Author |
Message |
Celtoid
| Posted on Saturday, March 13, 2004 - 11:08 am: |
|
"..., arae ó ba é an duine ba shine ar mhuirín mhór Cháit Anna é níor fhéad sí scoil ná foghlaim a thabhairt dó; agus ar an údar céanna an dá luath is a raibh sé fiche bliain agus an duine ba ghaire dó den chlann sách inchúntach, b'éigean dó scuabadh go Meiriceá." Tuigim go dtí an "an dá luath (the early two?????)....." é seo. Ní thuigim freisen cén fáth a bhfuil "a raibh" ann ná "a bhí". (Feel free to correct any of this. I'm trying.) |
|
Corcaigh
| Posted on Saturday, March 13, 2004 - 12:12 pm: |
|
Dá luath......mar a gceanna le....chomh luath. Chomh luath is a bhí sé fiche bliain d'aois, bhí air dul go Meiriceá. Ní thuigim cén fáth a bhfuil 'raibh' ann! Bótún, b'fhéidir! |
|
Aonghus
| Posted on Saturday, March 13, 2004 - 12:51 pm: |
|
Ní botún atá sa "raibh". Níl fáth agam, ach creidim go bhfuil baint aige leis an "dá luath agus" a thagann roimhe. Ní mór dom roinn taighde a dhéanamh - má aimsím freagra tiocfad ar áis chughat ar. |
|
Celtoid
| Posted on Tuesday, March 16, 2004 - 06:07 pm: |
|
Ó Siadhail: "In practice, the indirect relative is required:...(iii) if the clause refers to...(b) a reason: Sin é an fáth a mbeidh Cáit anseo." B'fhéidir go bhfuil baint ag "a raibh" le "an údar"? Ach cad faoi "an dá luath"?! Tá mé ag dul as mo mheabhair! |
|
Aonghus
| Posted on Thursday, March 18, 2004 - 04:19 am: |
|
an dá luath = chomh luath. Ní dá mar uimhir atá i gceist, ach an réimir "dá" |
|
Celtoid
| Posted on Friday, March 19, 2004 - 10:21 am: |
|
Go raibh míle maith agat, a Aonghuis. Sin é a bhí mé ag ceapadh. Réimir = réimír (prefix)? Agus cén fáth a bhfuil "an" (article, or question?) ann? |
|
Aonghus
| Posted on Friday, March 19, 2004 - 12:11 pm: |
|
réimír (prefix) a bhí i gceist agam ceart go leor. Níl fhios agam cén fáth (sa ghramadach) go bhfuil an "an" ann; ach bheadh sé aisteach gan é! |
|
|