Author |
Message |
Daltaí na Gaeilge
| Posted on Saturday, January 10, 2004 - 09:53 pm: |
|
A chairde, Tá muid ag obair ar leagan amach nua le haghaidh na FORUMS. Mar gheall ar sin, caithfidh muid Gaeilge chruinn a chur ar na focail thíos. An bhfuil moltaí ag éinne? (Má's é do thoil/bhur dtoil é.) Seo an liosta: Unregistered guest New member Junior Member Member Intermediate Member Advanced Member Senior Member Moderator Board Administrator |
|
OCG
| Posted on Sunday, January 11, 2004 - 07:47 pm: |
|
Bain triall as http://www.acmhainn.ie B'fhéidir go mbeidh na tearmaí acu. Muna bhfuil, is feidir leat clárú agus ceist a chur orthu. Nílim cinnte fúthú thuas. Aoí neamhchláraithe Ball Nua Ball Óg Ball Ball Méain Ball Fadtéarma Seanbhall |
|
Aonghus
| Posted on Monday, January 12, 2004 - 06:59 am: |
|
Unregistered guest: Aoi neamhchláraithe New Member: Ball nua Junior Member: Ball sóisearach Member: Ball Intermediate Member: Meán Bhall Advanced Member: Árd Bhall Senior Member: Ball Sinsearach Moderator: Réiteoir Board Administrator: Riarthóir cláir Caithfidh mé a rá, áfach, nach bhfuilim ró thógtha leis an modh oibre is léir ón méid thuas. Feictear dhom go n-oibríonn an clár seo go breá gan an aicmechas ná an smacht is léir ó na teideal thuas. le meas Aonghus |
|
|