Author |
Message |
Caitríona Ni Gháirbhí
| Posted on Sunday, September 14, 2003 - 05:47 pm: |
|
Móra dhíbh a cháirde, Léigh mé leabhar íontach suimiúil le déanaí. Bé sin "An Bealach Chun A' Bhearnais" le Tarlach Ó hUid. Foillsíodh é i 1949 agus deirtear liom go bhfuil sé as chló anois. Baineann an leabhar le fear gorm de bhunadh Thír Chonaill, (Dún Na nGall) a bhí ar thóir a dhúchais. Féach ortha seo mar fhocail thosaigh an leabhair: "Long ina shuí gan lúth i lár na farraige: dúlagán i bhfásach mhór-fhairsing na nduibheagán". Tá mé ag iarraidh teacht ar chóip den leabhar le ceannach dom féin. Fuair mé an leabhar atá agam ar iasacht agus caithfidh mé é a thabhairt ar ais. Bhfuil fhios ag duine ar bith cá dtiocfainn ar chóip den leabhar san, le bhúr dtoil. Nach íontach amach is amach teanga bheo na Gaolainne seo. Caitríona |
|
Seosamh Mac Muirí
| Posted on Tuesday, September 16, 2003 - 06:26 am: |
|
Is iontach an scéal é ceart go leor a Chaitríona, an tslí a ritheann sé leis an léitheoir de réir a chéile nach den chneas bán é fear an scéil. Nár cheart an scéal seo a bhronnadh ar roinnt de na hinmircigh seo chugainn isteach lena spreagadh sa Ghaeilge? Ba aisteach an mothú a ritheadh tríothu nuair a bhraithfidís an scéal ag casadh ina dtreo. Thána ar an suíomh so a leanas, i dTír Chonaill, mar eolas ar Tharlach Ó hUid: http://www.searcs-web.com/ohuid.html Níl cóip agam féin a Chaitríona agus is achar maith ó léas cheana é. Bhí leagan den scéal i seanleabhar scoile sna seachtódaí, is cuimhin liom. (Tá sin agam ach níl sé in aice láimhe agam anseo.) |
|
Caitriona Ní Gháirbhí
| Posted on Wednesday, September 24, 2003 - 02:40 pm: |
|
A Sheosamh, Léigh me an dá leabhar, "Ar Thóir mo Shealbha" agus "An Bealach Chun A' Bhearnais" agus thángas ar an tsuíomh a mholais, go raibh maith agat. Is cúis íontais dom conas a fhéadfadh Tarlach Ó hUid, a tógadh in a Phrotastúnach i Sasana, cúl a thabhairt don oiliúint a fuair sé ón gcliabhán agus athrú go hiomlán in a ghníomhaí láidir don IRA. Ach nach aoibheann gur thug sé an Ghaeilge chomh galánta san leis. Ach is dóigh nach amháin tré shúilibh an chait a bhriseann an dúchas. Is dócha go leanfaidh mé ar aghaidh ag cuardach cóip den leabhar san mar is seód ceart é. Caitríona |
|
|