mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Archive: 1999-2004 » 2003 (October-December) » Welsh « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

jessica ní chonchubhair
Posted on Thursday, November 20, 2003 - 06:29 pm:   Edit Post Print Post

Conás atá?

I'm planning to do a Celtic Studies degree, and I want to do Welsh as part of it. Does anybody have any recommendations or advice? I've seen some Welsh on here, its looked slightly difficult(grammaticaly). I am a fluent Irish speaker and have heard it should be easy to pick up(as a spoken language)! I love the idea of learning another teanga ceiltigh!

Táim buíoch as bhfuair cábhair!!

jessica

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Jonas
Posted on Thursday, November 20, 2003 - 06:46 pm:   Edit Post Print Post

A Jessica!

Welsh is very different from the Gaelic languages, you will have almost no help at all from knowing Irish. However, Welsh is an easier language than Irish in most respects and I don't think you'll have any major problems. I'd recommend the book "Colloquial Welsh". If you have any more questions about Welsh I'll be glad to answer them.

By the way, hope you don't mind a small correction: "your help" = "bhur gcabhair" and no fada in "conas".

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

jessica ní chonchúbhair
Posted on Saturday, November 22, 2003 - 09:38 am:   Edit Post Print Post

Thats very helpful thank you. Can you speak Welsh?

Thanks also for the corrections. I'm in 6th year and right now were a re-learning our grammadaí! It's all helpful.

Jessica

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Jonas
Posted on Saturday, November 22, 2003 - 10:17 am:   Edit Post Print Post

Haló aríst!

Well, yes. I can speak some Welsh. I understand most of it and I can talk about most daily topics. I've managed to survive three weeks in Wales without having had to speak English ;-)
I'm not fluent, though.

Slán go fóill,
Jonas

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Liam Ó Briain
Posted on Saturday, November 22, 2003 - 12:54 pm:   Edit Post Print Post

Jonas,

Táim ag déanamh cúrsa comhfhreagras le coicís anuas agus is léir dom go bhfuil an Bhreatnais réasúnta éasca a fhoghlaim. Tá an chúrsa á reachtáil ag Ollscoil Glamorgan. Mhuscail an suim san Bhreatnais nuair a d'fhreastail mé ar cluiche rugbaí i Staid na Mílaoise leath bhlian ó shin agus iad ag canadh Mae hen wlad fy nhadau. Ba mhaith liom tréimhse a chaitheamh thall i gceartlár cultúr saibhir.
Jessica,
I totally agree with you that learning another celtic language is indeed wonderful. I'll get more use out of Welsh than the much trumpeted never used french or spanish since it's only an hours flight away. I'm reallly fascinated by the richness of their culture through choirs,language, rugby. It would make a lot of sense if in the celtic countries a celtic language would be everyones third tongue.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

jessica ní chonchúbhair
Posted on Saturday, November 22, 2003 - 02:43 pm:   Edit Post Print Post

Jonas,
Where did you learn to speak Welsh? It must have been wonderful to be able to speak it where it is native.

Liam,
Ceapann tú go bhfuil sé réasúnta easca chun foghlaim? Thugann sin an misneach dom! Cén ait a bhfuil Ollscoil Glamorgan? Tá an friotal deachar chun leamh! Like, conas a deirfá "Mae hen wlad fy nhadau"?

I also think it would be better if everyone had a teanga celtic as at least one of their languages!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Jonas
Posted on Sunday, November 23, 2003 - 07:38 am:   Edit Post Print Post

I hope no-one minds a broad Kerry-accent here ;-)

Jessica,
D'fhoglaimíos mo chuid Breatnaise i nGwynedd, ceantar fíor-Bhreatnais. Tá an teanga ana-láidir sa cheantar san fós agus bhí sé go h-aoibhinn féin í a chloisint ag óg agus aosta. Bhuaileas le cúpla duine agus gan aon Bhéarla acu! Tá sé furasta ar fad Breatnais a léamh, is féidir le gach aon duine é sin a fhoghlaim go tapaidh. Tá a litriú an-rialta, rud ná féidir a rá mar gheall ar Ghaelainn ná ar Bhéarla. Ní dóigh liom go bhfuil teanga níos fusa le fáil... ;-)

