Author |
Message |
Seosamh Mac Muirí
| Posted on Friday, May 21, 2004 - 04:38 am: |
|
Tá sibh le moladh as an gclár a ghlanadh. Brúnn nimh an tsaoil isteach ar an teanga ó thráth go chéile mar a tharla inné. Ní fearrde an teanga an brú sin. Níl mé a rá gur fearrde an teanga a bheith ag seachaint chúrsaí an tsaoil ach oiread, ach ba léir gur bheag spéis an chéad scríbhneora inné i bhfocail na Gaeilge. Níorbh é ach oiread gur ag iarraidh sinn a ghríogadh chun tuilleadh comhrá Gaeilge a bhí, ba léir. Ní haon dochar gur chaith sibh an snáithe sin i gcártaí. Bheartaigh agus ghníomhaigh sibh mar ba cheart. Molann an beart sibh. |
|
Fear na mBróg
| Posted on Friday, May 21, 2004 - 08:10 am: |
|
Labhraíonn Seosamh ar a shon féin amháin. Ní labhraíonn sé ar mo shonsa. Níor glanadh an clár. Claonadh é. Agus sibh á dhéanamh, cén fath nach mbaineann tú sclábhaíocht amach as leabhair staire de Mheirceá. Bheidís níos deise chun léamh mar sin. |
|
Mary
| Posted on Friday, May 21, 2004 - 08:35 am: |
|
Tóg go bog é, a Fhir. Is clár Gaeilge é seo nach dtuigeann tú? Is dócha go bhfuil milliún clár ann ag plé leis an nuacht. Níl ach cúpla ceann ann in a bhfuil tú an Ghaeilge a chleachtadh. Ní bhíonn in aon rud ach seal. Tóg go bog é. |
|
Séamas Ó Neachtain
| Posted on Friday, May 21, 2004 - 10:12 am: |
|
Is trua nach bhfuil a fhios agam cad tá idir lámha agaibh leis an dtéad seo, mar ní bhíonn comhrá as Gaeilge amháin le fáil anseo ach go hannamh. Ach mar chuaigh rudaí thar fóir, is cóir iad a stad sula claochlaíonn an rud ina chlár plé Beo... (Tá sé ag éirigh linn réasúnta maith ag www.scoilgaeilge.org/liosta, dála an scéil) |
|
|