Author |
Message |
Fear na mBróg
| Posted on Thursday, May 20, 2004 - 08:10 am: |
|
Cá ndeachaigh gach éinne?! |
|
Seosamh Mac Muirí
| Posted on Thursday, May 20, 2004 - 12:59 pm: |
|
Ag déanamh bolg le gréin is dóigh. |
|
Fear na mBróg
| Posted on Thursday, May 20, 2004 - 01:22 pm: |
|
Mar sin, go labhraí muid faoin aimsir! An bhfuair éinne dó gréine ar bith? Nó coirt dhonn dheas b'fhéidir le linn an chúpla lá anuas? An ndeachaigh éinne go dtí an trá, nó ag snámh, nó ag rothaíocht nó ag siúl sna sléibhte? An raibh picnic ag éinne? Labhraigí! |
|
Ed
| Posted on Thursday, May 20, 2004 - 08:29 pm: |
|
Táimse ag obair sa ghairdín anseo in Inis Fada Nua Eabhrac. Tá an aimsir go breá faoi lathair ach níl sé te go leor snámh fós. Go luath b'fhéidir. |
|
Seosamh Mac Muirí
| Posted on Friday, May 21, 2004 - 04:21 am: |
|
Tá craiceann rí na láimhe triomaithe bán orm as a bheith ag siúl thart ar muinchille fillte. Chaith mé an tseachtain seo caite thall i Laitvia agus bhí teas mór againn an chéad lá, ach d'iompaigh an ghaoth agus thit an teocht go grinneall, 2 chéim os cionn an reo i lár an lae. Bhí an-athrú (éadaí agus eile) le brath i ndiaidh tuirlingt i mBÁC Dé Sathairn. Tír an-deas agus dream an-deas iad muintir na Laitvia ach measaim go bhfuil buntáiste mór againn orthu le boige aimsir na hÉireann. Tá an aimsir go haoibhinn anseo arís inniu le gréin, le teas agus le leoithne bheag ghaoithe in éindí. Mar a d'iarrfadh do bhéal a bheith. |
|
Celtoid
| Posted on Friday, May 21, 2004 - 07:54 am: |
|
Tá mé i mo chónaí i Stát Nua-Eabhrac, sa tuaisceart, in aice le Ceanada. Bhí sé ag báisteach go trom aréir, ach níl sé mar sin anois. Tá súil agam go bhfanfaidh sé mar sin mar tá neart oibre le déanamh agam ag baint an fhéir! Is garrantóir pictiúrtha mé. |
|
Fear na mBróg
| Posted on Friday, May 21, 2004 - 08:02 am: |
|
Dea-scéal, a Cheltoid. -- Ag bearradh an fhéir gearr = cut bearr = cut (but it will grow back, eg. hair, grass, deers' horns) |
|
Aonghus
| Posted on Friday, May 21, 2004 - 09:15 am: |
|
Damnú air. Gearrtar, bearrtar nó baintear féar. Ná bí chomh diongbhailte, a Fhear na mBróg. |
|
Paul
| Posted on Friday, May 21, 2004 - 09:56 am: |
|
Tá an t-ádh dearg orainn i Nua Jersey mar gheall tá aimsir álainn againn le cúpla mí anuas. Tá páirc phoiblí mór deas 10 nóiméad síos an bóthar ó m’árasán agus caithim cuid mhaith ama ann nuair atá seans agam. Feicim chuile sort aimnithe nuair a tá mé ansin, fia, herons, voles, etc. Tá an páirc suite in aice abhainn casta, 15 míle o Cathair Nua Eabhrac. Táimid in ann canoe ar cíos a fháil ann chomh maith. Tamaillín ó shin, thug duine píosa talún do ár mbaile mar páirc phoiblí. Tá sé díreach in aice leis an páirc phoiblí mór. Is suíomh álainn é, breac le crainn agus suite in aice na habhann. Bhuel, sin é... Paul |
|
Celtoid
| Posted on Monday, May 24, 2004 - 08:41 am: |
|
Éist do bhéal thusa, a Fhear na mBróg! Ó Dónaill: féar a bhaint, to cut grass, hay. Ach measaim go mbeadh sé níos ceirte dhá ndúirt mé "tá neart oibre agam le déanamh" san áit "tá neart oibre le déanamh agam". |
|
Aonghus
| Posted on Monday, May 24, 2004 - 09:04 am: |
|
Ní bheadh! "tá neart oibre le déanamh agam" is cirte. Maidir le baint; is gnách go mbeidh tú ag bailiú an méid a bhí bainte agat. Sa mhéid sin, bhí roinnt den chirt ag FnaB. Ach bhí am méid a scríobh tú intuigthe. |
|
Fear na mBróg
| Posted on Monday, May 24, 2004 - 10:39 am: |
|
níos cirte dá ndéarfainn "tá near... Coimeád súil ar an ngramadach sin, a Cheltoid! |
|
Brien Hoye
| Posted on Monday, May 24, 2004 - 11:43 am: |
|
