Author |
Message |
Fear na mBróg
| Posted on Thursday, April 15, 2004 - 07:27 am: |
|
Chonaic mé aréir é ar Theilifís na Gaeilge. Thaitin sé liom! Bhur dtuairimí? |
|
Mary
| Posted on Thursday, April 15, 2004 - 09:24 am: |
|
Bhí sé go maith dar liom ach ní raibh a lán Gaeilge ann mar ní raibh a lán "dialogue" ann. Ach mar sin féin, bhí sé greannmhar. |
|
Fear na mBróg
| Posted on Thursday, April 15, 2004 - 10:08 am: |
|
Rud éigin a rabhas ag smaoineamh air: Sa chlár, dúirt sé: Tá mé ag lorg obair Tá a fhios agam nárbh í an intinn ná Gaeilge líofa a thabhairt dó, ach smaoiním air, an bhfuil sé i gceart? Chonaic mé i leabhar gramadaí riamh é, ach níor tugadh aon mhíniú. Mar sin, an é "obair" nó "oibre" atá ceart? Rud eile, deir sé "Suigh síos, a mhac", nach é "a mhic"...? níl sé an-tábhachtach, ach go fóill, rug sé ar mo chluas agus ní dhéanfadh gaeilgeoir an botún sin! Rud eile a rug ar mo chluas, dúirt sé "sa thír seo". Ba mhaith liom dá mbeadh níos mó corraithe agus cainte ann, ach go fóill, ba mhaith an clár é! Agus thaitin an fhímíneacht liom i "Guinness.. it's Irish!" a rá, ach ba mhaith liom dá mbeadh níos mó "digs" ann do mhuintir 's do rialtas na tíre faoi fhaillí na Gaeilge! (Agus cad é an Ghaeilge ar "dig"?!) |
|
An Mídheach Mealltach
| Posted on Thursday, April 15, 2004 - 12:38 pm: |
|
"Rud eile, deir sé "Suigh síos, a mhac", nach é "a mhic"...? níl sé an-tábhachtach, ach go fóill, rug sé ar mo chluas agus ní dhéanfadh gaeilgeoir an botún sin!" Níl sé sin mícheart. Difríocht canúna atá ann. Deir siad "a mhic" i gCúige Mumhan agus "a mhac" i gConamara. Féach ar Ros na Rún, deir siad "a mhac" an t-am go léir. |
|
Fear na mBróg
| Posted on Thursday, April 15, 2004 - 03:04 pm: |
|
Feicim, go raibh maith agat. An ndéanann siad é sin le hiomlan na n-ainmfhocal sa chéad díochlaonadh? Mar shampla, an ndeir siad: a bhád a fhear ? nó an é "mac" an t-aon fhocal amháin lena ndéanann siad é? |
|
Aonghus
| Posted on Friday, April 16, 2004 - 07:57 am: |
|
"ag lorg oibre" is cirte |
|
An Mdheach Mealltach
| Posted on Friday, April 16, 2004 - 11:02 am: |
|
"Feicim, go raibh maith agat. An ndéanann siad é sin le hiomlan na n-ainmfhocal sa chéad díochlaonadh? Mar shampla, an ndeir siad: a bhád a fhear ? nó an é "mac" an t-aon fhocal amháin lena ndéanann siad é? " Déanann siad é le "a mhac" amháin, go bhfios dom. |
|
Cailin
| Posted on Tuesday, April 20, 2004 - 04:14 pm: |
|
Chonaic me e sa picturlann agus cheap me go raibh se go hiontach. D'fhoghlaim me ceacht tabhachta nuair a d'fheach me e. Nilimid i bhfeighil ar dteanga ar chor ar bith. Ni feidir ag labhairt e freisin. Agus is soileir e sin mar thosaigh me ag foghlaim Gaeilge 14 blian o shin, taim fos ag foghlaim e san Ollscoil agus feach ar mo leibheal Gaeilge! Ni feidir liom e a labhairt ar chor ar bith! Ta se sin uafasach. |
|
Fear na mBróg
| Posted on Wednesday, April 21, 2004 - 04:19 am: |
|
Bhfuel, scríobh tú é sin, nár scríobh?! Níl tú thar barr, ach go fóill tuigtear thú - thuig mise thú. Féach ormsa. Táimse ag déanamh m'Ardteiste i mbliana, agus táimse ar ardleibhéal leis an nGaeilge. Brathann sé ar na múínteoirí a bhíonn agat. Má tá ag teastáil uait do chuid Gaeilge a fhorbairt, ansin scríobh breis nótaí! -- Chonaic mé sa phictiúrlann é agus cheap mé go raibh sé go hiontach. D'fhoghlaim mé ceacht tábhacht nuair a d'fheach mé air(nó a chonaic mé é). Nílimid i bhfeighil na teanga ar chor ar bith. Ní féidir linn í a labhairt freisin. Agus is soiléir é sin a fheiceáil mar a thosaigh mise ag foghlaim na Gaeilge 14 bliana ó shin, tá sí fós á foghlaim agam san Ollscoil agus féach ar leibhéal mo chuid Gaeilge! Ní féidir liom é a labhairt ar chor ar bith! Ta sé sin uafásach. |
|
Aonghus
| Posted on Wednesday, April 21, 2004 - 06:58 am: |
|
Agus féach gur fhoghlaim Daniel Wu (an aisteoir óg i Yu Ming) ar scoil in Éireann í laistigh de chúpla bliain. Ach seans go raibh níos mó na teanga amháin aige cheana - buntáiste mhór í sin chun seilbh a ghlacadh ar teanga nua. Bíonn deacrachtaí i gconaí ag lucht aon teanga seilbh a fháil ar teangacha. Ná caill do mhisneach, a Chailín. Más acmhainn duit, caith seal sa Ghaeltacht. Áit iarghulta cosúil le hInis Méain ab fhearr chuige. |
