mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Archive: 1999-2004 » 1999-2004 (Irish Only) » Deireadh le Gaeilge na hArdteiste! « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fear na mBróg
Posted on Saturday, June 12, 2004 - 09:29 am:   Edit Post Print Post

Chríochnaigh mé an chuid Gaeilge den Ardteist inné! Cúpla mí ó shin, bhí scrúdú béil againn; bhí orainn comhrá a dhéanamh le scrúdaitheoir, d'éirigh liom go maith ann sin. Ansin, dhá lá ó shin, bhí Páipéar 1 againn; bhí aiste le scríobh agus bhí orainn ceisteanna a fhreagairt ar dhá alt. B'éasca liom é sin. Ansin, inné, bhí Páipéar 2 againn; bhí orainn ceisteanna a fhreagairt ar dhánta, scéalta, agus Stair na Gaeilge. D'éirigh liom ceart go leor ann sin, ach níor éirigh liom thar barr ar na scéalta! Agus ina dhiaidh sin, bhí an scrúdú éisteachta againn; seinneadh comhráite, fógraí, agus a leithéid. Níor éirigh liom thar barr ann seo freisin, ba an-deacair liom roinnt de na blais a thuiscint, ach go fóill, d'éirigh liom ceart go leor, déarfainn.

I ndiaidh an iomláin, déarfainn go bhfuair mé C nó B san ard-leibhéal. :)


An bhfuil éinne eile anseo ag déanamh na hArdteiste i mbliana?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

5678
Posted on Saturday, June 12, 2004 - 12:11 pm:   Edit Post Print Post

Comhgháirdeas, a mhic-ó! Fáinne óir ort!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

PAD
Posted on Saturday, June 12, 2004 - 08:05 pm:   Edit Post Print Post

Comhgháirdeas go deimhin. Maith thú!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

OCG
Posted on Saturday, June 12, 2004 - 08:42 pm:   Edit Post Print Post

Go n-éirí leat a Fhir na mB!! Cuir uait é anois agus bain taitneamh as an samhradh.

Ní raibh scrúdú éisteachta ann nuair a rinne mé an Ardteist i 1987, cathain a bhunaigh siad é agus cé mhéad marc?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fear na mBróg
Posted on Monday, June 14, 2004 - 02:07 pm:   Edit Post Print Post

Rinne tú an Arteist i 1987, agus rugadh mé i 1987!

B'aoibhinn liom insint duit faoi na marc, ach níl na páipéir agam anois díreach; ceapaim go bhfuil siad ar fáil ag www.examinations.ie!

Bainfidh mé ard-taitneamh as an samhradh seo! Gheobhaidh mé post agus ceannóidh mé gluaisteán!

Beidh na torthaí amuigh ar Lúnasa 18ú. Inseoidh mé libh conas a éiríonn liom!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Posted on Tuesday, June 15, 2004 - 06:45 am:   Edit Post Print Post

Ta mearbhall ormsa anois. Do rinne mise an Ardteist i 1986 - agus bhí scrúdú éisteachta ann, dar liom.


Táim cinnte gur éirigh go seoigh leat a FnaB. Cad é an chéad céim eile?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fear na mBróg
Posted on Tuesday, June 15, 2004 - 10:42 am:   Edit Post Print Post

An chéad chéim eile?... Níl aon ann. Is ag foghlaim Gaeilge le cúig bliana anuas a bhfuil mé anois. Bhfuel, le tamall, coimeádfaidh mé ag foghlaim 's ag foirfiú mo chuid Gaeilge - mo chuid gramadaí 's mo stór focal. Sin an plean ar anois.
B'fhéidir lá amháin go rachaidh mé go háit Ghaeltachta? Nuair a bheidh gluaisteán agam b'fhéidir. Go dtí sin... beidh me anseo díreach!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Posted on Tuesday, June 15, 2004 - 11:47 am:   Edit Post Print Post

Ollscoil, post, .....

