Author |
Message |
Bernie Uí Bhreathnach
| Posted on Sunday, September 14, 2003 - 05:36 pm: |
|
An bhfaca éinne an clár sin "Gleann Fhinne Mo Ghleann" ar TG4 anocht? Caidé shíl sibh de? Bhí sé spéisiúil agamsa mar go raibh aithne agam ar a lán de na daoine a bhí ann ach ba mhaith liom tuairimí eile a chloisteáil. Bernie |
|
Seosamh Mac Muirí
| Posted on Tuesday, September 16, 2003 - 05:23 am: |
|
Ní fhaca mé ach giota gearr de arú aréir, a Bhernie, ach ar amharaí an tsaoil, chonaic mé an chuid is mó den athchraoladh aréir. Bhí sé go deas agus rud ba thábhachtaí ná sin, bhéarfadh sé misneach do dhuine. Is iontach an rud an chaint. Nuair nach mbítear ag caint faoi áit, sin deireadh leis. A fhad is go bhfuiltear ag machnamh is ag cur is ag cúiteamh faoi cheantar agus faoin phobal, beidh deis ann na cúinsí a fheabhsú. Mheabhraigh an clár domh nár chuala mé le blianta cheana iad ar an teilifís. Tá áiteanna eile mar sin in Éirinn nach dtugann an teilifís aird orthu. Is cosúil go bhfuil siad dall ar na ceantracha sin. Mothaím a nglór anois is arís ar Raidió na Gaeltachta ceart go leor, an t-aon seirbhís cheart atá fanta ag muintir na Gaeltachta. Is mór an cuidiú thairis sin, scoth na Gaeilge a bheith ag lucht na cainte, mar a bhíos ag muintir Ghleann Fhinne i dtólamh. Gura fada buan amhlaidh iad. |
|
Jonas
| Posted on Tuesday, September 16, 2003 - 01:30 pm: |
|
Is spéisiúil é seo mar tá suim agam i nGleann Fhinne. Bhuel, ceart go leor, tá suim agam i ngach aon áit ina labhrtar Gaelainn ;-) Pé scéal é, níl mórán eolais agam mar gheall ar stad na teangan ansan. An bhfuil sí chomh láidir agus atá sí i nGaoth Dobhair? |
|
Seosamh Mac Muirí
| Posted on Tuesday, September 16, 2003 - 02:43 pm: |
|
|
|
Chris
| Posted on Friday, September 19, 2003 - 10:11 pm: |
|
Dia duit a chairde, Tá an gaoth ag seideamh anocht, nach bhfuil ? Thit crann anuas ar gcúl mo theach, agus is ar éigean nár thit sé ar an dteach féin. Ba mhaith liom mo chuid Gaeilge a fheabhsú ar an idirlíon. Éistim ar Radio na Gaeltachta uaireanta, ach níl mé in ann é a thiscint ro-mhaith, toisc nach bhfuil mo chuid Gaeilge go maith go fóill. An bhfuil fhios ag aon duine, an bhfuil láithreán ar bith as an idirlíon, nuair a bhionn tú in ann ceachtanna Gaeilge a cloisteáil (le fuaim) ? Go raibh maith agat, Chris |
|
Caitriona Ní Gháirbhí
| Posted on Wednesday, September 24, 2003 - 02:22 pm: |
|
A Sheosamh, a chara, D'aimsigh mé cuid des na suímh a luais. Tá siad thar cinn. Thaitn na scéilíní go mór liom. Sén rud is trua liom anois nach féidir liom níos mó a fhoghlaim faoi shanasaíocht na bhfocal. Chuireas an-spéis ins na giotaí a bhí san ionad seo thuas. Go raibh maith agat. Caitríona |
|
Seosamh Mac Muirí
| Posted on Thursday, September 25, 2003 - 03:27 am: |
|
A Chris, a chara, Gabh mo leithscéal faoin mhoill. Gheobhaidh tú suíomhanna go leor anseo ag 'Gaeilge ar an Ghréasán': http://www.smo.uhi.ac.uk/gaeilge/foghlaim/ Tá a oiread Gaeilge agat cheana féin agus nach eagal liom duit. Is dóigh liom go dtiocfaidh an tuiscint do chláracha Raidió na Gaeltachta de réir a chéile, má fhaigheann tú an deis éisteacht sách minic leis. Deir lucht saineolais linn go gcaithfidh an foghlaimeoir fásta (os cionn 14 bl. d'aois!) focal nua a fheiceáil agus a thuiscint ag an am céanna 19 n-uaire, sula ngreanfar isteach sa chuimhne é! Caithfimid glacadh leis gur tábhachtach an léamh i gcúrsaí foghlama mar sin. Ádh mór. |
