mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Archive: 1999-2004 » 2004 (January-March) » Márta a Fhios Agat « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Conor
Posted on Friday, March 26, 2004 - 08:31 am:   Edit Post Print Post

Ba alt é seo sa nuachtán Déardaoin roimh Lá 'le Pádraig -- bhí na himeachtaí sa dán ag tarlú ag an am sin. (this was an article in the newpaper on the Thursday before St. Patrick's Day -- the events in the poem were happening at that tim)

Shíl mé go raibh sé iontach maith (I thought it was very good)

~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~

Márta a Fhíos Agat
Áine Amhrasach

Lá Idirnáisiúnta na mBan Dé Luain seo caite,
Ní bheidh a leithéid arís ann, creid uaim mo ráite
Amach anseo, gheobhaidh na fir lá dá gcuid féin
Is glacfaigh na mna an chuid eile den bhliain.

Thosaigh Seachtain na Gaeilge Dé Luain chomh mhaith
Chan seachtain go díreach – beagnach seachtain go Leith
Go Lá Fhéile Pádraig ag cúpla-focláil go binn
Naoi lá na Gaeilge – cé chomh Gaelach is atá sin?

Is fear fasta Mac Phaidin, fada sna fiacla faraor
Le clan agus cúram – in am dó teacht aniar
Ádh mór i do shaol iarIarbheatha, a chroí
Is tú ag ligint do scíste in aice le Carraí.

Tá an lucht leighis anois ag iarraidh cur in iúl
Go ndéanann na toitíní damáiste do radharc na súl
Ach fiú ma tharlaíonn sin, ní bheidh mise míshásta
Muna bhficim na fógraí folláine ar phacaí feasta.

Deir suirbhé gur cheart dúinn breis saoire a fháil
14 lá soar poiblí sa Spáinn agus 16 san Iodáil
Ocht gcinn anseo – nach scannalach an scéal
Is Cuma liomsa, ar ndóigh. Saoire atá i mo shaol!

Scileanna scríofa á scriosadh faoi láthair
Ós rud é go bhfuil an saol mór ‘s a mháthair
Ag cur teachtaireachtaí téasc agus ríomhphost inniu
9 1 taím. 6 mo wrúil nac n1 tóidh 2!

Má tá cruatan an Charghais do chur faoi strus
Dé Céadaoin seo chugainn gheobhaidh tú sos
Bris amach na seacláidí na toitíní is na brandaí
Go hIfinn le bochtú – caith pís eile san anraith


Foclóir
Creid uaim mo ráite – Believe what I say; Seachtain go leith – a week and a half; Cúram – Responsibility/Family; IarIarbheatha – Post-Westlife; An luacht leighis – The doctors; Ríomhphost – email; Cruatan – Hardship; Bochtú - Poverty

*cóipcheat ag an údar :D

Add Your Message Here
Posting is currently disabled in this topic. Contact your discussion moderator for more information.


©Daltaí na Gaeilge