Liam,
An maith leat an cúrsa san? Ní rabhas féin i nGlamorgan, is é an ceantar idir Caernarfon agus Aberyswyth atá aithne agam air. Dheineas féin cúrsa i Nant Gwrtheyrn agus ba mhaith liom go mórmhór é. An rabhais riamh i nGwynedd? Is fearr liom féin áiteanna mar Aberdaron agus Tal y Llyn ach is maith liom Caernarfon leis.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

jessica ní chonchúbhair
Posted on Sunday, November 23, 2003 - 08:31 am:   Edit Post Print Post

Jonas,
Is cumhin liom an chéad uair a bhuail mé le muintir na gealteachta san bhunscoil, agus ní raibh aon mbéarla acu! Chuir sin ionadh orm! Tá níos mo suim agam i foghlaim an Breatnaise anois, agus na rialacha níos easca! Beidh mé ag foghlaim é san ollscoil, ach tá suil agam t-ám de saighas éigean a caitheamh i ceantar fíor-Bhreatnais.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seosamh Mac Muirí
Posted on Sunday, November 23, 2003 - 01:33 pm:   Edit Post Print Post

A Jonais, a chara,

Chuir tú ionadh orm an lá cheana is a rá gur bhraithis deacair í, mar Bhreatnais. Cabhróidh do chuid Gaelainne leat feasta, níl aon amhras orm, óir níl aon bhall lag le feiscint ar do chuid Gaelainne!

Pob hwyl i chi ganndi hi!
(agus maith dom an scríobh).


A Jessica, a chara,

Ba mhaith liom thú a fheiceáil ag tabhairt aghaidh ar an teanga álainn sin in aice láimhe againn, an Bhreatnais, sula dté chuig NUIG leis an nGaeilge agus an Bhreatnais a dhéanamh mar phéire de na hábhair chéad bhliain. Is féidir an Bhreatnais a ghlacadh 'ab initio' - ón tús - mar ábhar sa chéad bhliain in Ollscoil na Gaillimhe.
Caithfidh tú onóracha 2:1 agus 2:2 ar a laghad a bhaint amach sa Ghaeilge agus in ábhar eile sa chéad bhliain le tosú sa dara bliain ar an Léann Ceilteach. Ní féidir an Léann Ceilteach a dhéanamh mar ábhar céad bhliain. Is sa dara bliain amháin a gheobhaidh tú cead isteach ar an gcúrsa. Teilgfidh tú an dá ábhar chéad bhliain de leataobh ansin. Is é sin, na hábhair eile seachas an Ghaeilge nó an Bhreatnais, a rinne tú sa chéad bhliain.

Seo roinnt nithe inspéise duit mar ábhar machnaimh.


Tá an Phaidir le fáil anseo agat:

http://www.christusrex.org/www1/pater/JPN-welsh.html


Ein Tad yn y nefoedd, (Neamh)
sancteiddier dy enw; (ainm)
deled dy deyrnas; (tiarnas)
gwneler dy ewyllys,
ar y ddaear fel yn y nef. (Neamh)
Dyro inni heddiw (inniu brawf)


The Days of the Week
Y dyddiau o'r wythnos

Dydd Llun
Dé Luain

Dydd Mawrth
Dé Máirt

Dydd Mercher
Dé Céadaoin

Dydd Iau
Déardaoin

Dydd Gwener
Dé hAoine

Dydd Sadwrn
Dé Sathairn

Dydd Sul
Dé Domhnaigh



Seolta eile gur fiú cuairt a thabhairt orthu:

http://members.tripod.com/gwybodiadur/news.htm

http://www.aber.ac.uk/~gpcwww/index.html
Tabhair faoi deara 'pryfsgol' = ollscoil.
( brawf)

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seosamh Mac Muirí
Posted on Sunday, November 23, 2003 - 01:44 pm:   Edit Post Print Post

Bhí deacracht leis an bpost thuas agam agus gearradh roinnt den obair orm.

Ein Tad yn y nefoedd, ...
...
deled dy deyrnas;
gwneler dy ewyllys,
ar y ddaear fel yn y nef.


Dyro inni heddiw ein bara beunyddiol, (ár n-arán : ár mbáirín [breac]!)
a maddau inni ein troseddau, (agus maith dúinn ár dtrasnaíl!)
fel yr ym ni wedi maddau i'r rhai a droseddodd yn ein herbyn;
a phaid â'n dwyn i brawf,
ond gwared ni rhag yr Un drwg. (gwared : faire; Un drwg : Aon droch! An Drochdhuine!)