|
Oliver Grennan
| Posted on Thursday, September 25, 2003 - 09:34 pm: |
|
19 n-uaire? Tá dóchas againn go léir mar sin! |
|
Caitríona Ni Gháirbhí
| Posted on Sunday, October 05, 2003 - 06:12 am: |
|
Dia dhuit, a Oliver, Tá dóchas againn go léir mar a dubhrais. Níl le déanamh ach luí isteach air. Leide beag eile - más féidir éisteacht le sliocht as Gaeilge, ansin é scríobh, agus é a léamh, seasfaidh sé sa mheabhair. Dá mhéid des na céadfaí is féidir a úsáid san fhoghluim sea is fearr. Is fíor san ó thaobh síceolaíochta is ó thaobh an oideachais de. Rud eile, is fearr ní a fhoghluim agus a aithris faoi dhó, faoi thrí nó faoi cheathair gach lá ná beagnach aon rud eile. Fanfaidh an fhoghluim níos fearr mar sin. Ádh mór ort Caitríona |
|
S. Nic Rabhartaigh
| Posted on Friday, October 10, 2003 - 04:04 pm: |
|
A Sheosaimh, a chara, Míle buíochas os ucht na suíomh thuas luaite agat. Is minic a smaoiním ar Ghleann Fhinne, tá sé i mo thaobh-se dén tír, mar is eol duit. Bhí mé ann cúpla uair agus mé i mo mhacléinn. Ba bhreá liom dul i dtéagmháil le muintir na háite arís. Tá mé ag múineadh Gaeilge anois san Ollscoil (UWM) i Milwaukee. Rang tosaitheoirí atá agam agus tá 26 daoine i mo rang agus an-chuid spéis acu sa Ghaeilge. An bhfuil Coláiste Samhraidh ar bith acu i nGleann Fhinne? Tá mise imithe an méid sin ama ón tír nach bhfuil mé "au fait" leis na himeachtaí ar fad atá ar siúl sa bhaile maidir leis an teanga de. Bhí an Ghaeilge faoi scamall dorcha nuair a chríochnaigh mé mo chéim in '89. Ach caithfidh mé a insint duit go bhfuil fearín beag s'againne abálta a Mhámaí a thuigmheáil nuair a labhraíonn sí leis i nGaeilge. Chuirfeadh sé loinnir ar do chroí é a fheiceáil ag oscail a bhéal fá choinne bidh agus ag siúl chugam nuair a scairtím air. Beir bua agus beannacht, a Sheosaimh, táimid ag déanamh ár ndícheall ar son na Gaeilge anseo i Milwaukee! Go n-éirí libh i Luimneach, tá sé cloiste agam go bhfuil ré nua ag tosnú don Ghaeilge sa Chólaiste. Seosaimhín |
|
Seosamh Mac Muirí
| Posted on Saturday, October 11, 2003 - 09:31 am: |
|
>>Gleann Fhinne, tá sé i mo thaobh-se dén tír, .. Is fíor duit a Sheosaimhín, is gairide Ros Neamhlach agus Gleann Fhinne anois, an cuarbhealach a bheith thart ar Bhaile Dhún na nGall. Is deas an turas lá ar bith anois é, a bheith ag scuabadh aneas trí chluainte ghlasa Thír Aoidh agus isteach ar an Bhearnas Mhór. >>Bhí mé ann cúpla uair agus mé i mo mhacléinn. Agus b'fhearrde thú sin, tá mé cinnte. >>Ba bhreá liom dul i dtéagmháil le muintir na háite arís. Tá mé a dhéanamh go mbeadh gach scéala na háite dá úire ag Bernie Uí Bhreathnach thuas. >>Tá mé ag múineadh Gaeilge anois san Ollscoil (UWM) i Milwaukee. Is maith sin. Roinnfidh tú idir amhráin bhreátha agus Gaeilg bhlasta leo, is cinnte. >>Rang tosaitheoirí atá agam agus tá 26 daoine i mo rang agus an-chuid spéis acu sa Ghaeilge. Is mór an mhaith. Líon