|
Fear na mBróg
| Posted on Wednesday, April 21, 2004 - 12:53 pm: |
|
Holy Cac!! Bhínn sa rang céanna leis an mbuachaill sin ar scoil!! Níor réadaigh mé gurbh eisean a bhí ann, is cúpla bliain óna bhfaca mé é! Bhí sé sa rang Gaeilge céanna ina rabhas-sa! Níl cónaí air fada uaim! Is beag an domhan é! |
|
Fear na mBróg
| Posted on Wednesday, April 21, 2004 - 12:55 pm: |
|
Ba í Mandarin ná a chéad teanga, ansin Béarla. Bhí Béarla líofa aige agus muid ar scoil. -- in Éirinn |
|
Aonghus
| Posted on Thursday, April 22, 2004 - 04:58 am: |
|
Is cosúil go bhfuil déa chaighdéan agus déa mhéin don Ghaeilge a chothú san scoil úd, mar sin. Dála an scéal "Níor thuig mé" a bheadh agam san áit atá "níor réadaigh mé" agat. Seachan an t-aistriúchán focal ar fhocail, go hairithe nuair is nath atá i gceist. |
|
Fear na mBróg
| Posted on Thursday, April 22, 2004 - 07:58 am: |
|
"I didn't recognize him" a bhí ag teastáil uaim. D'fhéach mé i m'fhoclóir ach níor tháinig mé ar fhocal do "recognize", ansin sheiftigh mé le "Níor réadaigh mé gurbh eisean a bhí ann"! déa? cad é sin? |
|
Aonghus
| Posted on Thursday, April 22, 2004 - 09:21 am: |
|
Typo ar dea é déa, dar ndóigh! recognise = aithint - Níor aithin mé é. Ciallaíonn réadaigh rud a dhéanamh réadach (I realised my assets) |
|
(Unregistered Guest) Unregistered guest
| Posted on Friday, October 29, 2004 - 10:51 am: |
|
taispéantar é dúinn sa rang gaeilge ar scoil. is suimúil é gur féidir leis an teanga a fhoglaim i gceann cúpla mí no bfhéidir bhliain agus is dócha go bhfuil sé níos fearr ná an chuid is mó den muintir anseo. |
|
Philosophe
Member Username: Philosophe
Post Number: 3 Registered: 10-2004
| Posted on Friday, October 29, 2004 - 03:45 pm: |
|
Smaoineamh: Aontaím le gach duine, tá sé áiféiseach go mbíonn daltaí gaeilge a fholaim le haigh 13 (nó mar sin) bliana, agus gur nach bhfuil gaeilge líofa ag formhór na ndaoine tar éis sin-cosúil mé féin :) Mar sin, cad a ceapann siad go bhfuil na fadhbanna leis an cúrsa gaeilge ar scoil? Ceapaim go bhfuil iad sin cúpla iad: -níl béim ar gaeilge labhartha, sa rang. Má ní déanann an duine dearmad (mistake) tá sé deacair a fholaim. Agus dá bhrí sin freisin, níl siad ábalta na focail a fháil as a meabhair go tapaidh, le usáid, mar níl baineann siad triail as go rialta. -ní raibh sé go dtí go raibh mé sa cúigiú bliain sa meánscoil go thosaigh mo múinteoir ag caint linn as gaeilge i rith an ceacht. Roimh sin, bhíodh gach múinteoir gaeilge agam ag múineadh trí mbéarla. Tá sé áiféiseach. Is beag ionadh é go bhfuil an deacracht ag a lán daoine bheith ag smaoineamh trí ngaeilge. Bhíomar múintear (taught) mbéarla a cur ar focail gaeilge in ionad iad a fholaim mar a bhfuil siad-i ngaeilge le míniú gaeilge orthu. Níl creidim go bhfuil an méid nó béim baint béarla riachtanach (ceapaim go bhfuil sé sin soléir) Nuair a thosaigh mo mhúinteoir an gaeilge a úsáid thosaigh sé éirí níos éasca é a thuiscint GO TAPAIDH ar fad! Agus bíonn an cúrsa le bunscoil go dtí méanscoil (taught) le leabhair a úsáid. Admhaím go raibh scéalta léite againne agus dán agus rudaí mar sin ach níl sé sin "real life". Nuair a bhí mé ag déanamh an Ardteistiméaracht bhí mé ábalta "ciníochas agus forbairt an sochaí ilchine" a phlé ach ní bheadh mé ábalta comhrá simplí a dhéanamh le duine as gaeilge. -Agus rud eile, nuair a thosaigh mé ag foghlaim an teanga, bhí leabhair againn-ceart go leoir-agus bhí an leabhair scríofa san aimsir chaite-ceart go leoir-, ach mar níl ach leabhair a úsáid sa rang níl ach an aimsir chaite a fhois agam go maith go dtí go bhfuil mé sa cúigiú rang sa bhunscoil nuair a d'fholaimid an aimsir chaite, láithreach, fháistineach agus mar sin. Ahhhhhh, tá frustrachas mór orm :) Sin é go dtí go bhfuil níos mó rudaí ceaptha agam!! Cad a cheapann sibh? |
|
|