Author |
Message |
Jonas
| Posted on Friday, October 03, 2003 - 04:55 pm: |
|
Tá Séamus Begley i Helsinki fé láthair! Caithfead a rá gur maith liom a cheol go mór-mhór, go h-áirithe nuair atá sé ag gabhail amhráin. (Is fearr liom "Bruach na Carraige Báine). Bhuaileas leis inniu, fear mór is ea é, ach ní rabhamair ag caint fada mar bhí air sound-check a dhéanamh agus bhí orm bualadh le cailín. Bhuel, níor mhiste liom bualadh léi... ;-) Pé scéal é, bhí sé ana-dheas bualadh leis agus Gaelainn a labhairt aríst. Is dócha go bhfuil seans níos fearr í a úsáid sna SAM (agus in Éirinn, dar ndóigh) ach san Fhionlainn... An bhfuil ceol Bhegley cloiste agaibh? Mura bhfuil, ceannaíg é! |
|
Paul
| Posted on Saturday, October 04, 2003 - 10:32 am: |
|
A Jonas, a chara, Bhí sé go hiontach go raibh deis agat Séamus Begley a chloisteáil. Tá guth álainn croíúil aige gan dabht. Cúpla blian ó shin, bhí Séamus ar an gclár Ardán ar TG4 mar aoi le beirt fear eile, ag canadh acapella as Gaeilge. An t-ainm a bhí orthú? “The Three Fivers.” Slán tamall, Paul |
|
|