Author |
Message |
Cailin
| Posted on Thursday, January 22, 2004 - 06:20 pm: |
|
Dia dhuit! Ta bron orm faoi mo chuid Gaeilge. Nil se ro-mhaith! An feidir le einne anseo an sean stil Gaeilge a scriobhadh ar chor ar bith? An bhfuil aon rud ar an t-Idirlion faoi an sean stil? Taim san ollscoil agus taim ag deanamh cursa Nua-Ghaeilge. Thaispeain an leachtoir duinn an seanstil agus thit me i ngra leis. |
|
OCG
| Posted on Thursday, January 22, 2004 - 10:37 pm: |
|
Tá an seanchló go hálainn, cinnte. Is féidir leat cló a thioslódáil saor in aisce ar do ríomhaire féin ach teigh anseo: http://www.fainne.org/gaelchlo/ Tá go leor ar an idirlíon ma chuardaionn tú ar "seanchló". Bain sult as!! |
|
Aonghus
| Posted on Friday, January 23, 2004 - 04:24 am: |
|
Ta leathanach eile ag Vincent Morley ina gcuireann sé síos an stair an "tSean Chló" fch: http://www.connect.ie/users/morley/cloanna/ Is féidir dul i dtaithí ar go tapaidh - níl de dhifear ach go mbíonn ponc ar chonsain seimhithe seachas h ina dhiadh; agus uaireanta ta cuma eagsumhal ar r agus s. Tá dornán leabhair agam sa tSeanchló, agus cinnte tá cuma deas orthu. |
|
Seosamh Mac Muirí
| Posted on Friday, January 23, 2004 - 07:08 am: |
|
Nascanna deasa ansin duit a Chailín. Is breá an rud thú a fheiceáil chugainn i nGaeilg. Dá dteastódh uait gabháil i mbun na lámhscríbhinní amach anseo chabhródh obair de chuid an duine chéanna leat, Vincent Morley, agus obair de chuid Gary Ingle mar a chéile, ar nodanna na lámhscríbhneoireachta: http://www.fainne.org/noda/ http://quidnunc.net/~garyi/noda/notae.html D'fhéadfá súil a chaitheamh ar chuid de na lsí. féin ina dhiaidh sin ag: http://www.isos.dcu.ie/ Gura fada buan i ngrá an tseanchló thú. |
|
Cailin
| Posted on Tuesday, January 27, 2004 - 02:05 pm: |
|
Mise aris! Go raibh mile maith agaibh!!! |
|
Aonghus
| Posted on Wednesday, January 28, 2004 - 04:06 am: |
|
Fáilte romhat |
|
Fearghalmaclochlainn
| Posted on Thursday, January 29, 2004 - 04:04 pm: |
|
mise fearghal as tir eoghain,seo mo chead uair anseo ,ta se an-mhaith ar fad |
|
Seosamh Mac Muirí
| Posted on Friday, January 30, 2004 - 10:35 am: |
|
Fíorchaoin fáilte romhat a Fhearghail. Abair le do chairde go bhfuil Daltaí na Gaeilge amuigh ar an líon rompu agus go bhfuil céad fáilte roimh mhuintir na Gaeilge isteach ann. |
|
OCG
| Posted on Saturday, January 31, 2004 - 07:39 pm: |
|
Céad mile fáilte romhat, a Fhearghail. An bhfuil tú ag foghlaim an Ghaeilge ar scoil nó i d'aonar? |
|