Author |
Message |
OCG
| Posted on Friday, June 04, 2004 - 08:27 pm: |
|
This is a line from Úna Bhán: Nárbh fhearr dom bheith gan súile ná d'fheiceáil arís.. Which I understand to mean: Wouldn't I be better to be without eyes than ever to have seen you. That construction [d'fheiceáil] is nice and short and seems much handier to use than e.g. [tú a fheiceáil] so my question is: Could I say: Ba bhreá liom do chloisteáil arís? I would love to hear you again.. etc. Is that a valid way of constructing this in ordinary speech. |
|
Fear na mBróg
| Posted on Saturday, June 05, 2004 - 09:42 am: |
|
Ceist mhaith! Bheadh sé seo a leanas ráite agamsa sa chás gur luaigh tú: Nárbh fhearr dom bheith gan súile ná thú a fheiceáil arís... Níor chuala mé riamh léithéid "d'fheiceáil" úsáidte mar sin. Ceapaim, nuair a deirtear "d'fheiceáil" in ionad "thú a fheiceáil", go bhfuiltear ag moladh gur tharla an eachtra. Mar shampla: Is maith liom é a mharú. I like to kill it. Is maith liom a mharú. I like its killing (b'fhéidir go bhfuil sé seo ag moladh gur maraíodh é, agus gur maith leat gur maraíodh é?) In aon chaoi, ní chloisfí mise ar bith á rá sin, déarfainnse: Is maith liom gur maríodh é in ionad Is maith liom a mharú Agus, le "I like to kill" a rá, déarfainn: Is maith liom marú. -- Ba bhreá liom do chloisteáil arís? Bhuel, d'úsáidfinn an réamhfhocal "ó" ann sin: Ba bhreá liom cloisteáil uait arís. Ach, tógfaidh mé cás eile: "I'd love to see you again": Ba bhreá liom thú a fheicéail arís. Maidir le "Ba bhreá liom d'fheiceáil arís", cheapfainn gur brí leis sin ná "I'd love your seeing again", mar shampla dá mbeadh siad amuigh ag faire ar éin agus go raibh seisean ag cabhrú léi leis na héin a fhéicéail! -- Ach, le do cheist a fhreagairt: "Is that a valid way of constructing this in ordinary speech.", nílim cinnte! |
|
OCG
| Posted on Monday, June 07, 2004 - 09:06 pm: |
|
GRMA a Fhir na mBróg. Tuairim eile ag éinne? |
|
|