Author |
Message |
Aineolaí_na_gaeilge
Member Username: Aineolaí_na_gaeilge
Post Number: 1 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, August 27, 2004 - 06:52 am: |
|
A chairde, Chláraigh mé cúpla bomaite o shin. Is dalta Ard Léibhéal mé, ag iarraidh dul chun na hollscoile ar an bhliain seo chugainn, ach tá mé idir dhá thine Bhealtaine, níl a fhios agam cén ollscoil is fearr don nua ghaeilge, dúradh liom gur ollscoil den scoth í Ollscoil Uladh i gCúl Raithin, ach cad é mar atá an ollscoil i nGaillimh? An bhfuil éinne ann a thiocfas i gcabhair orm??? |
|
somhairle (Unregistered Guest) Unregistered guest
| Posted on Tuesday, September 21, 2004 - 05:06 am: |
|
Ollscoil Uladh don Canúint Chúige Uladh agus Ollscoil na hÉireann Gaillimh don Canúint Chúige Chonnacht srl. Creidim go bhfuil Ollscoil Uladh is fearr mar téim ann! :o) |
|
Jonas
Member Username: Jonas
Post Number: 437 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, September 21, 2004 - 08:40 am: |
|
Dheinis dearmad ar Ollscoil Chorcaí mar gheall ar chanúint Chiarraí (agus Múscraí). Caithfead a rá gur dóigh liom gur fearr an Ollscoil i nGaillimh - is é sin an rud a chloistear i gcónaí... (Message edited by Jonas on September 21, 2004) |
|
Aineolaí_na_gaeilge
Member Username: Aineolaí_na_gaeilge
Post Number: 36 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, September 21, 2004 - 02:42 pm: |
|
creid no na creid tá sé ar intinn agam dul chuig ollscoil Uladh i gCul Raithin. An bhuil moran béime cuthra ar an ghramdach? An bhfuil aithne agat ar duine d'ainm Dessie? |
|
Pulling Top (Unregistered Guest) Unregistered guest
| Posted on Thursday, October 07, 2004 - 09:47 am: |
|
Is cinnte go bhfuil Ollscoil Luimní an ollscoil is fearr in Eirinn gan dabht mo chairde!!! |
|
Simon
Member Username: Simon
Post Number: 2 Registered: 10-2004
| Posted on Thursday, October 07, 2004 - 10:34 am: |
|
maith thú, pulling top. Níl dabht ar bith ann, is é Ollscoil Luimnigh and coláiste is fearr sa tír. Gaillimh abú!! Beidh Sam ag teach go dtí na páirceanna Báile Atha an Ri í 2005. Féasta mor anocht, i ngach áit! |
|
3 loch móide a haon (Unregistered Guest) Unregistered guest
| Posted on Thursday, October 07, 2004 - 12:33 pm: |
|
Tá dul amú ort faoi sam Simon. Ní go Gaillimh a rachaidh sé ach go Port Láirge. Conas tá Ollscoil Luimnigh ag caitheamh leat? |
|
Aineolaí_na_gaeilge
Member Username: Aineolaí_na_gaeilge
Post Number: 41 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, October 07, 2004 - 04:23 pm: |
|
nár cheart is í ollscoil ar rá seachas is é ollscoil? |
|
somhairle (Unregistered Guest) Unregistered guest
| Posted on Tuesday, October 12, 2004 - 12:58 pm: |
|
Colm, Tá moran béime cuthra ar na gramadaí ann san Ollscoil Uladh, agus tá aithne agam ar Dessy. Tá mé i mo chónaí leis. Somhairle |
|
Aineolaí_na_gaeilge
Member Username: Aineolaí_na_gaeilge
Post Number: 42 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, October 12, 2004 - 04:02 pm: |
|
nach gceartaíonn Mícheal Ó Murchú gach uile fhocal a deireann tú? Ach is maith sin ar ndoigh. Cén bhlian ina bhfuil sé anois? |
|
Fear_na_mbróg
Member Username: Fear_na_mbróg
Post Number: 177 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, October 13, 2004 - 09:12 am: |
|
