mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Archive: 1999-2004 » 1999-2004 (Irish Only) » Anáil an bháis « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

OCG
Posted on Monday, July 26, 2004 - 08:38 pm:   Edit Post Print Post

Is deas liom daoine a fheiceáil ag caint as Gaeilge anseo, ag cíoradh ceisteanna an lae.

Ach, ní maith liom scríobhadh anseo a thulleadh mar tá suarachán anseo ar nós an phriompalláin ag léim ar gach botúin a dhéanaim.

Is mar sin a theip ar gach iarracht chun athbheochan na Gaeilge.

Níl romhainn ach tost.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fear na mBróg
Posted on Tuesday, July 27, 2004 - 06:35 am:   Edit Post Print Post

Agus ceartóidh mé gach botún a ndeanfaidh tú san am atá romhainn freisin. Tagann daoine go dtí an clár seo leis an Ghaeilge a labhairt, le í a chleactadh, agus feabhsú. Is páiste thú. Tagann tú anseo le Gaeilge bhriste; déanaim iarracht cabhrú leat ach níl cabhair uait, teastaíonn uait fanacht le do chuid Gaeilge bhriste.

Cuirim fáilte roimh d'imeacht. Anois, b'fhéidir go scríobhfar níos mó Gaeilge ná Gaeilge bhriste.

Maidir le athbheochan na Gaeilge, an bhfuil tú ag tagairt do Athbheochan na Gaeilge Briste? Cuirim fáilte roimh a bhás.

Cén fath a gceapann tú go mbeadh tost ann i ndiaidh imeacht duitse?!

--
ag cíoradh cheisteanna an lae
ní maith liom scríobh anseo
gach botún a ndéanaim
gach iarracht Athbheochan na Gaeilge. nó gach iarracht an Ghaeilge a athbheochan.


Le Dímheas

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

UMG
Posted on Tuesday, July 27, 2004 - 07:12 am:   Edit Post Print Post

A chairde,

Ta' leabhar brea' a' lea'mh agam faoi ghaolainn Chorcai', timpeall Cluain na Coillte beagnach caoga bliain o' shoin. U'sa'ideann an t-u'dar "tha'ini" in ait "tha'inig" agas "do briseamh iad" in ait "briseadh iad" - ni'l aon cho'ipceart ag an gcainteoir ar an mi'chruinneas agus, chun an fhi'rinne a ra', cheapainn fhe'in na' mbeadh a la'n ama aige d'aon cummini seed picker. Mar ta' difri'ocht bunu'sach idir cainteoir di'lis agus an slua eile, na' fuil?

Do bhi' na Sasanaigh riamh a' ra' conas ba cheart du'inn bheith ag caint - muna bhfuil ceist ann, na' tabhair freagar; 'se' masla lom ar an scriobhneoir dar liomsa.

Is truamhe'ileach an fear na' fe'idir a manners a sheachaint.

Le meas,

UMG

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fear na mBróg: ó UMG
Posted on Tuesday, July 27, 2004 - 07:21 am:   Edit Post Print Post

THIS TIME WITH FADAS:

A chairde,

Tá leabhar breá á léamh agam faoi ghaolainn Chorcaí, timpeall Cluain na Coillte beagnach caoga bliain ó shin. Úsáideann an t-údar "tháini" in áit "tháinig" agus "do briseamh iad" in áit "briseadh iad" - níl aon chóipceart ag an gcainteoir ar an míchruinneas agus, chun an fhírinne a rá, cheapainn fhéin ná mbeadh a lán ama aige d'aon cummini seed picker. Mar tá difríocht bunúsach idir cainteoir dílis agus an slua eile, ná fuil?

Do bhí na Sasanaigh riamh á rá conas ba cheart dúinn bheith ag caint - muna bhfuil ceist ann, ná tabhair freagar; 'sé masla lom ar an scriobhneoir dar liomsa.

Is truamhéileach an fear ná féidir a manners a sheachaint.

Le meas,

UMG

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

UMG
Posted on Tuesday, July 27, 2004 - 07:31 am:   Edit Post Print Post

E'ist a bhuachaill, ni'l aon Bearla ceadaithe sa fhoram-sa. Cad ina thaobh a bhfuil se' a' u'sa'id agat?

