Author |
Message |
OCG
| Posted on Thursday, April 22, 2004 - 04:05 pm: |
|
Chuala mé an t-amhrán seo ar an mallaibh ach ní raibh mé in ann na liricí a fháil ar an idirlíon. Nílim cinnte go bhfuil sé litrithe i gceart agam. Míle buíochas leis an té a chabhródh liom. |
|
Aonghus
| Posted on Friday, April 23, 2004 - 04:06 am: |
|
Amhrán Mhuinse, sílim. Ach ní bhfuaireas na focail. Ta dornán leabhar agam sa bhaile, caithfidh mé súil orthu. |
|
Tomás
| Posted on Friday, April 23, 2004 - 02:18 pm: |
|
Is amhrán álainn é. Is cuimhne liom an chéad uair gur chualas é. Chas Bríd Nic Gearailt (as Indreabhán í ó dhúchas, ach ina cónaí i mBostún le blianta anuas)ag seisiún i Norwood é. Bhí an seomra -- sean-ghiomnásium i ndáiríre -- ollmhór, agus bhí saghas macalla sa seomra. A guth binn ag baint macalla go bog. Ag gnáthaíocht. Tomás |
|
OCG
| Posted on Friday, April 23, 2004 - 08:00 pm: |
|
Ar chuala tú Nan Tom Teamín ag casadh é? Téigh go http://www.wfuv.org Roghnaigh WFUV Archives, an seó "Míle Fáilte" agus an comhad le haghaigh 16ú Deire Fómhar, 2002. 'Sé an dara amhrán a chraolann Séamus de Bláca. Tá tionlacan aici agus tá sé go hiontach. |
|
Aonghus
| Posted on Monday, April 26, 2004 - 04:35 am: |
|
Theip orm an téacs a fháil sna leabhair. Céard faoi rphost a chuir chuig RnaG? |
|
OCG
| Posted on Monday, April 26, 2004 - 03:43 pm: |
|
GRMA A Aonghus as an iarracht. Tá a fhios agam go bhfuil na liricí le fáil leis an CD de chuid Nan Tom. 'Sé an réiteadh is fearr dom ná an CD a cheannach, nach ea? |
|
Aonghus
| Posted on Tuesday, April 27, 2004 - 04:28 am: |
|
Sea, go deimhin. Bain súp as. |
|
OCG
| Posted on Friday, May 07, 2004 - 07:26 am: |
|
Fuair mé cuid liricí anseo ach ag eisteacht le Nan Tom, tá insint eile aice in áiteacha. __________________________________________________ Amhrán Mhaínse Dá mbeinn trí léig i bhfarraige Nó ar sléibhte i bhfad ó thír Is gan aon neach beo i mo ghaobhar ann Ach an sneachta glas is fraoch An sneachta dhá shéideadh anuas orm Is an ghaoth dhá bhfuadach dhíom Is mé a bheith ‘comhrá le mo Teaimín Bán Is gach duilliúr glas ag fás. A Mhuire dhílis, céard a dhéanfas mé, Tá an geimhreadh seo ‘teacht fuar ‘S a Mhuire dhílis, céard a dhéanfas mé, Leis an teach seo ‘s a bhfuil ann. Nach trua mé a stór is tú ag imeacht uaim Le linn na huaire breá’ Le linn don chuach a bheith ag seinm ceoil, Is gach duilliúr glas ag fás. Is gearraigí amach mo chónra dhom Ó thogha na péine báin’, ‘S má tá Seán Ó hEidhin i Maínis Bíodh sí déanta óna dhá láimh. Bíodh mo chaipín is mo ribín inti, Is iad go ródheas faoi mo cheann. Beidh triúr ban óg ó shliabh agam, Le mé a chaoineadh os cionn cláir. Is ag dul siar thar Inse Ghainimh dhom Beidh an fharraige ag éirí ard, Is ná cuirigí i Leitir Caladh mé Mar ní ann atá mo dhream, Ach tugaigí siar go Maínis mé San áit a gcaoinfear mé os ard, Is beidh soilsí ar na dumhchannaí Is ní bheidh aon uaigneas orm ann. |
|
|