Author |
Message |
Aineolaí_na_gaeilge
Member Username: Aineolaí_na_gaeilge
Post Number: 5 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, August 30, 2004 - 06:45 am: |
|
's mé ag tabhairt spléachadh beag gasta ar suíomh idirlíne an CCE chonaic mé roinn do chomhrá gaeilge? An bhfuil na rialacha ag duine ar bith, mar ba mhian liom é a thriail ar an bhliain seo chugainn. |
|
Antóin (Unregistered Guest) Unregistered guest
| Posted on Monday, August 30, 2004 - 05:39 pm: |
|
Cén aois thú? Caithfaidh tú bheith faoi bhun 18 bliain d'aois. Tá comórtais ann sna catagóirí fé 9, fé 11, fé 13, fé 15 agus fé 18. |
|
Fear_na_mbróg
Member Username: Fear_na_mbróg
Post Number: 31 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, August 30, 2004 - 06:45 pm: |
|
Ní fheicim conas féidir comórtas teanga a chur ar siúl! Cé a bhuafadh? Cé ar ceart dó rá go bhfuil oilteacht theanga níos fearr ag duine éigin ná atá ag duine eile? An mbeadh sé bunaithe ar stór focal an duine, nó ar a chuid gramadaí, nó ar a ábaltacht chomhrá a choinneáil ar siúl?! Gan intinn thú a mhaslú, a Aineolaí na Gaeilge, ach ag breathnú ar do chuid Gaeilge, ní cheapaim go mbuafá. Mar shampla, athscríobhfaidh mé do nóta deireannach i gceart: quote:'S mé ag tabhairt spléachta bhig ghasta ar shuíomh idirlín an CCE, chonaic mé roinn do chomhrá Gaeilge. An bhfuil na rialacha ag duine ar bith, mar ba mhian liom é a thriail an bhliain seo chugainn.
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 75 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, August 31, 2004 - 05:37 am: |
|
Níl na riailacha agam - agus tá mearbhaill orm toisc go bhfuil on cosúlacht ann gur comortás do dhuine aonair atá ann. Bíonn "Agallamh Beirte" agus "Luibíní" ag an Oireachtas - séard a bhíonn i gceist leo san na caint deisbhéalach, fileata (agus greannmhar de ghnáth) idir bheirt. Shamhlóinn go bhfeadfaí rud mar san a dhéanamh. Ach seans gurbh saghas scrúdú béil a bhíonn ar bun ag comhaltas ar mhaithe le teacht i dtír ar fonn iomaíochta i measc na nÓg chun ar dTéanga a chur cun chinn. |
|
Aineolaí_na_gaeilge
Member Username: Aineolaí_na_gaeilge
Post Number: 6 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, August 31, 2004 - 08:35 am: |
|
a fhear na mbrog, nach surach an mhaise duit, go mbíonn tú ag déanamh ceap magaidh d'achan duine, ach tá me ag dul neamhairde a dhéanamh duit. Ach ar ndoigh ní bhíonn saoi gan locht, agus is fíor an ráiteas sin, oir tá botún amháin agat féin má tá an ceart agam, ar shuíomh idirlíne atá ann, chan ar shuíomh idirlín. Ach tá me seacht mbliana déag d'aois, agus cé nach ro-chruinn atá mo chuid scríbhneoireacht,dúradh liom gur a mhalairt atá fíor le mo ghaeilge labhartha, ach ar ndoigh níl duine ar bith foirfe, agus ní scrúdú scríofa atá i gceist. Ach a fhear na mbrog, níl feidhm le d'argointí. Mar atá san Ardteist srl, caithfidh siad gradanna eagsúla a thabairt do dhaoine, agus mar sin de, sciarann siad na daltaí is fearr o na daltaí nach bhfuil lán chomh maith leis na daoine eile. |
|
Fear_na_mbróg
Member Username: Fear_na_mbróg
Post Number: 34 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, August 31, 2004 - 08:59 am: |
|
Bhfuel, an chéad rud: idirlíon = idir + líon idir = between ( sí an Laidin ar "idir" ná "inter", agus as Béarla: "between" ) líon = net Dar leis an bhFoclóir Beag: An líon Tar éis na lín Na líonta Tar éis na líonta ***** Maidir le comórtais teanga, sé a gceisteoinn ná na daoine a scaradh i ngrúpa, mar shampla: tosaitheoirí. Má fhaigtear "bonn óir" sa ghrúpa tosaitheoirí, an bhfuiltear níos fearr ná an duine a fuair an áit dheireannach san ardleibhéal? **** An féidir liom fiafraí an fath gur luaigh tú d'aois? Tá aithne agamsa ar dhuine amháin in aon chaoi anseo atá chomh óg leat. Rinneas-sa an Ardteist i mbliana chomh maith. |
|
Aineolaí_na_gaeilge
Member Username: Aineolaí_na_gaeilge
Post Number: 8 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, August 31, 2004 - 10:13 am: |
|
luaigh mé m'aois mar bhí Antoin ag iarraidh fáil amach |
|
Fear_na_mbróg
Member Username: Fear_na_mbróg
Post Number: 37 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, August 31, 2004 - 10:14 am: |
|
Ó, feicim. |
|
Aineolaí_na_gaeilge
Member Username: Aineolaí_na_gaeilge
Post Number: 9 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, August 31, 2004 - 10:24 am: |
|
ní luafainn m'aois ach gur chur antoin ceist orm. Ach arais chuig an phointe sin a luaigh mé, ná gur ar shuíomh idirlíne atá ann, tá mé coir a bheith cead faoin gcead dearfach faoi. |
|
Aineolaí_na_gaeilge
Member Username: Aineolaí_na_gaeilge
Post Number: 10 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, August 31, 2004 - 10:57 am: |
|
a fhear na mbrog, leis an fhírinne a insint, is cuma liom anois faoin suíomh idirlín, no idirlíne níos mo, mar i ndeireadh an lae, is maith an rud go bhfuil an ghaeilge ag dul o neart go neart go ginerálta, agus ní ach mionrud an botún seo, agus ba choir dúinn rudaí fiúntacha a phlé, chan na rudaí amáideacha seo, ná mionscrúdú a dhéanamh ar achan uile botún a bheas á dhéanamh ag daoine ach go háirithe na daoine nach mian leo a bheith cearthaithe. Ach caithfidh mé a rá go mbím an-sásta, bheul, b'fhéidir chan an-sásta ach an-bhuíoch nuair a cheartaítear na botún a dhéanaim, ach níl seo dearcadh achan duine anseo agus lig doibh a rogha rud a dhéanamh, ach lean ort, má tá botúin le ceartaigh agaibh sna hailt a scríobhaim. Ach bheadh orm mo bhuíochas a ghabháil leis na daoine uilig anseo a dhéanann mo bhotúin a cheartaigh ach go háirithe fear na mbrog, chuir tú an gramadach ar mo shúile dom, rud nach raibh mé ro-bhuartha faoi go dtí seo. |
|
|