Líne bhreise acusan:
Oherwydd eiddot ti yw'r deyrnas a'r gallu a'r gogoniant am byth. Amen.

(am byth : um bith : ar bith : ar domhan)

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Jessica Ní Chonchúbhair
Posted on Sunday, November 23, 2003 - 02:12 pm:   Edit Post Print Post

Bheaul, go raibh míle maith agut! An cabhrach ar fad arís. Táim ag an noiméad seo ag tabhairt cúirt do na suiomhanna sin. An suimúil ar fad!

I leith an ollscoil, tá fios agam faoi an Leann Ceilteach. Tá mo chuid fiosrúchain deanta. Le haghaidh mo chéad bhliain táim chun (tá suil agam) Seandálíocht, Gaeilge, Breatnaise(a bheith a dheanamh ab initio agam) agus Celtic Civilisations a dhéanamh. Is iad sin cupla de na abhár a deirann siad go bhfuil ag teastáil ionas go mbeidh tú in ann fháil isteach ins an dara bhliain(tá rogha agut idir 6 abhar, ceapaim, a bhfuil bainteach leis an céim ceilticach).

Tá y an coiteanta san teanga Bhreatnaise! Ní fedir liom fanacht!

Go raibh maith agaibh!

jessica

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seosamh Mac Muirí
Posted on Sunday, November 23, 2003 - 04:22 pm:   Edit Post Print Post

A pheid yn aros!
Agus ná fuirigh!
(Agus ná fan)

Tabharfaidh tú na difríochtaí faoi deara de réir a chéile.

An ceann is eol do chách =
Yr un sy'n gwybod i bawb:
P (nó b) in ionad an C :

cách = pawb;
ciall = pwyll;


Tá ceann eile an-choitianta:
Gw (nó w) in ionad an F :

gwr = fear;
gwyr = fir;
gwir = fíor;
gwylan = faoileán;
gwyddpwyll = fiodhchiall > ficheall;
gwlad = tír, cf. flaith srl.

'Mae henwlad fyn hadau i yn annwyl i fi ....'


Ceann eile fós is ea h acusan in ionad s againne:

hil = síol;
hen = sean;
hendref = seanchónaí, cf. hen+tref : Seantreabh (Santry!);
hawdd = éasca, cf. sodh > só;
hafdy = teach samhraidh, cf. haf+ty : samh+teach agus Samh+radh srl.

Tabhair faoi deara
orm,
ort,
air ...

arna i,
arnat ti,
arno fe ...

Mae annwyd arna i =

Tá slaghdán orm,

Mae annwyd arnat ti
... ort,

Mae annwyd arno fe
... air.

Ná fan ach faigh greim ar chúrsa éigin. Tá ceann Linguaphone costasach ach is maith é leis an méid ceart gramadaí srl. Tiocfaidh tú ar theilifís na Breataine Bige in go leor de Chúige Laighean agus roinnt den Mhumhain, measaim.

Hwyl am y tro,
('súil um an dtráth' a shamhlaím leis, bíodh sé ceart nó eile)
= Slán go fóill.
Slán a' drásda!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Jessica Ní Chonchúbhair
Posted on Sunday, November 23, 2003 - 05:30 pm:   Edit Post Print Post

WOW, Tá seo an cabhrach ar fad.

Tá sibh ar fad ag spreagadh mo suim sa teanga níos mo!

go raibh maith agaibh!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Jessica Ní Chonchúbhair
Posted on Tuesday, November 25, 2003 - 11:20 am:   Edit Post Print Post

Rinne mé dearmad ceist a chur faoi conas a deanann siad na marcanna san gcolaiste. Dúirt tú go bhfuil ónoracha 2:2 agua 2:1 le fháil, céard a bhfuil i dtearmaí meanscoile? b1? a2?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seosamh Mac Muirí
Posted on Tuesday, November 25, 2003 - 12:44 pm:   Edit Post Print Post

Níl a fhios agam na pointí creidmheasa a theastódh mar íosmhéid iontrála ar an gcúrsa seo, más 'in í an cheist a bhí ort?

Más míniú na dtéarmaí 2:2 agus 2:1 atá i gceist agat, is deacair freagra cruinn a thabhairt duit mar bíonn a chóras féin ag gach coláiste.

