Author |
Message |
Gaeilgeoir
| Posted on Sunday, May 30, 2004 - 07:45 pm: |
|
Dia dhaoibh, Cén chaoi a bhfuil sibh? Ba mhaith liom chugaibh a insint faoin ngrúpa a dhéan mé ar Ghrúpaí Yahoo!. Seo é an nasc de agus ar ndóigh tá fáilte robhaibh go léir i bhur mball ann a bheith. :-)) http://groups.yahoo.com/group/Gaeilgeoiri Go raibh maith agaibh! Is mise, le meas, Mícheál Modhnóir, Gaeilgeoirí |
|
Fear na mBróg
| Posted on Monday, May 31, 2004 - 09:02 am: |
|
'Sí an áit is fearr ar an idirlíon do Ghaeilge briste! |
|
Séamas Ó Neachtain
| Posted on Tuesday, June 01, 2004 - 10:13 am: |
|
Agus do Ghaeilge bhriste... |
|
Fear na mBróg
| Posted on Tuesday, June 01, 2004 - 12:21 pm: |
|
Sea, do mo Ghaeilgese bhriste! |
|
Aonghus
| Posted on Wednesday, June 02, 2004 - 06:19 am: |
|
Eh... do mo Ghaeilge bhriste-se má tá tú meata ar an íarmhír treisithe d'usáid. |
|
Fear na mBog
| Posted on Wednesday, June 02, 2004 - 08:20 am: |
|
Ní féidir leat bheith i ndáiríre! An é sin an chaoi ina ndéantar é?! |
|
Aonghus
| Posted on Thursday, June 03, 2004 - 04:14 am: |
|
Táim. Is ea. Aonad atá i "Gaeilge briste", tagann an íarmhír ag deireadh an aonaid. |
|
Fear na mBróg
| Posted on Thursday, June 03, 2004 - 07:26 am: |
|
Bhuel, caithfidh mé rá go bhfuaimníonn sé níos nádúrtha i gcaoi. Anois, béarfaidh mé ar mo mhála scoilese. (Níl flesicín ag teastáil i ndiaidh guta). |
|
Tomás
| Posted on Wednesday, June 23, 2004 - 01:29 pm: |
|
Níl aon rud le rá agam. Ach bhí sé ag cur isteach orm nach raibh aon phost ar an suíomh Gaeilge seo le laethanta anuas. Cá ndeachaigh na Gaeilgeoirí go léir? "Cá bhfuil an sneachta a bhí chomh geal anuraidh?" |
|
Séamas Ó Neachtain
| Posted on Wednesday, June 23, 2004 - 01:55 pm: |
|
Bhuel, tá dream againn ag www.scoilgaeilge.org/liosta! |
|
Fear na mBróg
| Posted on Wednesday, June 23, 2004 - 03:04 pm: |
|
Pioc ábhar 's go labhraímid! Táimse anseo! |
|
Gaeilgeoir.
| Posted on Thursday, June 24, 2004 - 12:02 pm: |
|
"Cá ndeachaigh na Gaeilgeoirí go léir?" a duirt Thomás. Chuaigh cuid maith dóibh ar Cruise Dhaltaí go Nova Scotia (6/19-24). Bhí idir 70-80 sa dream agus bhí spraoí gan insint againn agus Gaeilge binn le cloisteáil ann. Craic is cairdeas a bhí ann. Is dócha go mbeidh an scéal scríota ag an nGliomach Rua i gceann tamaillín. Is trua nach raibh seans agaibh go léir a bhí linn. |
|
Séamas Ó Neachtain
| Posted on Monday, June 28, 2004 - 04:42 pm: |
|
Conas a bhí an turas sin? Aon scéal ag éinne? |
|
rath
| Posted on Monday, June 28, 2004 - 09:29 pm: |
|
A chairde, Bhí mise ar an gcruise agus sílim gur bhain 'chuile dhuine an-sult as. Bhí 94 daoine ann. Nuair a bhí muid i lár na farraige móire bhí ranganna ar siúl le haghaidh tosaitheoirí agus daoine liofa, agus bhí cúpla rang gramadaí le fáil freisin. Bhí cúpla léacht - as Gaeilge agus as Béarla - agus ceardlann rince againn. Bhí seisiún neamhfhormiúil ar siúl beagnach 'chuile oíche, agus ceann amháin mór oíche Mháirt. Stad muid leath lá i St. John agus lá eile in Halifax. Shocraigh Daltaí turas don Halifax trí Ghaeilge agus bhí sé sin an-suimiúil agus eolasach. Agus, ag an ndinnéar deireanach, rinne cúpla againn taispeántas rince lena freastalaí - cuid den Aoibhneas na Bealtaine - os comhair lucht an dinnéir!! Ba mhór an spórt agus spraoi againn a buíochas ar an triúir fear a chuir an turas iontach le chéile ar ar son. Go raibh míle míle maith agaibh, a bhuachaillí, Rath |
|
Tomás
| Posted on Tuesday, June 29, 2004 - 02:08 pm: |
|
Rath, a chara, Is fada nach bhfaca mé thú. Is mór an trua nach rabh muid, Jen agus mé féin in ann a bheith libh. Cé hiad na fir a chuir le chéile an turas? An Trionóid Neamh-Naofa: Liam, Pádraig Mór agus Tomás M.? Tomás H. |
|
Séamas Ó Neachtain
| Posted on Tuesday, June 29, 2004 - 03:36 pm: |
|
Scéal maith sin! An-deas ar fad. Bhí mé in St. John agus Halifax, agus is áiteanna deasa iad. Ní raibh mé ar chúrsáil mar sin riamh. |
|
Fear na mBróg
| Posted on Tuesday, June 29, 2004 - 05:36 pm: |
|
Is álainn Gaeilge den chaighdeán seo a léamh, caithfidh mé rá! Píosa deas léimh a scríobh tú ansin a Raith. |
|
rath
| Posted on Wednesday, June 30, 2004 - 09:52 pm: |
|
A Fhear na mBróg, Go raibh maith agat - is ach dalta mé, ach déanaim mo seacht ndícheall. Rath |
|
rath
| Posted on Wednesday, June 30, 2004 - 10:12 pm: |
|
A Thomáis, a stór, B'fhéidir go mbeidh ceann eile againn lá de na laethanta seo!! Agus is aoibhinn liom an "moniker" An Tríonáid Neamh-Naofa. Is é sin an leasainm ceart go díreach dóibh: Liam, Pádraig agus Stiobhárd. Ach i ndáiríre, d'obair siad go dian 'chuile rud a eagrú. Beir mo dhea-mhéin chuig Jen agus na páistí. Rath |
|
rath
| Posted on Wednesday, June 30, 2004 - 10:19 pm: |
|
oops . . . ach déanaim mo sheacht ndícheall. (ó am go ham ar aon chuma) |
|
Séamas Ó Neachtain
| Posted on Thursday, July 01, 2004 - 10:27 am: |
|
Ní raibh ann ach do shé dhícheall an uair sin, is dócha... ;-) |
|
Ed
| Posted on Saturday, July 03, 2004 - 05:10 pm: |
|
"d'oibrigh" siad. |
|
rath
| Posted on Saturday, July 03, 2004 - 10:25 pm: |
|
Go raibh míle maith agat, a Ed. Ní raibh smaoineamh ar bith agam go raibh "d'obair" mí-cheart. Ach as seo amach beidh an fhoirm cheart agam! Go raibh maith agat arís. |
|
Fear na mBróg
| Posted on Sunday, July 04, 2004 - 05:43 am: |
|
Bhí 94 duine ann. ...agus muid ag ceartú botún! |
|
|