Author |
Message |
Fear na mBróg
| Posted on Saturday, April 03, 2004 - 11:33 am: |
|
Bhí beagán deacrachta agam i mo scrúdú béil nuair bhíos ag déanamh iarrachta rá: I haven't been to the Gaeltacht. Cén chaoi ina ndéarfadh duine líofa é sin? Agus na habairtí seo a leanas chomh maith: Have you been to Galway? I haven't been there in a good while. I ended up saying: Ní rabhas sa Ghaeltacht riamh. |
|
Seosamh Mac Muirí
| Posted on Saturday, April 03, 2004 - 01:01 pm: |
|
I haven't been to the Gaeltacht = Ní rabhas sa Ghaeltacht. Agus na habairtí seo a leanas chomh maith: Have you been to Galway? An raibh tú i nGaillimh? An raibh tú i nGaillimh (riamh)? An raibh tú (riamh) i nGaillimh? I haven't been there in a good while. Ní rabhas ann le tamall (maith). / le scathamh (maith). I ended up saying: Ní rabhas sa Ghaeltacht riamh. Is cuma. Is mó an meas a bheas aige ort as an gcaoi ar chruthaigh tú le do chuid Gaeilge! Is fearr dearmad a dhéanamh de gach scrúdú an dá luaith a chríochnóidh sé. A bhfuil thart, bíodh agus bain sult as a bhfuil déanta sa saol. Ní chaithfear a dhéanamh arís go brách! Tá tú saor uaidh. |
|
Fear na mBróg
| Posted on Saturday, April 03, 2004 - 03:43 pm: |
|
Dúirt mé leis go rabhas ar oileán Achaill (?) riamh. Ansin d'fhiafraigh sé díom cé chomh minic agus a théim chuige. Ach ní rabhas ann ach uair amháin. Mar sin, theastaigh uaim rá: I've only been there once. It's been 2 years since I've been there. and I came out with: Ní rabhas ann ach am amháin... ní minic a théim chuige... Is dhá bhlian óna raibh mé ann. In aon chaoi, ní minic a labhraím an Ghaeilge ( in ainneoin mo thola! ) agus cúpla uair i ndiaidh an scrúdaithe, réadaigh mé roinnt de na botúin go ndearna mé. D'fhiafraigh sé díom ar mhaith liom peil? Agus d'fhreagair mé "Tá sé imithe agam riamh, ach níor thaitin sí go rí-mhór liom". San am, níor réadaigh mé gur "imirte" a bhí ag teastáil! Ag deireadh an lae, thaitin sé go rí-mhór liom comhrá a bheith agam as Gaeilge le duine, agus dá dheasca, b'fhéidir go rachaidh mé go dtí an Ghaeltacht! |
|
Seosamh Mac Muirí
| Posted on Sunday, April 04, 2004 - 01:35 pm: |
|
|
|
Aonghus
| Posted on Monday, April 05, 2004 - 04:46 am: |
|
Tá nasc san Chomhluadar as dáta. http://www.comhluadar.ie an céann nua (le cúpla bliain anois). Níor éirigh liom an céann as dáta a bhaint anuas... scéal fada. Ach is ar phaistí óga is mó a dhíríonn Comhluadar. Tá clubanna ag Cumann na bhFiann a bheadh oirúnach, seans. |
|
Seosamh Mac Muirí
| Posted on Monday, April 05, 2004 - 06:14 am: |
|
GRMA a Aonghuis as an nasc úr. Tá sé go deas snasta. |
|
|