Author |
Message |
Conor
| Posted on Thursday, July 22, 2004 - 12:01 pm: |
|
Seo dán a scríobh mé faoi shaoire - made-up dán atá ann, ní dheachaigh mé chun na Spáinne i mbliana ach tá mé ag dul chun na Fraince amárach! Woo-hoo Insigí dom bhur mbarúlacha faoi m'iarracht filíochta! Conor --- An tSaoire Le Conor McLaughlin Dubh dóite ag an aerfort, ag fanacht gan foighne Táimid lán-chríochnaite le saoire na Spáinne. Ag fanacht le fearg lenár n-eitleán an-mhall, Agus tá Daidí ag ligint mionn mór go dall. Cén fáth nach féidir leofa a bheith in am? Na rudaí millteanacha uilig a tharla dár bplean, Na tríoblóidí a bhí againne i rith na saoire, Ní thiocfadh leat iad a chuntas ar do chuid méara! Ag tosú na saoire, bhí muid ag fágáil an tí, Bhí chuile pacáilte, nuair a thiontaigh Orla ‘na suí; “A Dhaidí,” a dúirt sí agus ní raibh sí ag magadh, “Sílim go ndearna muid dearmad ar an mhadadh!” Fuarthas an madadh, tugadh eisean don tréidlia, An turas a bhí romhainn, cad é a bheadh níos sia? Ar aghaidh chuig an t-aerfort, bhí ag éirí go geal linn, Ach don chuid eile an turais, cad é a tharlóidh ansin?! Bhí an eitilt go maith, bhí an eitilt go breá, Go dtí gur thosaigh Maeve, mo dheirfiúr beag a rá; “A Mhamaí, a mhamaí,” ar sise le socracht, “Ní maith liom an t-eitleán, an féidir linn imeacht?” D’fhag muid an t-eitleán gan amharc amháin siar, Áthas orainn le fágáil na rudaí damanta go léir! Is cinnte go raibh mí-ádh orainn san Oileán iathghlas, Ach sa Spáinn? Gan seans - saoire an-deas! An chéad dá oíche - craic den scoth, ár ngloiní lán, Ach ba shin gan smaoineamh faoi na rudaí i ndán! An lá ina dhiaidh sin, chuaigh muid ag snámh, An t-uisce chomh fuar, reofadh sé thú chuig an chnámh! Chonacthas gur tháinig an mí-ádh inár ndiaidh, Bhí sé ann san oíche agus i rith an lae. Níor stop na fadhbanna, breis agus go leor - In Éirinn nó sa Spáinn, an mbeadh an difear mór? Tá sé soiléir le feiceáil gur thubaiste mhór an turas, “B’fhearr linn fanacht in Éirinn,” sin cad a dúras. Ní rachaimid chun an Spáinne choíche arís, Fiú, dá mairfinn go dtí 200 bliain d’aois! Níl a fhios agam cad é a dhéanfaimid sa bhliain seo le teacht, Ón shaoire seo, shilfeá go bhfoghlaimeoimis ceacht! B’fhéidir níos luaithe, b’fhéidir níos moille, Ach, is dócha gurb fhearr dúinn fanacht sa bhaile! |
|
Fear na mBróg
| Posted on Thursday, July 22, 2004 - 12:35 pm: |
|
Níl fhios agam cad a rá. Tá súil agam go dtuigeann tú leibhéal d'oilteachta, never mind do chuid Gaeilge. |
|
Conor
| Posted on Thursday, July 22, 2004 - 01:32 pm: |
|
Dúirt Fear na mBróg: Tá súil agam go dtuigeann tú leibhéal d'oilteachta, never mind do chuid Gaeilge. Cad is brí leis sin? "I hope you understand an expert level, never mind your Irish?" |
|
Fear na mBróg
| Posted on Thursday, July 22, 2004 - 02:27 pm: |
|
leibhéal d'oilteachta = leibhéal [do + oilteachta] = the level of you skill |
|
Fear na mBróg
| Posted on Thursday, July 22, 2004 - 02:30 pm: |
|
leibhéal d'oilteachta = leibhéal [do + oilteachta] I hope you realize the level of your skill, never mind your Gaeilge. Mol a bhí ann. |
|
Conor
| Posted on Friday, July 23, 2004 - 07:15 am: |
|
Go raibh míle maith agat!! :D |
|
|