mBróg. Bhí mé ag cuimhneamh oraibh scaití ceart go leor, ach an corram a dtáinig mé in aice leis an ríomhaire, ba le gnóthaí r.phoist a bhíos. Ní raibh suí ar mo thóin le teann dúil na saoirse cuain is cladaigh. D'fhág mé Inis Meáin lá gréine i mí Meithimh i ndiaidh cúpla lá ag siúl is ag breathnú ar bhláthanna an oileáin, thiomáin isteach Gaillimh chuig seoladh leabhair san ollscoil, cheannaigh breosla agus sailéad práta ar bhóthar Átha Cinn agus bhain Tigh Chonghóile, Ceathrú na gCloch, tuaisceart Mhaigh Eo, amach i ngar don mheánoíche. Ba shin an lá ba dheise ar fad den samhradh agus ar ndóigh, níl an samhradh ar fad caite againn go fóill! |
|
|