Author |
Message |
Seosamh Mac Muirí
| Posted on Sunday, October 19, 2003 - 04:13 pm: |
|
http://www.ucc.ie/chronicon/nigh2fra.htm Alt an-fhiúntach Béarla ag an seoladh sin le Gillian Ní Ghabhann. Faoi eagrán 2, 1998: 'The Gaelic Revival in the US in the nineteenth century' le Gillian Ní Ghabhann |
|
Caitriona Ní Gháirbhí
| Posted on Sunday, October 26, 2003 - 07:03 am: |
|
A Sheosaimh, a chara, Léigh mé an t-alt san le Gillian Ní Ghabhann,agus tá sé an-spéisiúil. Beidh mé á scrúdú níos doimhne ar ball. Is dóigh liom gur léigh me cheana in áit éigean go raibh duine des na cailíní ins na trialacha san i Salem Masachussets ag labhairt i nGaeilge agus gur cheap lucht dlí go raibh sí ag labhairt i dteanga an diabhail agus mar sin gur witch í! (Níl aon fhocal Gaeilge sa bhfoclóir agam do "witch"). Críona |
|
Seosamh
| Posted on Sunday, October 26, 2003 - 05:24 pm: |
|
Go raibh maith agat, a Sheosaimh. Alt suimiúil atá ann. Rith mé tríd go tapa ach rachfaidh mé ar ais ann. Nior thug mé faoi deara an t-alt a scríobh John Ridge faoin teanga i gceantar Nua-Eabhraic a bheith luaite ag an údar. Ní cuimhin liom an teideal ach tá sé le fáil insan leabhar _The Irish in New York_ (agus curtha in athchló fosta i leabhar faoi theangacha Nua-Eabhraic). Rinne Ridge meastúchán íseal ar líon na gcainteoirí i lar na haoise (27% sílim) ach luaigh sé céatadán níos airde in alt a scríobh sé ní ba dhéanaí do nuachtlitir "An Teanga Mharthanach". Rinne sé cur síos ansin ar cháipéisí de chuid cumann misinéireachta Prostastúnaigh a bhí ag iarraidh na hÉireannaigh a mhealladh ón chreideamh Chaitliceach. Mheas siadsan go raibh an Ghaeilge ag 50% dena hÉireannaigh i lár an naoú haois déag. |
|
|