Beimid ag foghlaim Gaeilge go deo! Nuair a dfhiafraigh daoine de De Bhaldraithe (fear na bhfoclóir) cad a bhí ar siúl aige anois agus é an pinsean, dúirt sé "Ag foghlaim Gaeilge" ;-)

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fear na mBróg
Posted on Wednesday, June 16, 2004 - 08:26 am:   Edit Post Print Post

Níl aon phlean ar bith agam. Feicfidh mé conas a rachaidh sé!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aineolaí_na_gaeilge
Member
Username: Aineolaí_na_gaeilge

Post Number: 3
Registered: 08-2004
Posted on Saturday, August 28, 2004 - 01:24 pm:   Edit Post Print Post

Fear na mbrog, déarfainn go n-éirí go geal leat. Rinne mise an AS Level, seo mé sna Sé Chontae, fuair mé iomlán na marcanna seachas sa scrúdú litríochta, ar chaill mé dhá mharc ann. Tá scoth na gaeilge agat, an raibh ort scrúdú áistriúcháin a dhéanamh mar beidh orm ceann a dhéanamh. Cad é mar a d'éirigh leat sa deireadh thiar?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fear_na_mbróg
Member
Username: Fear_na_mbróg

Post Number: 22
Registered: 08-2004
Posted on Sunday, August 29, 2004 - 10:37 am:   Edit Post Print Post

Shroich mé abhaile ón Spáinn inniú, bhíos inti le dhá sheactain. Rinne mé iarracht beagán Spáinnise a fhoglaim nuair a bhíos ann, Olah! Buenos Noches! ¿Ablas Englais? Chuaigh mé go cúpla tábhairne "Gaelach" nuair a bhíos inti. "An bhfuil an Ghaeilge ag éinne anseo?". Sé an t-aon fhreagra amháin a bhfuair mé ná "...What did you say?". Tá sé roghnaithe agam go rachaidh mé chuigh an nGaeltacht chomh luath is a fhaighim gluaisteán! Ansin beidh daoine ann a labhróidh an teanga seo liom!


B3 a bhfuair mé san ardleibhéal don Ardteist, táim sásta leis. Ní raibh orm aon scrúdú aistrithe a dhéanamh don Ardteist - sí an fhadhb a bheadh leis sin ná nár mhór Béarla a roghnú mar an teanga eile... ach níl aon bhaint níos mó leis an nGaeilge ag Béarla ná atá ag an Spáinnis, nó ag an nGearmáinis - ach go fóill, níor mhór é a aistriú go Béarla, nó vice versa.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aineolaí_na_gaeilge
Member
Username: Aineolaí_na_gaeilge

Post Number: 4
Registered: 08-2004
Posted on Monday, August 30, 2004 - 06:28 am:   Edit Post Print Post

Ar doigh ar fad a fhear na mbrog. Nach bhfuil tú ag dul an ollscoil a thabairt ort féin anois! Cad é B3 go díreach? Cén Gaeltacht a rachfas tú ann? Tá rún agamsa nuair a bheas an ArdLéibhéal thairim, dul chuig Rann na Feirste no Gort A' Choirce, bhuel áit ar bith i dTír Chonaill!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fear_na_mbróg
Member
Username: Fear_na_mbróg

Post Number: 27
Registered: 08-2004
Posted on Monday, August 30, 2004 - 07:47 am:   Edit Post Print Post

Teastaíonn uaim dul chuigh an nGaeltacht is mó sa tír! An í sin Connemara (Cad í an Ghaeilge ar "Connemara", "X na Mara"?) ? Teastaíonn uaim go mbeadh an teanga i ngach áit, gach síopa, gach teach tábhairne, á labhairt ar an tsráid - cosúil lena bhfuil sé sa Spáinn, cloiseann tú an Spáinnis gach áit do dtína dtéann tú.

Arbh fhéidir le héinne insint dom, an n-úsáidtear na foirmeacha "abbreviated" (Gabh mo leithscéal as Béarla a úsáid, níl aon fhoclóir agam ag an nóiméad) go minic leis na briathra, mar shampla: Táir, Rachfas, Dhúnas, Bhrisis, Gheobhair? An mbeadh copail ag éinne go láithrean ar an idirlíonn a léiríonn iomlán na bhfoirmeacha difriúla? Tá orm iad a fhoghlaim.