a bheir misneach do dhuine. >>An bhfuil Coláiste Samhraidh ar bith acu i nGleann Fhinne? Bíonn seachtain amháin ar bun ag Oideas Gael sa tsamhradh. Thúsaigh coláiste samhraidh do dhéagóirí le scathamh de bhlianta anuas ach bhí deacracht maoine acu ó anuraidh i ngeall ar ghnóthaí taistil, sílim. Is é mo mheas, fós féin, go mbeidh gnóthaí na Gaeilge ag bláthú fá Ghleann Fhinne feasta. Sílim go bhfuil na hacmhainní daonna san áit, an Ghaeilg iontach láidir, an tuigbheáil go bhfuil sí láidir, chomh maith le háilleacht tíre agus tithe cóiriste go breá ann. >>Bhí an Ghaeilge faoi scamall dorcha nuair a chríochnaigh mé mo chéim in '89. Is dóigh liom nach dtuigeann líon mór den dream óg atá ag cuimhneamh anois ar phost san am atá le theacht, go bhfuil an-deiseanna fostaíochta ar ghort an bhaile acu. Ní sa mhúinteoireacht amháin a bheas na postanna sin. >>Ach caithfidh mé a insint duit go bhfuil fearín beag s'againne abálta a Mhámaí a thuigmheáil nuair a labhraíonn sí leis i nGaeilge. Chuirfeadh sé loinnir ar do chroí é a fheiceáil ag oscail a bhéal fá choinne bidh agus ag siúl chugam nuair a scairtím air. Go raibh fada buan sibh go léir agus go raibh maith agat as dea-scéala Ghael óg Milwaukee a bheith tosaithe le taithí na teangan. >>táimid ag déanamh ár ndícheall ar son na Gaeilge anseo i Milwaukee! Tá mé cinnte go bhfuil. >>Go n-éirí libh i Luimneach, tá sé cloiste agam go bhfuil ré nua ag tosnú don Ghaeilge sa Chólaiste. Thosaigh cineál glasnost Gaeilge beagán beag blianta ó shoin, ceart go leor. Chonaic sinn tús na comharthaíochta Gaeilge sa phríomhfhoirgneamh an samhradh seo. Leathnófar an chomharthaíocht dátheanga sin sciobtha go leor. Béarla amháin a bhí ann. Tionólfar an chéad Dáil Thuamhan in óstán an Kilmurry Lodge fá chionn coicíse, tionól a eagraíodh idir an dá institiúid, Roinn na Gaeilge, Coláiste Mhuire gan Smál agus Rannóg na Gaeilge abhus. D'fhreastail breis is 100 anuraidh ar chúrsaí éagsúla Gaeilge don phobal lasmuigh agus laistigh den ollscoil. Níl mé ag áireamh mic léinn acadúla na Gaeilge sa mhéid sin. Bhí suas is anuas le 29 mac léinn chugainn a ghlac leis an Ghaeilg mar ábhar sa chéad bhliain roinnt seachtainí ó shoin. Bheinn ag dréim lena gcoilleáilt. Inseoidh an aimsir. |
|
Seosamh Mac Muirí
| Posted on Saturday, October 11, 2003 - 09:44 am: |
|
lena gcoinneáilt. ! Meancóg foghraíochta as Gaeilg Íochtar Chonnacht, nó meancóg Freudach, go bhfóire Dia orainn! |
|
S. Nic Rabhartaigh
| Posted on Sunday, October 12, 2003 - 03:49 pm: |
|
Go raibh míle maith agat a Sheosaimh os ucht an freagra fada seo. Fuair mé do theachtaireacht ar maidin fósta. Beidh mé i dtéagmháil leat. Slán go fóill, Seosaimhín |
|
Caitríona Ni Gháirbhí
| Posted on Sunday, October 26, 2003 - 07:20 am: |
|
A Sheosaimhín, a chara, Is rí-aoibheann liom an Ghaeilge a bheith chun cinn i Milwaukee agus an rang mór sin atá agat féin, bail ó Dhia ort. Bhuaileas le macléinn ó Ollscoil Wisconsin thuas i nGleann Cholmcille i Mí Iúil seo caite. Bhí ana chuid Gaeilge aici agus í íontach dúthrachtach ag foghluim na Gaeilge. Chuir sé gliondar croí agus árdú meanmain orm bualadh léi. Le hárd mheas Caitríona |
|
|