mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Archive: 1999-2004 » 1999-2004 (Irish Only) » Sabhaircíní is uain... « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Posted on Monday, April 05, 2004 - 10:20 am:   Edit Post Print Post

is mó a shamhlaím le hEarrach na hÉireann. Agus táid le feiscint go flúirseach faoi láthair.

Bhíos i gCorca Dhuibhne leath scór bliain ó shin, ar mí na meala (seachtain na meala ba chirte a rá) agus is cuimhin liom na díoga a bheith breac le sabhaircíní agus na móinéir le huain.

Cad iad tréithe an Earraigh daoibhse, a cháirde na páirte?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seosamh Mac Muirí
Posted on Monday, April 05, 2004 - 01:25 pm:   Edit Post Print Post

An tseamsóg a shamhlaím leis an tráth so bliana a Aonghuis. Níl an duilliúr éagsúil le duilliúr na seamróige ná le duilliúr na seimre. As an gcosúlacht a d'eascair na hainmneacha sin, is intuigthe.

Go dtí an t-am so anuraidh bhíos amuigh ar an iargúil i dtuaisceart Thiobraid Árann agus coill timpeall orm. Chaith mé dhá bhliain san áit. D'fheicinn an sabhraicín (mar a deirim) i dtosach, más buan mo chuimhne. D'fheicinn lus an chromchinn agus an tseamsóg ar ball.

Chaith mé dhá bhliain san áit, i bhfad ón gcine daonna chaon oíche. Thugas an-taitneamh don áit. Is saibhreas ar leith a bheith amuigh i lár an dúlra agus feithidí/ainmhithe de gach cineál ag snámh agus ag smúrthaíl thart go feiceálach.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Séamas Ó Neachtain
Posted on Monday, April 05, 2004 - 02:40 pm:   Edit Post Print Post

Rinne an nádúr cleas orainn anseo i Nua-Eabhrac inniu. Bhí sé an-fhuar, faoi mar a bheadh an geimhreadh arís ann. Cóta mór, hata, scaif agus lámhainní dá gcaitheamh agam. Tá an ghrian ag taitneamh lasmuigh den fhuineog anois, ach níl a fhios agam cé acu fuar nó te an aimsir faoi láthair. Go n-éirigh leis an earrach!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seosamh Mac Muirí
Posted on Monday, April 05, 2004 - 03:14 pm:   Edit Post Print Post

Bhí casadh chun fuaire air abhus inniu chomh maith a Shéamais. Laethanta na Riabhóige, sílim, tús an Aibreáin, thig leí tiontú chun gairbhe mar sin. (céad 3 lá an Aibreáin, measaim.)

Is gairid eile fós go raibh sé ina shamhradh. Tá an geimhreadh tugtha.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Posted on Tuesday, April 06, 2004 - 04:30 am:   Edit Post Print Post

Feicim ón bhFoclóir gurbh éan beag cosúil le fuiseog an riabhóg. Ach cad as don nath?

Tá rá coitianta ag na Géarmánaigh "Der April, der macht was er will" - déanann an Aibreán a rogha rud. Taimse préachta ar maidin pé scéal é; cuma liath ar mhuir agus ar spéir anseo i Mullach Íde.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seosamh Mac Muirí
Posted on Tuesday, April 06, 2004 - 05:16 am:   Edit Post Print Post

Laethanta na Bó Riabhaí atá taobh thiar de, seanscéal. http://www.smo.uhi.ac.uk/gaeilge/feilte/
http://www.esatclear.ie/~stfanahans/focklore_calender.htm
Mórán an rud céanna leis an nGearmáinis.
Is ionadh liom nach bhfuil níos mó ar an líon faoi mar chloisim roinnt mhaith tagairtí dó chaon bhliain ar RnaG.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Posted on Tuesday, April 06, 2004 - 06:31 am:   Edit Post Print Post

Scéal suimiúl! ag an dara nasc ansan.

Tá breis anseo http://celt.net/Celtic/celtopedia/i.html

fch "The borrowed days" i dtreo deire an leathanaigh

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Posted on Tuesday, April 06, 2004 - 07:57 am:   Edit Post Print Post

Agusín eile maidir leis an aimsir.
Tá "Scairbhín na gCuach" acu ó dheas i dtreo deire na míosa seo:

ó "garbh shíon" go bhfios dom

fch mar shampla http://gaeltacht.local.ie/content/48434.shtml/gaeltacht/turas_ireacht_tourism/n_d_r_nature

Add Your Message Here
Posting is currently disabled in this topic. Contact your discussion moderator for more information.


©Daltaí na Gaeilge