Rud éigin níos mó. Is maith liom:

Dhúnas an doras

a rá in ionad:

Dhún mé an doras

ach cad a tharlaíonn nuair a thagann sé go:

Chuaigh mé
Chonaic mé
Chuala mé
Tháinig mé
Fuair mé
Bhí mé

Nach mbeadh débhríocht ann dá ndéarfaí?:

Chonacas

mar tá fuaim an-chosúil le "Chonacthas" aige. An gcuirtear béim ar an bhfuaim H chun bheith cinnte cad atá á rá agat?

...agus conas a fhuaimnítear "Rinneadh"? An bhfuaimnítear é go díreach mar a fhuaimnaítear "Rinne", nó an gcuirtear béim ar an bhfuaim 'a' dheireannach, ie. RinnAAAA?

Agus:

Lasfainn an solas dá mbeadh sé muachtha.

An bhfuil éinne anseo a fhuaimníonn é sin go díreach mar a fhuaimnítear "Lasann"? nó an gcuireann sibh béim ar an bhfuaim H, ie. "LasHin". Nó an bhfuaimníonn sibh fuaim F, ie. "LasFin"?

Agus:

Rug Máire buachaill

Tá fhios agam gurb í a fhoirm shoar sin ná:

Rugadh buachaill

Ach nuair a thagann sé go:

Rug sé ar an bpeann

chuala mé go raibh foirm eile ann, "Beirtheas" nó rud éigin. Arbh fhéidir le héinne mé a "enlighten" (Gabh mo leithscéal arís as Béarla a úsáid) ?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aineolaí_na_gaeilge
Member
Username: Aineolaí_na_gaeilge

Post Number: 7
Registered: 08-2004
Posted on Tuesday, August 31, 2004 - 08:38 am:   Edit Post Print Post

a fhear na mbrog an bhfuil sé ar intinn agat post a dhéanamh sa ghaeilge, no arbh fhearr leat slí eile a leanstáil?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fear_na_mbróg
Member
Username: Fear_na_mbróg

Post Number: 35
Registered: 08-2004
Posted on Tuesday, August 31, 2004 - 09:04 am:   Edit Post Print Post

Ní sé fúm ar bith post bainteach leis an nGaeilge a fháil. Is cuma liom faoi mo shlí bheatha ag a nóiméad - sa chéad domhan a bhfuil cónaí orm, ní gá dom imní a bheith orm faoi m'uisce beatha!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 76
Registered: 08-2004
Posted on Tuesday, August 31, 2004 - 09:15 am:   Edit Post Print Post

l sé fúm ar chor ar bith post bainteach leis an nGaeilge a fháil. Is cuma liom faoi mo shlí bheatha ag an nóiméad - sa chéad domhan, ina bhfuil cónaí orm, ní gá dom imní a bheith orm faoi mo chuid uisce beatha!

Agus táim amhrasach faoin úsaid sin de "fúm".

"Níl sé ar intinn agam" a bheadh agamsa.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fear_na_mbróg
Member
Username: Fear_na_mbróg

Post Number: 36
Registered: 08-2004
Posted on Tuesday, August 31, 2004 - 09:29 am:   Edit Post Print Post

Táim i mo shuí in aghaidh fuinneoige a bhfuil an ghrian ag bualadh isteach inti anseo i m'obair, ní féidir liom smaoineamh nó scríobh i gceart!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 77
Registered: 08-2004
Posted on Tuesday, August 31, 2004 - 11:38 am:   Edit Post Print Post

Sea, muis. Seachain an ghrian!

Conas a suíonn tú in aghaidh fuinneoge?

"Ós comhair" is dócha atá i gceist agat. Nó an bhfuil tú ag achrann leis an bhfuinneog?


Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fear_na_mbróg
Member
Username: Fear_na_mbróg

Post Number: 38
Registered: 08-2004
Posted on Tuesday, August 31, 2004 - 02:51 pm:   Edit Post Print Post

Os comhair na fuinneoige!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 78
Registered: 08-2004
Posted on Wednesday, September 01, 2004 - 04:21 am:   Edit Post Print Post

Ní bhíonn saoi gan locht! Tá an ghramadach go paiteanta agat, bail ó Dhia ort. Bhíos ag spocadh asat toisc go gcuireann abairtí cosúil le "níl sé ar initinnn agam thú a mhaslú" cantal orm!

