Chaith mé súil ar an suíomh sin agus ar chuid den méid a scríobh tú féin a Scáthaigh.
Is spéisiúil an t-ainm a roghnaigh tú. Scáthach.
Bheadh an dá léamh ar bhunús an ainm ar ndóigh. Is dócha go samhlaítear 'scáfaracht' le hainm an ghaiscígh mhná, Scáthach an dúna agus na Rúraíochta.
D'fhéadfaí 'bheith faoi scáth' a shamhlú leis ar an láimh eile de agus sin é an tuairim a nochtaítear i bhfoclóirí na linne seo. Luaitear 'bashful, fearful, shady, timid' leis an aidiacht 'scáthach' mar shampla.
Tá súil agam go gcuirfidh tú aithne ar dhaoine deasa an tsaoil seo de réir a chéile amach anseo. Chuige sin a mheabhraím anseo arís do dhaoine an seanfhocal caoinbhéasach úd atá ar eolas ag cách:
Ar SCÁTH a chéile a mhaireas na daoine.
Lena rá ar mhodh Amhlaoibh Uí Shúilleabháin agus é ag trácht ar Monserrat na Mara Cairibe agus ar na Gaeil 'ó aimsir Oilibher Cromaill' ann:
Maise mo ghrá croí na díbeartaigh bhochta Ghaelacha. Cia dubh bán iad is ionúin liomsa clanna Gael. (de Bhaldraithe, T., Cín Lae Amhlaoibh, 1970 -76, 85)
Féach eolas ar an leabhar :
http://www.litriocht.com/book.cfm?id=2270 agus ar Amhlaoibh é féin :
http://www.pgil-eirdata.org/html/pgil_datasets/authors/o/OSuilleabhain%2CA/life.htm Tá eolas nach beag in 'Analecta Hibernica iv' ar ghormú na Gaeilge sa taobh sin domhain in alt de chuid Aubrey Gwynn.
Tá roinnt eile i dtosach an ailt seo a leanas:
http://www.newadvent.org/cathen/08132b.htm Tá gaol gairid anama againn Gaeil le Goirm as taithí an chos ar bholg a imríodh orainn araon san am a caitheadh.
Móraimis an gaol sin. Fág an 'scáth' ar do chúl agus tar amach faoi sholas meallacach an lae linn.
Tá fáilte romhat.