Author |
Message |
Seán Mac Gartlan
| Posted on Tuesday, October 21, 2003 - 08:09 am: |
|
A chairde, Bhí an tÉireannach Aontaithe, Tomás Ruiséil, i ngéibheann thall in Albain nuair a bhí Éirí Amach na bliana 1798 ar siúl. Ach, nuair a scaoileadh saor ón phríosún i 1802, chuaigh láithreach i mbun atheagrú d'éirí amach eile i gcomhar le Robert Emmett agus thit an Éirí sin as a chéile agus gabhadh iad. Glacadh an Rúiseileach go Dún Pádraig agus cuireadh chun báis é ag geata an phríosún i nDún Pádraig ag na Sasanaigh ar 12.00 ar 21 Meán Fomhair 1803 - an lá seo dhá chéad bliain ó shin. Ba é duine de na laochra ba thabhachta i stair na hÉireann. Seán |
|
Fear na mBróg
| Posted on Sunday, February 15, 2004 - 07:48 pm: |
|
Cén fath go nglaonn tú "An tÉireannach Aontaithe" air!? -Fear na mBróg |
|
Aonghus
| Posted on Monday, February 16, 2004 - 11:14 am: |
|
United Irishman - bhí baint aige leo! |
|
Fear na mBróg
| Posted on Monday, February 16, 2004 - 02:25 pm: |
|
Aontaithe le Cad? Leis fein!? -Fear na mBróg |
|
Criostoíir Ó Brannagáin
| Posted on Monday, February 16, 2004 - 08:59 pm: |
|
Leis na hÉireannaí Aontaithe eile, ar ndoigh ! |
|
Aonghus
| Posted on Tuesday, February 17, 2004 - 07:35 am: |
|
|
|
Fear na mBróg
| Posted on Tuesday, February 17, 2004 - 09:54 am: |
|
Sé atá á rá agam ná nach féidir le duine amháin bheith aontaithe! Thuigfinn "Na hÉireannaigh Aontaithe" mar ainm slua ach is dúr "An tÉireannach Aontaithe" a ghlaoch ar fhear amháin. Tá sé móiréasach freisin. -Fear na mBróg |
|
Aonghus
| Posted on Tuesday, February 17, 2004 - 11:02 am: |
|
|
|
Stiofan OSuilleabhain
| Posted on Wednesday, February 25, 2004 - 09:14 pm: |
|
Go raibh maith agat a Sheain as ucht an t-eolas sin faoi Tomas Ruiseil. Fir (agus mna dar ndoigh) an-thabhtacht a bhi na hEireannaigh Aontaithe i gcotheacs staire na hEireann. Ach....mar an g-ceanna le 'Fear na mbrog' fuair mise mo chuid scoiliocht in Eireann. Caithfidh me a ra nach cuimhin liomsa na ceachtanna staire faoi Tomas Ruiseil. Ach, feicim anois go bhfuil cailuil ag baint leis. Ta me an-bhuioch duit. |
|
Seán Mac Gartlan
| Posted on Tuesday, May 04, 2004 - 07:55 am: |
|
Go ndéanna mhaith dhuit a Stíofain faoi choinne an eolais sin. I mo thuairmse, seasann Tomás Ruiséil i measc fáthaigh stair na h-Éireann ach níl a fhios agam an fáth nach bhfuiltear ag teagasc staire agus fíricí mar sin do dháltaí in Éirinn. Mar an gceanna, is ar éigin iomrá ar bith fá dhaoine mar Pádraig Mac Piarais agus chan amháin ins na scoileanna ach ar fud na sochaí. An amhlaidh go bhfuil náire orthu nó thiocfadh leis a bheith go measeann siad go bhfuil an scéal ró-chonspóideach? B'fhéidir go bhfuil sé an bheirt acu! B'fhéidir gur mhaith leat cúpla fíricí eile a fháil amach fá dtaobh de, mar shampla, le hEmmet i bpríosún phill Ruiséil ar Bhaile Átha Cliath le feiceáil arbh fhéidir éalú a eagrú. Gabhadh é féin, áfach, ar 9 Meán Fomhair. Glacadh an Ruiséileach ar a thuras deireannach ó thuaidh go Dún Pádraig, le garda láidir saighdiúirí de mhaarcsshlua speisialta agus 600 ceithearnach ag tábhairt áire dó. Bhí 1000 saighdiúir lonnaithe i nDún Pádraig le garda a thabhairt dó ann, fíric a ríonn an scanradh a chuir an fear seo ar Rialtas na Breatnaine. Ádh mór Seán |
|
An Ghrainneog
| Posted on Thursday, May 27, 2004 - 05:06 pm: |
|
B'fhéidir go raibh sé ina phíolóta le United... (OK, OK, ar nós Fear na mBróg, níl mé ach ag déanamh trioblóid anseo... Tá mé ag imeacht.) An Ghrainneog ;) |
|
Fear na mBróg
| Posted on Friday, May 28, 2004 - 07:19 am: |
|
A Ghrainneoig, Ar mo nós-sa?! Ní rabhas-sa ag déanamh trioblóide! Ag caint 's ag ceistiú a rabhas! |
|
An Ghrainneog
| Posted on Thursday, June 10, 2004 - 03:25 pm: |
|
Bhíos, gan amhras, a Fhear na mBróg, a chara. Áfach, le do theanga go dteann i do leiceann. An Ghrainneog |
|
|