Author |
Message |
Aonghus
| Posted on Thursday, July 15, 2004 - 05:25 am: |
|
http://www.pobail.ie/ie/Preasraitis/d7684.ie.v1.0.t4.html "D'fhógair Éamon Ó Cuív TD, an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta inniu go bhfuil an Rialtas le tús a chur le próiseas plé le Baillstát eile an AE agus le Coimisiún an AE d'fhonn stádas oifigiúil oibre a iarraidh don Ghaeilge san AE faoi Rialachán 1/1958 Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa. Is é an Rialachán an ionstraim dlíthiúil a rialaíonn córas teanga oifigiúil oibre de chuid Institiúidí an AE. Beidh an plé sin dírithe ar chomhaontú a fháil ar na módúlachtaí praiticiúla maidir leis an gcuspóir seo." Más mall, is mithid. Maith thú, a Éamoin. (Agus mar cheol sibh a lucht Stádas!) |
|
Fear na mBróg
| Posted on Thursday, July 15, 2004 - 06:13 am: |
|
B'aoibhinn liom a fhios a bheith agam an fáth go gcuirfí "Stádas" in ionad "Stádais" ar iomlán na bhfógraí. "Siúl ar son stádas oifigiúil..." "i dtreo stádas mar theanga oibre..." Cén teanga í sin? |
|
Aonghus
| Posted on Thursday, July 15, 2004 - 08:42 am: |
|
Feicim go bhfuilir fhéin ar bís le bheith i'd bhall d'Aos Ghramadaí na Gaeilge. Bheadh ionadh orm mura mbeadh bunús réasúnta cruinn gramadaí le fograí Chonradh na Gaeilge agus na Roinne. |
|
Séamas Ó Neachtain
| Posted on Thursday, July 15, 2004 - 11:58 am: |
|
Ar son Stádas Oifigiúil Oibre na Gaeilge - tá sé sin ceart, sílim. Chun stádas...a bhaint amach - sin ceart freisin. Ní fheicim na cinn eile ar an idirlíon, ach amháin ó Chumann na Gaeilge féin (mo náire)! http://www.cnag.ie/nuacht/2004/27g.htm Tá 'sa AE' acu, freisin (tá 'san' ceart roimh ghuta). Ach is féidir go gceaptar go ndéanann "don Ghaeilge san Aontas Eorpach" an frása deimhneach, agus go bhfuil an ceart acu faoi sin. Ní saineolaí mé, ach ní shílim féin go ndéanann. Dheisigh siad 'sa' san alt seo: http://www.cnag.ie/nuacht/2004/prsb2404indexg.htm |
|
Fear na mBróg
| Posted on Thursday, July 15, 2004 - 02:06 pm: |
|
Maidir le "Ar son Stádas Oifigiúil Oibre na Gaeilge", tá sé sin i gceart, mar tá "Stádas" caillithe. Quote:Ach is féidir go gceaptar go ndéanann "don Ghaeilge san Aontas Eorpach" an frása deimhneach, agus go bhfuil an ceart acu faoi sin. Ní saineolaí mé, ach ní shílim féin go ndéanann.
