Author |
Message |
PON
| Posted on Tuesday, September 23, 2003 - 07:14 am: |
|
Dia dhaoibh, Cad is brí go díreach le 'Beir bua'. Tá a fhios agam gur beannacht éigin é ach nílim chinnte cad a chiallíonn sé go díreach. Go raibh maith agaibh. |
|
Toma/s
| Posted on Tuesday, September 23, 2003 - 08:54 am: |
|
The English equivalent would be "Sincerely yours." Literally, of course, it means "To Bring Gifts." The full salutation is usually "Beir bua is beannacht," meaning figuratively "Bringing/Sending [you] gifts and blessings." Hope this helps. -- Toma/s |
|
Toma/s
| Posted on Tuesday, September 23, 2003 - 08:56 am: |
|
Gabhaigi/ mo leithsce/al, a chairde. Rinne me/ dearmad an teachtaire deireanach sin a phost as Gaeilge. -- Toma/s |
|
Aonghus
| Posted on Tuesday, September 23, 2003 - 09:08 am: |
|
ón bhfoclóir beag bua [ainmfhocal firinscneach den cheathrú díochlaonadh] an ceann is fearr i gcomórtas nó in iarracht (bua a fháil); tabharthas ó Dhia (bua cainte, bua ceoil); maitheas, fiúntas (bua dá bhfuil ag an léann); cáilíocht ar leith (cloch bhua). An brí a bhain mise as beir bua i gconaí ná "go n-eirí leat", go hairithe ós rud é go bhfuil an brí "buachan" ag dul le "beir" freisin, fch: Is foirm de breith atá beir. breith [ainm briathartha][ainmfhocal baininscneach den dara díochlaonadh] tabhairt nó teacht ar an saol (rugadh leanbh di; lá breithe) tabhairt mar thoradh (ubh a bhreith); iompar chun siúil (beir leat é sin); greim a fháil ar, teacht suas le (beir greim air, ní bhéarfaidh sé anois orainn); buachan (rug sé an chraobh leis); dul (beir leat abhaile); druidim le (ag breith suas ar a trí). |
|
Oliver Grennan
| Posted on Tuesday, September 23, 2003 - 03:35 pm: |
|
Rith an smaoineamh céanna liomsa, a Aonghuis. Shíl mé go raibh duine ag rá "beir ar bua" (get a victory). |
|
Aonghus
| Posted on Wednesday, September 24, 2003 - 04:33 am: |
|
Ciallaíonn "Beir bua" "bain bua amach", níl gá leis an "ar" Beir bua agus beannacht gnáth slí le deireadh a chuir le litir |
|
PON
| Posted on Wednesday, September 24, 2003 - 05:03 am: |
|
Go raibh maith agaibh. Tá an t-eolas sin an usáideach. Le meas, Pádraigín |
|
Dennis
| Posted on Wednesday, September 24, 2003 - 11:48 am: |
|
Is minic a deir Pádraig Naofa "Atrae búaid ocus bennachtain!" in "Agallamh na Seanóirí", ní le slán a chur le daoine, ach nuair a bhuaileann sé leo. Ón nath sin a tháinig "beir bua agus beannacht", is dócha. |
|
KatieO'Connor (Unregistered Guest)
Unregistered guest
| Posted on Sunday, September 12, 2004 - 08:58 pm: |
|
what does "Beir bua le Gaeilge" mean? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 133 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, September 13, 2004 - 04:44 am: |
|
Achieve victory with Irish. |
|
|