Author |
Message |
Bocstaí
| Posted on Sunday, January 18, 2004 - 07:54 pm: |
|
Glór Bhréifne, Glór na nGael, An Cabhán: Bíonn Ciorcal Comhrá ar siúl gach oíche Chéadaoin i mBaile an Chabháin san Óstán Farnham ag a naoi a chlog. Seo deis do dhaoine a gcuid Gaeilge a úsáid i gcomhthéacs soisialta, neamhfhoirmiúil. Tá fáilte roimh gach duine, iad siúd atá líofa nó ar bheagán Gaeilge. Tuilleadh eolais: (087) 6401682 |
|
Seosamh Mac Muirí
| Posted on Tuesday, January 20, 2004 - 10:23 am: |
|
Molaim an obair mhaith seo atá ar bun agaibh a Bhocstaí na Bréifne. |
|
Bocstaí
| Posted on Monday, January 26, 2004 - 01:22 pm: |
|
A Sheosaimh, Go raibh maith agat. Tá súil agam go bhfuil Leath Modha agus 2004 ag caitheamh go maith leat. Bocstaí |
|
|