Author |
Message |
Gearóid Ó Ceallaigh
| Posted on Thursday, June 10, 2004 - 12:12 pm: |
|
Tá cuireadh oraibh teacht go Cóisir Ghaeilge ag Scoil Ghaeilge Ghearóid Tóibín an Déardaoin 6 Meithimh 2004 ag 7:45PM sa Halla Ancient Order Of Hibernians, 27 Locust Avenue, Babylon, Inis Fhada. Tosaíonn an chóisir seo trian nua samhraidh don Scoil agus beidh léamha againn ó leabhar nua An File Ar Buile - Poems From America, síniú an leabhair leis an údar (.i., ár gcara agus múinteoir Séamas Ó Neachtain), ceol traidisiúnta leis Na Buachaillí Dána, agus soláistí - gach saor i n-aisce. Tá Scoil Ghaeilge Ghearóid Tóibín díreacht tar éis céiliúradh 15 bliain de mhúineadh na Gaeilge agus leathadh úsáide na Gaeilge mar theanga bheo. Le fáilte roimh cách, soláthraíonn an Scoil clár teagaisc leathain na Gaeilge, taighde i litríocht agus i gcultúr Gaelach, agus Gaeltacht Shámhalta ar an idirlíon. D'eolas breise, cuir glao ar Ghearóid Ó Ceallaigh ag 516-221-2910. Tagaigí, agus beidh spraoi agaibh! - Gearóid |
|
Seosamh Mac Muirí
| Posted on Saturday, June 12, 2004 - 05:52 am: |
|
Guím gach rath ar an scoil. (agus cuirfidh sé seo go barr an liosta arís thú a Ghearóid) |
|
Gearóid Ó Ceallaigh
| Posted on Saturday, June 12, 2004 - 05:03 pm: |
|
Go raibh maith agat, a Sheosaimh Mhic Mhuirí. Is fear maith thú. - Le gach dea-ghuí, - Gearóid |
|
|