Bhuel, cibé an gramadach ar bith, bhí sé ag cuir fearthainne go trom i bPortland, ME maidin inniu. Brían |
|
Fear na mBróg
| Posted on Monday, May 24, 2004 - 01:39 pm: |
|
Tá sé maith go leor anseo i mBaile Athá Cliath; beagán fuar, d'ainneoinn an taitnimh ghréine, ach go deas. Tá an samhradh ar a shlí isteach anois! Grian, Farraige, Gaineamh! An bhfuil cónaí ar éinne anseo in áit te? Florida b'fhéidir, nó Texas? |
|
Fear na mBróg
| Posted on Monday, May 24, 2004 - 01:47 pm: |
|
Ag léamh ar ais ar an snáithe seo, réadaigh mé nár scríobh éinne as Béarla ar bith! Tá an caighdeán Gaeilge ag feabhsú go mór ag gach éinne. Comhgairdeas! ...agus feicim gur scrios mé go beagán é trí gramadach a cheartú - Gabh mo leithscéal as sin, níor réadaigh mé é san am, ach anois feicim; níorbh í m'intinn ach ná an caighdeán Gaeilge a fheabhsú, agus anois feicim nár ghá dom! Tá sé thar barr! |
|
Natalie
| Posted on Monday, May 24, 2004 - 06:31 pm: |
|
Tá mé i mo chónaí i Ceanada, san oirthear agus tá sé fuar inniu! Níl mé ag déanamh aon rud agus tá leathuirse orm. Tá mé ag éisteacht le ceol agus tá súil agam a bheidh sé grianmhar amárach ach ní bheidh sé, is dócha. [can anyone correct that...just so i know what i did wrong?] |
|
Fear na mBróg
| Posted on Monday, May 24, 2004 - 08:25 pm: |
|
Is maith am a chaiteamh trí éisteacht le ceol, d'aontóinn! -- i gCeanada ag déanamh aon ruda leith-thuirse : leith, slender version of "leath". You do repeat the "th", except with "leataobh" and "leatrom", eg. "leath-thonna". tá súil agam go mbeidh Tá do chuid Gaeilge go hiontach! |
|
Celtoid
| Posted on Monday, May 24, 2004 - 09:22 pm: |
|
Go raibh maith agat, a Fhear na mBróg! Caithaim amhdachtáil, níl mo chuid Gaeilge chomh maith le do chuidsa.....go fóill. |
|
Aonghus
| Posted on Tuesday, May 25, 2004 - 04:12 am: |
|
Ós ag caint ag ceartú atá muid. A Fhear na mBróg - seachain an foclóir. Ní ionann réadaigh agus an focal Béarla "realise" ach amháin sa chiall cúng "I realised my assets". Molfainn duit "Níor thuig mé" a úsaid sa mhéid a bhí á rá agat thuas. |
|
Fear na mBróg
| Posted on Tuesday, May 25, 2004 - 10:06 am: |
|
Anois tuigim a Aonghuis! |
|
Natalie
| Posted on Tuesday, May 25, 2004 - 03:38 pm: |
|
Go raibh maith agat, a Fhear na mBróg. I like to know what I did wrong so I can correct it next time. This is a very good thread to help with learning and getting to practice! |
|
Celtoid
| Posted on Thursday, May 27, 2004 - 07:11 am: |
|
Aontaím. |
|
Fear na mBróg
| Posted on Thursday, May 27, 2004 - 07:51 am: |
|
An bhfuil éinne ag imeacht thar lear dá leathanta saoire? Táimse ag imeacht go dtí an Spáinn i mí na Lúnasa! Beidh sé an-te! |
|
Celtoid
| Posted on Friday, May 28, 2004 - 07:28 am: |
|
Níl mise. Beidh mé ag obair an-chrua an samhradh ar fad, ach amháin 6 Meitheamh, nuair a bhíonns an Fhéile Cheilteach ar siúl, agus Lá Lúnasa ar ndóigh. |
|
Fear na mBróg
| Posted on Friday, May 28, 2004 - 01:05 pm: |
|
Tá súil agam go bhfaighidh mé obair le linn an tsamhraidh, ach níl aon agam ag an am seo! |
|
Celtoid
| Posted on Saturday, May 29, 2004 - 07:42 am: |
|
Tá brón orm faoi sin. Go raibh an t-ádh agat. |
|
Fear na mBróg
| Posted on Saturday, May 29, 2004 - 07:58 am: |
|
Nílim ocht mbliana déag go fóill, ní "duine fásta" mé i súile na dlí. Smaoinigh air, cuireann caoga duine iarratas isteach ar an bpost; astu sin, tá b'fhéidir 35 dhuine thar 18. Mar sin, gearrann siad na daoine faoi 18 ón liosta, is fearr leo na daoine atá thar 18. Go raibh maith agat a Cheltoid - go raibh an t-ádh orm! |
|
Celtoid
| Posted on Sunday, May 30, 2004 - 09:05 am: |
|
