mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Archive: 1999-2004 » 1999-2004 (Irish Only) » Scéal greannmhar « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Nicole
Posted on Friday, October 10, 2003 - 07:11 am:   Edit Post Print Post

A chairde,

Bhíos ag smaoineamh ar rud a dúirt Jonas ar an suíomh seo cúpla lá ó shin, mar gheall ar an dheachracht a bheadh ann an Fhionnais agus an Béarla a mheascadh suas, toisc go bhfuil siad chomh difriúíl. Chuir sé i gcuimhne dom scéal greannmhar faoi rud a tharla domsa nuair a bhíos ag múineadh na Gaeilge do thosaitheoirí sna S.A.M. (blianta ó shin). B’fhéidir go mbainfidh sibh go léir taitneamh as. Bhí cailín i mbunrang agam a bhí ag déanamh staidéir ar an Rúisis chomh maith leis an nGaeilge, agus de gnáth thagadh sí díreach ón rang Rúisigh go dtí an rang Ghaeilge. Bhuel, tháinig sí isteach lá amháin, agus bhí a fhios agam go raibh sí tar éis fliú a bheith uirthi, is mar sin, chuir mé an céist uirthi i nGaeilge. “An bhfuil tú slán anois?”. D’fhéach sí orm agus a súile chomh móra, faoi mar a bheinn as mo mheabhair…..agus dúirt sí liom as Béarla, “Am I an elephant?!??”

Ó thaobh go bhfuil roinnt Rúisigh agamsa chomh maith, bhíos in ann an botún a bhí déanta aici a thuiscint go deas tapaigh: Tá focal Rúisigh ann : COH [SLON] (le fhuaim cosúil leis an bhfocal ‘sloan’ i mBéarla) – a chiaillian ‘eilifint’, agus toisc go raibh sí fós ag smaoineamh as Rúisis, chuala sí ‘COH’ in aice ‘slán’. Bhaineamar an bheirt againn an-taithneamh as an botún….agus mise ag gáire faoi go fóill!

le meas,
Nicole

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

S. Nic Rabhartaigh
Posted on Friday, October 10, 2003 - 03:41 pm:   Edit Post Print Post

Scéal deas atá insithe agat, a Nicole. Go raibh maith agat.
Tá scéal eile agam daoibh faoin dóigh a dtiocfadh le daoine focal a mheascadh suas le focal eile sa Ghaeilge. Nuair a bhí mé thart ar seacht mbliana d'aois agus ag fréastáil ar an Scoil Náisiúnta i dTír Chonaill, is maith is cuimhin liom go raibh an múinteoir ag múineadh gramadaí lá amháin, an Aimsir Gnáth Láithreach a bhí i gceist an lá áirithe sin. Bhuel bhí ar achan duine a cuid/chuid gníomhachtaí i rith an lae a insint don rang. In ionad "Ithim mo lóin ag 12.30i.n. gach lá," dúirt cailín amháin, " Ag 1eath i ndiaidh a do dhéag gach lá, ithim mo thóin." Thosaigh an rang uilig ag gáire. Ní raibh an múinteoir abálta a h-anáil a tharraingt ar féadh cúig bomaite ar a laghd, bhí sí ag gáire an méid sin. Nuair a smaoiním ar an eachtra sin anois 28 bliana níos maille, tosnaím ag gáire arís.
Beir bua agus beannacht,
Seosaimhín

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seán Mac Gartlan
Posted on Wednesday, October 15, 2003 - 08:22 am:   Edit Post Print Post

Ba mhaith liom a chur in iúl mo bhuíochas don bheirt agaibh cionn is go raibh mé ag gáire gan stad nuair a léigh mé na scéalta seo go mór mhór an darna ceann. Chuir sé i gcuimhne domhsa den scéal a chuala cúpla bliain ó shin fán dálta seo as Meiriceá a raibh abhus anseo in Éirinn agus é ag foghlaim na Gaeilge i dTír Chonaill i rith an tSamhraidh. Dúradh leis gurbh an focal ceart do "cake" as Gaeilge ná "cáca". Maith go leor. Anois, níl a fhios agam cad é faoin spéir a tharla dó - thiocfadh leis a bheith nár chuala sé an focal go ceart ach tá a fhios againn uilig cé chomh tábhachtach is atá sé an gúta deireanach sin a rá! Ar scor ar bith, bhí an fear seo ag freastal ar Oíche Caidrimh agus rogha gach bia agus tae gach dí a bhí ann. Ar an drochuair, chualathas an creatúr bocht seo ag gábhail thárt fán áit ag rá le daoine " Ba mhaith liom cac le do thóil" agus " Is maith liom cac"! De réir cosúlachta, thit achan dhuine thárt ag gáire go dtí gur mhínigh duine inteacht an difríocht idir "cáca" agus "cac" dó!!

Sin a bhfuil agam!

Seán

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fear na mBróg
Posted on Sunday, February 15, 2004 - 07:56 pm:   Edit Post Print Post

Rud ait gur cheap mise i gcónaí ná gurb é "Francach" an focal Gaeilge do "french person" ach chomh maith leis sin, 'sé an Ghaeilge do "rat".

-Fear na mBróg

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

conchubhar
Posted on Friday, March 26, 2004 - 09:23 pm:   Edit Post Print Post

Lucha francacha a bhi orthu ar dtús mar gur tháinig siad go hÉirinn ar na longa.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fear na mBróg
Posted on Saturday, March 27, 2004 - 07:38 am:   Edit Post Print Post

Suimiúil, ach céard faoi anois! Táimid go fóill á ghlaoch orthu.

Add Your Message Here
Posting is currently disabled in this topic. Contact your discussion moderator for more information.


©Daltaí na Gaeilge