Author |
Message |
Cailintharlear
Member Username: Cailintharlear
Post Number: 1 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, August 19, 2004 - 04:23 pm: |
|
Ta ceist agam daoibh. Ta orm tionsnamh a dheanamh don bhlian dearnach do mo chursa sa cholaiste. Ta riomhaireacht a dheanamh agam, agus caithfidh me teacht anios le smaoineamh nua agus clar riomhaireachta a chruthu a bheadh usaideadh do dhaoine. Mar shampla anuaradh rinne go leor daoine clar le seirbhisi a chuir i lathair ag usaid fon poca ar nos ag ordu heacnai le teachtaireacht teacs no ag ordu fisean. Bhi me ag iarraidh rud a cinnt a dheanamh a bheadh (b'fheidir) usaideadh no a thabharfadh cunamh do dhaoine gaeilge a fhoghlaim, no suim sa ngaeilge a mhuscailt i ndaoine oga. Bhi me ag smaoineadh focloir gaeilge bearla a labhrann agus a fuaimeann na focla. Ach nilim ro-shasta le seo. Bheinn an-bhuioch da mbeadh aon smaointe agaibh, iad a chuir in iul dom. Go raibh mile |
|
OCG (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Thursday, August 19, 2004 - 08:23 pm: |
|
Foclóir le fuaimeanna? B'ollmhór an saothar sin ach bhéinn buíoch díot, gan amhras. Bheadh an iomarca oibre ann do dhuine amháin, ceapaim. Tá roinnt bogearraí idirgníomhacha ar fáil faoi láthair le haghaidh fhoghlaimeoirí na Gaeilge -"Teach Me Irish", "Irish on Your Own", agus cúpla ceann eile. 'Sé rud amháin nach bhfuil fós le fáil ar an idirlíon, agus b'fhéidir go bhfuil sé dodhéanta, sin aistritheoir Gaeilge-Béarla-Fraincise, 7rl, ar nós Babelfish agus a leithéid. Maidir le gramadach éagsúlach na Gaeilge, tá dealramh ann nach féidir áis mar sin a chruthu ar chor ar bith agus, ar ndóigh, bíonn Babelfish lochtach go deo. Ba dheas é an áis é, más féidir é a chur ar fáil. |
|
|