Tá mé seacht mbliana déag is fiche d'aois. Dá mbeadh tú anseo, i Nua Eabhrac, b'fhéidir go mbeadh tú in ann obair liomsa. Tá mo ghnó féin agam, i ngarrantóireacht. Go raibh maith agatsa, a Fhear na mBróg. Tá mé ag déanamh mo dhíchill. Tá sé chomh deacair sin a bheith ag foghlaim teanga eile! |
|
Fear na mBróg
| Posted on Sunday, May 30, 2004 - 09:33 am: |
|
Thaitneodh garrantóireacht liom, ach bhraithfeadh sé ar an aimsir! Amuigh faoin ngréin, ansin thaitneodh, ach amuigh le linn an gheimhridh... sin scéal eile! Go raibh maith agat as an tairiscint in aon chaoi! Déarfainn gurb agatsa a bhfuil an Gaeilge is fearr i Nua Eabhrach. -- déag? |
|
Celtoid
| Posted on Tuesday, June 01, 2004 - 07:44 am: |
|
Tá fáilte romhat. Tá mé cinnte go bhfuil daoine i mo stát a bhfuil Gaeilge acu atá i bhfad níos fearr ná mo chuidsa (Tá Esopus i Nua Eabhrac.)! Go raibh maith agat, ar aon chaoi. An bhfuil tú i do chónaí in Éirinn?---------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------Nach bhfuil "déag" i gceart? (Mar sin féin, measaim go mba cheart dá mbeadh "oibriú" san áit "obair". Meas tú?) |
|
Fear na mBróg
| Posted on Tuesday, June 01, 2004 - 09:34 am: |
|
Is Quote:Tá mé seacht mbliana déag is fiche d'aois.
a ndúirt tú. Féach air go gar air! Tá cónaí orm i mBaile Átha Cliath, in Éirinn. Tá an ceart agat maidir le "oibriú" a chur in áit "obair" - níl sé á úsáíd agat mar ainmfhocail, is mar ainmbhriathra a bhfuil sé! Cé hiad Esopus? -- bád -> mo bhádsa, a bhádsan, ár mbádna cuid -> mo chuids e, a chuidsean, ár gcuidne doras -> mo dhoras-sa, a dhoras-san, ár ndorasna aois -> m'aois-se, a aois-sean, ár n-aoisne |
|
Celtoid
| Posted on Thursday, June 03, 2004 - 08:02 am: |
|
Gaeilge Chonamara arís! Ó Siadhail (Learning Irish): (p.92) "Numbers above 10..........seacht mbliana déag",(p.41) "Tá a chuid Gaeilge seisean go maith ach tá do chuidsa go maith freisin." Cén fhadhb? Ní raibh mé cinnte faoi "san áit". An bhfuil tú siúráilte? San áit - in the place of. In áit - in a place of. Is an áit a bhfuil Deirí Seachtaine Gaeltacht ag Daltaí na Gaeilge í Esopus. |
|
Fear na mBróg
| Posted on Thursday, June 03, 2004 - 01:13 pm: |
|
Tá mé seacht mbliana déag is fiche d'aois = I am seventeen and twenty years old. So I pressume you're 37 years old? As for "a chuid Gaeilge seisean", déarfainnse: a chuid Gaeilgesean ... do chuids e. Tá cónaí orm san áit a bhfuil cónaí airsean. Tá cónaí orm in áit chónaithe Sheáin. An bhfeiceann tú an difríocht thuas? Is é an dara ceann ná "the definite article". Is í Esopus an áit... Leis an "definite article", téann sé ag an tús. Conversely: Is madra í Esopus. |
|
Celtoid
| Posted on Friday, June 04, 2004 - 07:31 am: |
|
37. Tá sé sin i gceart. Maidir le gach uile shórt eile, tá an ceart agat, gan amhras. Bí foighdeach, le do thoil. Tá mé ag foghlaim fós! Cén fhad atá tusa ag foghlaim Gaeilge? |
|
Fear na mBróg
| Posted on Friday, June 04, 2004 - 09:01 am: |
|
"Tá mé seacht mbliana déag is fiche d'aois" looked very odd to me! I would've said "Táim seacht bliana 's tríocha d'aois" or even "Tá tríocha seacht mbliana d'aois". Thosaigh mé ag foghlaim Gaeilge cúig bliana ó shin... nílim líofa mar ní labhraím í - is annamh a fhaighim an deis. |
|
Aonghus
| Posted on Friday, June 04, 2004 - 09:22 am: |
|
Tá nós fad bunaithe ann sa Ghaeilge ficheadí a úsaid do aois. Úsaidtear an focal scór (=20) freisin. Éist leis na scéalta báis ar RnaG! ;-). |
|
Celtoid
| Posted on Saturday, June 05, 2004 - 09:42 am: |
|
Ceart go leor. Is lá breá gríanmhar é inniu agus tá mé ag dul go dtí an Fhéile Cheilteach, i gKingston! |
|
|