Sin ar cheap mé go díreach, gurbh fhéidir go mbeadh sé deimhneach de bharr an "don Ghaeilge san Aontas Eorpach", ach freisin nílim cinnte. Cén ceann a bhfuil fuaim níos fearr aige: A) Siúil ar son Stádas Oifigiúil don Ghaeilge san Aontas Eorpach B) Siúil ar son Stádais Oifigiúil don Ghaeilge san Aontas Eorpach Is fearr liomsa B. |
|
Caitríona Ní Gháirbhí
| Posted on Thursday, July 15, 2004 - 02:18 pm: |
|
Tá gliondar croí agus sceitimíní áthais orm faoin dea scéal seo. Scríobhas féin chuig an Aire chun comhgháirdeachas a dhéanamh leis as ucht na h-oibre atá déanta aige. Tá tuairim agam go ndearna sé féin go pearsanta ana-chuid machtnaimh agus scagadh ar an gceist chun tábhacht an fheachtais a chur in a luí ar an Oireachtas uilig. Agus ná dearmhadfaimís na stait-sheirbhísigh sa Roinn a rinne mór-chud taighde agus raidhse oibre chun an aidhm chur i gcrích. Agus dar ndóigh, lucht "Stádas". Chuireas féin m'ainm lais an achainí faoi thrí. Bua íontach stairiúil é seo. Caitríona |
|
Séamas Ó Neachtain
| Posted on Thursday, July 15, 2004 - 02:58 pm: |
|
Faoi thrí! Cogar - ná hinis do na nuachtáin sin! Vótáil go moch is go minic, an ea? :-) |
|
OCG
| Posted on Thursday, July 15, 2004 - 03:05 pm: |
|
An bhfuil feisire Eorpach againn a mbeidh in ann óráid a thabhairt as Gaeilge sa mBruiséal? |
|
Fear na mBróg
| Posted on Thursday, July 15, 2004 - 06:55 pm: |
|
Lucht Stádas A Group of Statuses Cheapas-sa nach raibh ach aon stádas amháin i gceist - tá cuma air nach raibh an ceart agam. |
|
Aonghus
| Posted on Friday, July 16, 2004 - 04:31 am: |
|
Ar son Dé, a Fhear na mBróg. Is eagraíocht atá i gceist le "Stádas" Lucht Stádas = baill na heagraíochta sin, a bhí ag stocaireacht chun stádas mar theanga oifigiúl oibre a bhaint amach. Agus ní hionann lucht agus group! fch: lucht [ainmfhocal firinscneach den tríú díochlaonadh] ládáil, lasta, lán árthaigh (lucht loinge); ualach (lucht a ithe); dream nó aicme daoine (lucht oibre, lucht léinn, lucht éisteachta). Tá sainmhiniú sách cúng ar "lucht" nuair is daoine atá i gceist. Ar son Dé, caith uait do spleachas ar foclóirí, agus léigh roinnt leabhra, maith an fear. |
|
Fear na mBróg
| Posted on Monday, July 19, 2004 - 07:55 am: |
|
Léigh mé inniu é seo i "Nuachúrsa Gaeilge na mBráíthre Críostaí": Quote:AN tAINMFHOCAL CINNTE: AN tAINMNEACH THAR CEANN AN GHINIDIGH : COMHAISNÉIS Deirtear go bhfuil ainmfhocal ina ainmfhocal cinnte nuair is do dhuine nó rud áirithe a thagraíonn sé. Is iondúil gur ainmfhocal chinnte iad seo a leanas: (a) ainmfhocal ar lorg an ailt: an fear; don chapall; na daoine.
Mar sin: Siúil ar son stádas oifigiúil don Ghaeilge... Ach maidir le: i dtreo Stádas mar theanga oibre... nílim cinnte go fóill! |
|
In Anam Jé
| Posted on Saturday, July 24, 2004 - 02:24 pm: |
|
Stad. |
|
Fear na mBróg
| Posted on Saturday, July 24, 2004 - 02:51 pm: |
|
Éist do bhéal a amadáin, níl tú mar chuid den ghrúpa seo, imigh leat. |
|
OCG
| Posted on Saturday, July 24, 2004 - 03:30 pm: |
|
A Fhir na mBróg, seo an cuid den bhfóram chun CAINTE. Tá tú ag marú chuile comhrá anseo le trácht ar mionsonrai gramadaí. Fág na ceartúcháin i bhfóram na bhfoghlaimeoirí ach amháin má iarrtar. Tá tú ar nós saineolach ag breathnú ar féileacáin marbha faoi ghloine seachas ag úsaid an teanga mar mhéan cumarsáide. Ná bí chomh tónach, dtuig? |
|
Fear na mBróg
| Posted on Sunday, July 25, 2004 - 09:10 am: |
|