Am amháin, cúpla bliain ó shin nuair a bhíos sa Spáinn, bhíos ag labhairt le buachaill Spáinneach a raibh Béarla rí-mhaith aige. In abairt amháin, dúirt sé liom: "..., this was after he abandonated Manchester United." Cinnte thíos, ba cheart dó "abandoned" a rá, ach níor cheartaíos é. Ba gheal dom (it was obvious to me?) go raibh sé ag déanamh a dhíchill Béarla a fhoghlaim go maith. Cheapas nár cheart dom é a cheartú. . . ach ansin nuair a smaoiníos ar ais air; dá mbeinnse ina mbrógasan, bá mhaith liom dá gceartófaí mé. Cheapas amach ansin gur cheart dom gramadach dhaoine a cheartú nuair is geal go bhfuil siad ag déanamh a ndíchill an teanga a fhoghlaim. Ach... Arís, i mbliana sa Spáinn, bhíos ag labhairt le bean Spáinneach. Fuair duine éigin ansin tatoo; d'fhreagair an bhean, "When did you did it?". Cinnte gur "When did you do it?" a bhí ceart, ach go fóill, níor cheartíos í. Cheapas go mbeinn mímhúinte le hí a cheartú, bhí sí i lár labhartha agus níor theastaigh uaim dul roimpi... hmm. . . |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 289 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, October 13, 2004 - 09:18 am: |
|
ba léir dom Deirtear gur ceart abairt leis an leagan ceart a úsaid seachas gearradh isteach ar an gcainteoir. |
|
Fear_na_mbróg
Member Username: Fear_na_mbróg
Post Number: 183 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, October 13, 2004 - 09:37 am: |
|
...ach ag an am céanna, dá mbeinnse ag labhairt as Gaeilge agus dá labhróinn rud éigin mícheart, b'fhearr liom go ndéarfaí liom ansin díreach an leagan ceart chun nach mbeinn ag déanamh na mbotún céanna arís is arís eile. hmm... |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 293 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, October 13, 2004 - 10:47 am: |
|
dá ndéarfainn! Ní thógann labhairt cuspóir seachas an duine nó na daoine nó pé rud a bhíonn tú ag labhairt leo, nó an teanga a bhíonn tú ag labhairt. An rud a bhí a mholadh agam ná go ndearfá an abairt mícheart i slí ceart go nadúrtha sa chomhrá. Má tá fonn foghlama ar an nduine, cloisfidh siad thú. |
|
Fear_na_mbróg
Member Username: Fear_na_mbróg
Post Number: 185 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, October 14, 2004 - 05:32 am: |
|
Cad faoina bhfuil "dá ndéarfainn!"? Bá í m'intinn ná "that it would be said to me" a rá, níorbh í "that I would say"! Nó b'fhéidir gurbh fhearr an foghlaimeoir a bhualadh san aghaidh le hiasc nuair a dhéanann siad botún. Ansin nuair a bhíonn siad ag labhairt ina dhiaidh sin, smaoineoidh siad ar an iasc! |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 300 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, October 14, 2004 - 05:46 am: |
|
Bhíos ag ceartú "dá labhróinn rud éigin mícheart" Seo buile den iasc dhuit: Splat! |
|
Fear_na_mbróg
Member Username: Fear_na_mbróg
Post Number: 186 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, October 14, 2004 - 06:36 am: |
|
Ó, tuigim! Ceapaim go mbeadh an torann níos cosúla le "tsssh"... ach braitheann sé ar an gcineál éisc is dóigh (is dóigh = I suppose?). Bradán a bhí i gceist agamsa! |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 302 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, October 14, 2004 - 06:59 am: |
|
is dócha é. (probably) a bheadh in úsaid agam san áit sin, is dóigh liom (I suppose) Smugairle róin a d'usaid mé |
|