Author |
Message |
S.OSuilleabhain
| Posted on Wednesday, February 25, 2004 - 12:46 pm: |
|
Is e inniu, tus an carghas, An bhfuil a fhios ag aon duine anseo cad as a thaing an focail "Faoistin" ar 'confession'. Is e "admhail" an briathar ata ag baint leis. Ta me ag ceapadh go bhfuil ciall speisialta ag baint leis an focail "Faoistin". le deaghui, S.O'Suilleabhain. |
|
OCG
| Posted on Wednesday, February 25, 2004 - 07:23 pm: |
|
Ón Laidin, b'fheidir? Níl a fhios agam. Ar éirí tú as aon drochnós le haghaidh an Chárgais? Bhí me ag smaoineamh ar an idirlín a sheachaint ach d'iompaigh mé m'intinn. |
|
S.OSuilleabhain
| Posted on Wednesday, February 25, 2004 - 08:27 pm: |
|
Ta me fos ag smaoineamh ar an focail "faoistin". Silim go bhfuil gaol ann idir "faoiseamh" ('relief/alleviation')agus faoistin. Iobairt don gCarghais? Ni doigh liom go bhfuil aon droch nosanna agamsa, ach an oiread!!! Ni ionann an Idirlion mar drochnos, i mo thuairim...Ta me difhostaithe faoi lathair agus ta me ag baint an-usaid as an idirlion chun post nua a aimsiu dom fein. Ta bron orm a chara faoi an droch litriu ata ar thaispeaint sna teachtaireacht a sheolim anseo agus ta se soleir freisin go bhfuil fadhb mor agam fada a chur ar mo chuid guthanna (a,e,i,o,u). Ta riomhaire meireacanach in usaid agam, ta a fhios agam go bhfuil se nios easca leis an leagan eorpach. Leis an leagan eorpach nil ann ach 'ctrl'+'alt' a bhru leis an guth chun an fada a chur air. Is mise le meas... |
|
eleanor
| Posted on Wednesday, February 25, 2004 - 10:43 pm: |
|
A Chairde, Seo suíomh oiriúnach le haghaidh an Chárghais ná http://www.jesuit.ie/tearmann. Ní gá daoibh éirí as an idirlíon. Agus mura bhfuil drochnós agat in aon chor b'fhéidir go mbeidh dea-nós nua agaibh. Eleanor |
|
Aonghus
| Posted on Thursday, February 26, 2004 - 09:06 am: |
|
Maidir le Faoistin, fuaireas an méid seo i bhFoclóir MacBains, a phléann le Gaidhlig na hAlban ( http://www.ceantar.org/Dicts/MB2/index.html) faoisid confession, Irish faoisdin, Old Irish fóistiu, *vo-sestamtion- (Stokes), furoissestar, confessus: fo and seasamh, q.v. Cf. Greek @Gu@`fístcmi, submit. |
|
|