Céad onóracha: 80 - 100%

2:1 : 65 - 79% (céad roinn an dara onóir)

2.2 : 60 - 64% (dara roinn an dara onóir)

Pas: 40 - 59%

Teip: 1 - 39%


Chonaic mé % níos ísle ná iad siúd ar 2:2 agus 2:1. Chonaic mé 70% in ollscoil amháin mar bhunmharc ar chéad onóracha.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Jessica Ní Chonchúbhair
Posted on Tuesday, November 25, 2003 - 06:11 pm:   Edit Post Print Post

Wow, Go raibh maith agaibh! Táim ag dul chuig lá oscailte NUI Galway ar an Máirt seo chugainn!!! Bheidh mé ag taisteal i bhfad, ach tá suil agam go mbainfidh mé taitneamh as.

Táim an buíoch as an cabhair arís

jessica

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Joe
Posted on Wednesday, November 26, 2003 - 09:37 am:   Edit Post Print Post

A Chairde,

I have a couple of questions re Jessica's post above which I'm hoping that somebody will be able to clear up for me.

Jessica, a chara, I sincerely hope that you don't mind me using your post to address these questions, but I'm a new student of Irish and a bit of a grammar nut. I understood perfectly what you said in your post, but I'd just like to query a few items:

Jessica wrote:

"... Táim ag dul chuig lá oscailte NUI Galway ar an Máirt seo chugainn..." Should that not be "Beidh mé ag dul... ar an Mhárta seo chugainn" Beidh mé for future tense of Táim and aspiration following ar an ??

also:

"Táim an buíoch as an cabhair ..." Should that not be "... an-bhuíoch (very grateful) as an chabhair" ??

Please don't think that I'm being finnicky here, but I'd like to get this right in my own mind to make sure that I've understood the grammar I've covered so far from my text book "Now You're Talking".

Go raibh míle maith agaibh.

Joe (the student).

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Jessica Ní Chonchúbhair
Posted on Wednesday, November 26, 2003 - 11:44 am:   Edit Post Print Post

Ah joe, I unfourtuantly amn't the best at the oul irish grammer, I do try!

I dont mind at all! Erm, Márta is a month of the year, not a day of the week. March=Márta. Máirt=Tuesday.

I think táim is okay, but I might be wrong, but that is what I'd say. Beidh mé would be better Irish.

Sheimhú's everywhere! I think that your right regarding bhuíoch and chabhair, but cabhair might get an úrú. gcabhair.

I think that is the one problem i have on here, i speak much better Irish than I write/spell.

Hope someone can correct it for you!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Larry
Posted on Wednesday, November 26, 2003 - 01:08 pm:   Edit Post Print Post

as an chabhair or as an gcabhair. Both forms are correct.

Le meas,

Larry.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Jonas
Posted on Wednesday, November 26, 2003 - 04:49 pm:   Edit Post Print Post

So they are. Not according to strict Irish grammar, but as everyone knows I've been a persistent fighter for the Munster features and I would never deny Ulster the same right ;-)

"as an gcabhair" is Standard Irish, Munster Irish and Connacht Irish.

"as an chabhair" is Ulster Irish (though I very much doubt an Ulsterman would use the word "cabhair"...)

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Cluas Bodhar
Posted on Thursday, November 27, 2003 - 12:00 am:   Edit Post Print Post

Míbhuntáist amháin maidir le Gaoluinn na Mumhan, déarfainn. Nach bhfuil "as an gcabhair" díreach cosúil le "as an gabhar" ??

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Jonas
Posted on Thursday, November 27, 2003 - 03:40 am:   Edit Post Print Post

Níl, tá difríochtaí ann.
1. Tá r caol i "cabhair" ach r leathan i "gabhar".
2. Ní féidir "an an gabhar" a rá, caithfidh "as an ngabhar" a rá ina áit.

as an gcabhair = [as @ gaur´]
as an ngabhar = [as @ ngaur]

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Joe
Posted on Friday, November 28, 2003 - 01:43 pm:   Edit Post Print Post

A chairde,

I'd like to thank everybody for their replies to my query. Your answers are both welcome and informative.

Go raibh maith agaibh, a chairde.

Joe.

Add Your Message Here
Posting is currently disabled in this topic. Contact your discussion moderator for more information.


©Daltaí na Gaeilge