Mholfainn dhuit ceart go leor dul go Gaeltacht éigin. Níl tuairim agam cén Ghaeltacht laidir ab fhearr. Cad a dhéanfaidh tú agus tú ann? Ba cheart duit post éigin a fháil, nó is beag teangmháil a bheadh agat leis an bpobal. Is dócha gurbh post i siopa nó tabhairne ab fhearr.

Agus léigh níos mó! Bíonn lorg an Bhéarla ar do scríobhnóireacht ó am go chéile - leitheidí "in aghaidh" (ar aghaidh an leagan ceart silím. Ach is minic a dhéanaim botún nuair a dhéanaim domhain smaoineamh ar an cheist seachas an rud atá im chloigeann a scríobh).

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aineolaí_na_gaeilge
Member
Username: Aineolaí_na_gaeilge

Post Number: 13
Registered: 08-2004
Posted on Wednesday, September 01, 2004 - 12:09 pm:   Edit Post Print Post

cé a bhfuil tú ag caint leis a Aonghus?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 80
Registered: 08-2004
Posted on Wednesday, September 01, 2004 - 12:26 pm:   Edit Post Print Post

le Fear na mBróg. Ach is comhairle mhaith atá ann pé scéal é!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aineolaí_na_gaeilge
Member
Username: Aineolaí_na_gaeilge

Post Number: 15
Registered: 08-2004
Posted on Thursday, September 02, 2004 - 10:09 am:   Edit Post Print Post

ach ní dóigh liom go dtig leat a rá go bhuil cuma Béarla ar a chuid ghaeilge de bharr an bhotúin sin amháin.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 87
Registered: 08-2004
Posted on Thursday, September 02, 2004 - 10:19 am:   Edit Post Print Post

Nílim. Tá taithí fhada agam ar FnaB anseo, agus deirfinn go n-admhódh sé fhéin go mbíonn lom aistriú ar bun aige uaireanta. Ní ag caitheamh anuas air atáim. Tá conaí air sa Pháil cosúil liom fhéin, agus is beag deis atá aige gaeilge beo do chlos. É fhéin a luaigh an smaoineamh dul chun na Gaeltachta; bhíos á threisiú sa phlean sin.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fear_na_mbróg
Member
Username: Fear_na_mbróg

Post Number: 44
Registered: 08-2004
Posted on Thursday, September 02, 2004 - 10:55 am:   Edit Post Print Post

Ag an nóiméad seo, tá an ghramadach agam agus stór focal mór go leor, ach go fóill ní fhaighim deis gach rud a chur le chéile leis an teanga a labhairt mar is ceart. Mar shampla, níor thuig mé an chéad am go ndúirt duine liom "Cén scéal?". Cheapas gur "What story?" a bhí á rá aige, ach is "What's the story?" a bhí. Ní raibh fhios agam gurbh ionann "Cad é an" agus "Cén".

Anois, ní féidir liom mo chuid Gaeilge a fheabhsú ach trí dhul chuigh Gaeltacht, agus sé sin atá ar intinn agam!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aineolaí_na_gaeilge
Member
Username: Aineolaí_na_gaeilge

Post Number: 17
Registered: 08-2004
Posted on Thursday, September 02, 2004 - 04:11 pm:   Edit Post Print Post

Tá mé bronach Aonghus, ach ní ach ag seasamh an fhoid a bhí mé ar son FnaB, ach más feabhsú sa ghaeilge atá uaidh, níl a sarú le fáil ar an ghaeltacht.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 89
Registered: 08-2004
Posted on Friday, September 03, 2004 - 04:47 am:   Edit Post Print Post

A Aineolaí, ní gá bheith brónach. Ní thig leatsa stair an chaidreamh idir FnaB agus mé fhéin a bheith agat. Agus ní fheictear mothúchain anseo, faraor - níl ann ach focla loma.

Chaith mise tréimhse sa Ghearmáin, agus tá an nós Gearmánach agam bheith díreach.

A FnaB, baineann an foirm taithithe den bhriathair le Cúige Mumhan (fuaireas, chuas agus rl). Seans mar sin gur cheart duit aghaidh a thabhairt ar Chorca Dhuibhne.

Add Your Message Here
Posting is currently disabled in this topic. Contact your discussion moderator for more information.


©Daltaí na Gaeilge