Author |
Message |
Liam Mac Giodaire
| Posted on Friday, October 10, 2003 - 12:11 am: |
|
A chairde, Tionólfaidh Daltaí na Gaeilge ár nDeireadh Seachtaine Gaeilge, 7ú - 9ú de Shamhain 2003 i nJamison, Coill Phenn. Tá súil againn go bhfeicfidh muid ansin sibh. Tá Faisnéis Ghinearálta, Eolas an Bhealaigh agus Foirm Chláraithe ar fáil tríd an nasc thíos: http://www.daltai.com/events/nov03.htm Slán agus beannacht, Daltaí na Gaeilge |
|
Seosamh Mac Muirí
| Posted on Saturday, October 18, 2003 - 10:40 am: |
|
Molann an obair an dream. An-obair. |
|
Caitríona Ní Gháirbhí
| Posted on Wednesday, October 29, 2003 - 04:44 pm: |
|
A Liam, d'aimsigh mé an nasc úd agus traosluím go mór libh faoin gclár. Bheinn féin ann da n-aistreófaí Pennsylvania soir pas beag go dtí an tír seo, Éire! Ach bhí seachtain Ghaeilge dár gcuid féin againn ag Dáil Thuamhan i Luimneach an deire seachtaine seo caite. Bhí idir bhandéithe, síoga, Tuatha De Danainn, béaloideas, agus filíocht agus prós nua-aimseartha i nGaeilge faoi chaibidil againn. Bhaineas an-taitneamh ar fad as na h-imeachtaí ag an gcéad Dáil san. Go mairidh tú Caitríona |
|
|