Dá mba é seo an chuid Gaeilge den fhóram, ansin ní bheadh orm gramadach a cheartú. Ach tagann daoine isteach le teanga eile éigin a bhfuil cuma na Gaeilge air, agus tá siad ag milleadh na teanga atá san fhóram seo. |
|
Imithe go deo
| Posted on Sunday, July 25, 2004 - 10:16 am: |
|
Shin job den webbmasstor, a flyca. Tá an suíomh seo millte agat. Slán. |
|
OCG
| Posted on Sunday, July 25, 2004 - 03:52 pm: |
|
Agus bíonn ionadh ar daoine ansin go bhfuil drogall ar Éireannaigh Gaeilge a labhairt. Maith an fear, a Fhir na mBróg, níl tú ag briseadh nós. |
|
An Lann
| Posted on Monday, July 26, 2004 - 07:18 am: |
|
Agus ansin bhí beirt fágtha. (ar daoine?) (Éireannaigh Gaeilge?) (a Fhir na mBróg?) (ag briseadh nós?). Iarr ar do chara iad seo a cheartú,OCG !!! |
|
Fear na mBróg
| Posted on Monday, July 26, 2004 - 09:18 am: |
|
Seo an chaoi ina bhféachaimse air: mura dteastaíonn ó dhuine go gceartófaí a chuid gramadaí, ansin ní theastaíonn uaidh feabhsú. Más é sin an cás, b'fhearr liom go n-úsáidfeá do Ghaeilge bhriste áit éigin eile. Ach... má thagann tú anseo leis an Ghaeilge a fhoghlaim is í a chleachtadh agus ceartúcháin a fháil, ansin tá tú san áit fheiliúnach, agus beidh níos mó ná áthas orm cabhrú leat. Agus ba mhaith liom go gceartófaí mo chuid Gaeilgese freisin, m. sh. ní raibh fhios agam ar cheart "leis an Ghaeilge a fhoghlaim" nó "le an Ghaeilge a fhoglaim" a scríobh thuas. Dá mb'fhearr leat nach gceartófaí do chuid Gaeilge, ansin ní thaitneoidh mise leat ar chor ar bith, agus tá tú san áit chontráilte dar liomsa. Muidne na daoine óná dteastaíonn éirí líofa sa Ghaeilge. -- a Fhear na mBróg ar mhionsonraí ar nós saineolaí ar fhéileacáin mharbha ag úsáid na teanga (nó teangan) ar dhaoine ag briseadh nóis Tá "go bhfuil drogall ar Éireannaigh Gaeilge a labhairt" i gceart, d'ainneoin go scríobhfainnse "go bhfuil drogall ar Éireannaigh, an Ghaeilge a labhairt". Is rud deas é fagáil bheirte nár theastaigh uathu feabhsú. |
|
OCG
| Posted on Monday, July 26, 2004 - 08:28 pm: |
|
Ara, tochas gan sóchas ort, a chníopaire. |
|
Fear na mBróg
| Posted on Tuesday, July 27, 2004 - 06:23 am: |
|
Tá ort fás aníos. Is páiste thú. Is páiste gach duine anseo a dteastaíonn uathu fanacht lena chuid Gaeilge bhriste. |
|
Criostóir
| Posted on Saturday, July 31, 2004 - 01:55 pm: |
|
a dteastaíonn "uathu" ? nó "uaidh" ? Toisc go bhfuil "gach duine" agus "lena chuid" uatha, ní iolra. |
|
Fear na mBróg
| Posted on Saturday, July 31, 2004 - 03:28 pm: |
|
Nílim cinnte. As Béarla, nuair a theastaíonn uaim gan an gnéas a thabhairt, deirim "they" nó "their", m. sh.: They ran that way! Whoever they are, they left their bag here. Mar nach bhfuilim líofa sa Ghaeilge, níorbh fhéidir liom rá an ceart "é" nó "iad" a scríobh thuas. |
|
Criostóir
| Posted on Saturday, July 31, 2004 - 09:28 pm: |
|
a Fhear na mBróg, Nil mé cinnte ach oiread. Ach aontaim leat ar fad faoin bplé thuas. Tá súil agam go mbeidh mé in ann mo chuid "Gaeilge bhriste" a fheabhsú. |
|
Fear na mBróg
| Posted on Sunday, August 01, 2004 - 10:20 am: |
|
Is deas cloisteáil go n-aontaíonn duine éigin liom! |
|
Séamas Ó Neachtain
| Posted on Monday, August 02, 2004 - 10:47 am: |
|
uaidh, déarfainn. Is focal firinscneach é 'duine,' agus dar liom, níl ceist ghnéis ann. |
|
Fear na mBróg
| Posted on Monday, August 02, 2004 - 02:20 pm: |
|
Ach b'fhéidir go bhfuil sé sin ag rá go díreach nach bean an duine? Éinne a labhraíonn Gaeilge go minic, arbh fhéidir leat insint dúinn? |
|
|