Le meas,

UMG

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fear na mBróg
Posted on Tuesday, July 27, 2004 - 10:09 am:   Edit Post Print Post

Agus cén teanga a bhfuil tusa á húsáid? Tá cuma na Gaeilge air. An í an Cheiltis?

Agus cén fath go seolann tú orm mar "a bhuachaill". An gceapann tú go bhfuil tú níos fearr ná mé mar go bhfuil tú níos sine? An bhfuil eagla ort roimh dhaoine óga atá níos éirimiúla ná thusa?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

UMG
Posted on Tuesday, July 27, 2004 - 06:03 pm:   Edit Post Print Post

teanga : uirthi

Maith an buachaill.

Mol an o'ige agus tiocfaidh siad...

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fear na mBróg
Posted on Wednesday, July 28, 2004 - 12:22 pm:   Edit Post Print Post

Go raibh maith agat as do cheartúchán!

Aon seans gurbh fhéidir leat fadaí a úsáid? Ar an gcuid is mó de ríomhairí, is féidir ["Alt Gr" + guta] a úsáid le guta fada a fháil. Má theipeann air sin agus más WinXP atá á rith agat, is féidir leat méarchlár Gaeilge a insealbhú, ansin oibreoidh ["Alt Gr + guta].

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

UMG
Posted on Thursday, July 29, 2004 - 06:27 pm:   Edit Post Print Post

A chara,

Ni'l aon "Alt Gr" ar mo keyboard, do bhi'odh ar cheann eile agam cheana alright - ta'im ro'-leisciu'il do bheith ag u'sa'id an "cut and paste" thi'os - an bhfuil aon t-sli' eile ann?

Le meas

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fear na mBróg
Posted on Friday, July 30, 2004 - 05:34 am:   Edit Post Print Post

Níl eolas orm faoi aon chaoi eile. B'fhéidir go bhfuil tiománaí méarchláir eile ann ar féidir leis cnaipí eile a úsáid.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Emer
Posted on Friday, July 30, 2004 - 08:34 am:   Edit Post Print Post

Alt +

0193 = Á
0201 = É
0205 = Í
0211 = Ó
0218 = Ú

Alt +

0225 = á
0233 = é
0237 = í
0243 = ó
0250 = ú

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fear na mBróg
Posted on Friday, July 30, 2004 - 09:21 am:   Edit Post Print Post

Ach ní oibríonn sé sin ach le leathanaigh chóid áirithe. Mar shampla, ar mo ríomhairese:

Alt + 225 = ß

In aon chaoi, níor mhol mé é sin mar dúirt UMG cheana féin go mbeadh sé róleisciúil é a úsáid.

Mura bhfuil Alt Gr ar an méarchlár agat, d'insealbhóinn tiománaí méarchláir nua ar féidir leis cnaipí eile a úsáid leis na fadaí a fháil, eg. Home + guta.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Emer
Posted on Friday, July 30, 2004 - 03:17 pm:   Edit Post Print Post

Alt + 0225 = á

alt + 225 = ß

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Maitiú
Posted on Friday, July 30, 2004 - 05:10 pm:   Edit Post Print Post

Maithú !!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aineolaí_na_gaeilge
Member
Username: Aineolaí_na_gaeilge

Post Number: 2
Registered: 08-2004
Posted on Friday, August 27, 2004 - 07:11 am:   Edit Post Print Post

A chairde( ach go háirithe fear na mbrog) ní oibríonn an o-fada, bí foighneach liom! Tá daoine, daoine ag déanamh a seacht ndíchill chun an ghaeilge a fhoglaim, níl siad ag iarraidh ionsaithe lá i ndiaidh lae, faoina mbotún. Tabhair seans doibh, mar i ndeireadh an lae, má ardaíonn uimhreacha lucht na gaeilge is fusa a bheidh sé chun stádas oifigiúil na gaeilge a aimsiú. Ach bí cinnte UMG, ní hea seo meon achan duine a bhfuil gaeilge acu, is mionlach na daoine seo a deir nach bhfuil áit ag duine ar bith sa ghaeilge seachas na daoine foirfeacha, an rud a mhaíonn fear na mbrog. déan neamhaird don ludraim seo, mar i ndeireadh an lae, is fearr linn gaeilge briste ná gaeilge ar bith!

Add Your Message Here
Posting is currently disabled in this topic. Contact your discussion moderator for more information.


©Daltaí na Gaeilge